Athaistriú Achta ó Bhlianta Tosaigh an Stáit

Eoin Ó Droighneáin
Topaic(í): 

Réamhrá

San alt seo féachtar le scrúdú achomair a dhéanamh ar dhá leagan Gaeilge d’Acht de chuid an Oireachtais – an Tiontú Oifigiúil den Spanish Civil War (Non-Intervention) Act, 1937 faoi mar a foilsíodh é beagnach ceithre scór bliain ó shin ar láimh amháin, agus ar an láimh eile aistriúchán comhaimseartha atá bunaithe ar na tuiscintí is déanaí ar an gCaighdeán Oifigiúil agus ar nósmhaireachtaí aistriúcháin reatha Rannóg an Aistriúcháin, Oifig Thithe an Oireachtais.  Déanfar tráchtaireacht ar chúig cinn déag de na pointí aistriúcháin agus teanga is spéisiúla a thagann chun cinn nuair a scrúdaítear an dá spriocthéacs agus tabharfar spléachadh ar líon beag de na hathruithe atá tagtha ar an nGaeilge oifigiúil a úsáidtear in Achtanna an Oireachtais ó bhlianta tosaigh an Stáit go dtí ár linn féin.  Tabharfar cuntas achomair staire freisin ar ghnéithe de na cúinsí polaitíochta a bhain le hachtú an phíosa reachtaíochta atá faoi chaibidil.

Cúlra an Achta

Bhí Cogadh Cathartha na Spáinne ar cheann de na cogaí ab fhuiltí san Eoraip san fhichiú céad lasmuigh den dá chogadh dhomhanda féin. Cuireadh tús leis i mí Iúil nuair a thug oifigigh shinsearacha i bhfórsaí míleata na Spáinne faoi cheannairc agus iad ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar rialtas na tíre; bhí súil acu coup d’état a chur i gcrích lena mbainfí ceannas na tíre go léir den rialtas den eite chlé a bhí i réim ó thús na bliana sin.  Níor éirigh leis an gceannairc, áfach, ach i gcodanna faoi leith den tír, agus d’éirigh leis an rialtas poblachtach greim a choinneáil i dtús aimsire ar an dá chathair ba mhó – Maidrid agus Barcelona – mar aon le dhá thrian de chríoch na tíre trí chéile; bhí an Spáinn roinnte ar bhonn tíreolaíochta agus míleata, anuas ar an deighilt pholaitiúil a bhí sa tír idir poblachtaigh den eite chlé agus náisiúnaigh den eite dheis (Lannon, 2002: 26).

Ó thaobh pholaitíocht na hEorpa trí chéile de, tharla Cogadh Cathartha na Spáinne i gcomhthéacs na coimhlinte móire a bhí ar bun san Eoraip idir an Cumannachas agus an Frith-Chumannachas ó Réabhlóid na Rúise i 1917 i leith (Preston, 1996: 98).  Tháinig polasaí neamh-idirghabhála chun cinn i measc na gcumhachtaí móra faoi fhómhar na bliana 1936 agus an dóchas i measc cuid acu go dtiocfadh deireadh leis an gcogadh dá gcuirfí neamh-idirghabháil dhocht i bhfeidhm agus gan teacht a bheith ag ceachtar taobh sa chogadh ar airm ná ar armlón (Preston, 1996: 100).  Faoi dheireadh mhí Lúnasa 1936 bhí an Comhaontú um Neamh-Idirghabháil sa Spáinn sínithe ag gach uile stát san Eoraip seachas an Eilvéis, a raibh a neodracht leagtha amach ina bunreacht (Casanova, 2013: 84).  Ghlac Rialtas Shaorstát Éireann, faoi cheannas Éamoin de Valera, leis an gComhaontú ar an 26 Lúnasa 1936 (McGarry, 1999: 211).

Cuireadh cuid mhór spéise in imeachtaí na Spáinne in Éirinn agus faoi thionchar na hEaglaise Caitlicí músclaíodh a lán tacaíochta i measc an phobail do chúis na náisiúnach a bhí faoi cheannas an Ghinearáil Franco.  Faoi fhómhar na bliana 1936 bhí iarrachtaí ar bun buíon fear a chur le chéile a rachadh ag troid ar son na náisiúnach sa Spáinn faoi cheannas an Ghinearáil Eoin O’Duffy; ‘an Bhriogáid Éireannach’ a tugadh ar an mbuíon sin agus roimh dheireadh 1936 chuaigh 700 fear go dtí an Spáinn chun troda faoi cheannas O’Duffy (McGarry, 1999: 29).  Bhí méid áirithe tacaíochta in Éirinn freisin do rialtas poblachtach na Spáinne, go mór mór sna cathracha agus sna bailte móra, agus i gContae Dhún na nGall, agus meastar go ndeachaigh thart faoi 200 Éireannach chun troda sa Bhriogáid Idirnáisiúnta sa tréimhse chéanna ar son an rialtais phoblachtaigh (McGarry, 1999: 56).

Ainneoin go raibh a lán brú ag teacht ón bpobal agus ón aos polaitíochta go dtarraingeodh an Saorstát siar a aitheantas do rialtas poblachtach na Spáinne, chloígh de Valera leis an bpolasaí neamh-idirghabhála agus ritheadh an tAcht i dtaobh Cogaidh Chathardha na Spáinne (Neamh-Eadarghabháil), 1937 ar an 24 Feabhra 1937 agus d’aidhm leis toirmeasc a chur ar earcaíocht Éireannach agus ar ghluaiseacht Éireannach le páirt a ghlacadh sa chogadh (McGarry, 1999: 214).  Faoi mar a thit amach, tháinig maolú mór ar an éileamh ón Spáinn ar óglaigh as Éirinn ag tús 1937, agus níor ghá forálacha na reachtaíochta a chur i bhfeidhm go han-docht (McGarry, 1999: 215).  Lean Cogadh Cathartha na Spáinne ar aghaidh go dtí an 1 Aibreán 1939; ghéill an t-arm poblachtach ar fad d’fhórsaí Franco an lá sin tar éis do na náisiúnaigh Maidrid a ghabháil cúpla lá roimhe sin (Casanova, 2013: 19).

Cur chuige don aistriúchán

D’fhonn comparáid fhiúntach a dhéanamh idir an dá théacs aistrithe, beartaíodh an Spanish Civil War (Non-Intervention) Act, 1937 (01/1937) a aistriú as an nua ar fad, gan aird ar bith a thabhairt ar Thiontú Oifigiúil 1937.  Baineadh úsáid as www.achtanna.ie mar phríomhfhoinse chun fasaigh Ghaeilge sa reachtaíocht a aimsiú agus rinneadh an t-aistriúchán sa bhogearra memoQ Translator Pro; seachnaíodh fasaigh ó 01/1937 féin, ar ndóigh, agus an t-aistriúchán ar siúl.  De ghrá na soiléireachta, tá na trí théacs – buntéacs Béarla an Achta, an Tiontú Oifigiúil (1937), agus an tiontú nua a ullmhaíodh de réir nósmhaireachtaí 2016 – leagtha amach le taobh a chéile i dtábla.  Na fasaigh ar baineadh úsáid astu chun an tiontú nua a chur i dtoll a chéile, tá tagairtí dóibh leagtha amach in iarnótaí agus tá líne curtha faoin gcuid sin den bhuntéacs Béarla a seasann gach tagairt dó.

Buntéacs Béarla an Achta, an Tiontú Oifigiúil (1937), agus an Tiontú de réir na Nósmhaireachtaí Reatha

Buntéacs Béarla an Achta

An Tiontú Oifigiúil (1937)

Tiontú de réir na Nósmhaireachtaí Reatha

Nóta tráchta ina bpléitear pointe spéise

Number 1 of 1937.

SPANISH CIVIL WAR
(NON-INTERVENTION)
ACT, 1937.

Uimhir 1 de 1937.

ACHT I dTAOBH COGAIDH CHATHARDHA NA SPÁINNE (NEAMH-EADARGHABHÁIL), 1937.

Uimhir 1 de 1937.

AN tACHT UM CHOGADH
CATHARTHA NA SPÁINNE
(NEAMH-IDIRGHABHÁIL)
, 1937

Nóta tráchta 1

AN ACT TO CARRY INTO EXECUTION THE INTERNATIONAL OBLIGATIONS OF SAORSTÁT EIREANN IN RELATION TO THE CIVIL WAR NOW BEING WAGED IN SPAIN, AND TO MAKE SUCH PROVISIONS AS ARE NECESSARY OR EXPEDIENT1 FOR THAT PURPOSE, AND IN PARTICULAR TO PROHIBIT2 CITIZENS OF SAORSTÁT EIREANN FROM PARTICIPATING IN THAT WAR. [24th February, 1937.]

ACHT CHUN NA nOBLAGÁIDÍ EADARNÁISIÚNTA, ATÁ AR SHAORSTÁT ÉIREANN MAIDIR LEIS AN gCOGADH CATHARDHA ATÁ A DHÉANAMH FÉ LÁTHAIR SA SPÁINN, DO CHUR I bhFEIDHM, AGUS CHUN PÉ SOCRUITHE DO DHÉANAMH IS GÁ NO IS OIRIÚNACH CHUIGE SIN, AGUS GO SONNRÁCH CHUN A THIORMEASC AR SHAORÁNAIGH DE SHAORSTÁT ÉIREANN PÁIRT DO GHABHÁIL SA CHOGADH SAN. [24adh Feabhra, 1937.]

ACHT D’FHORGHNÍOMHÚ NA nOIBLEAGÁIDÍ IDIRNÁISIÚNTA ATÁ AR SHAORSTÁT ÉIREANN I nDÁIL LEIS AN gCOGADH CATHARTHA ATÁ Á FHEARADH FAOI LÁTHAIR SA SPÁINN, AGUS DO DHÉANAMH CIBÉ FORÁLACHA IS GÁ NÓ IS FÓIRSTEANACH CHUN NA CRÍCHE SIN, AGUS GO hÁIRITHE DO THOIRMEASC AR SHAORÁNAIGH DE SHAORSTÁT ÉIREANN PÁIRT A GHLACADH SA CHOGADH SIN. [24 Feabhra 1937.]

Nóta tráchta 2

BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:—

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

ACHTAÍTEAR AG OIREACHTAS SHAORSTÁT ÉIREANN MAR A LEANAS:—

Nóta tráchta 3

Short title

Gearr-theideal.

Gearrtheideal.

 

1. —This Act may be cited as the Spanish Civil War (Non-Intervention) Act, 1937.

1. —Féadfar an tAcht i dtaobh Cogaidh Chathardha na Spáinne (Neamh-Eadarghabháil), 1937 , do ghairm den Acht so.

1. —Féadfar an tAcht um Chogadh Cathartha na Spáinne (Neamh-Idirghabháil), 1937 a ghairm den Acht seo.

 

Commencement and duration.

Tosach feidhme agus ré.

Tosach feidhme agus ré.

 

2. —(1) This Act shall come into operation on such day as the Executive Council shall by order appoint for that purpose, and shall (unless continued under the next following sub-section of this section) expire at the expiration of3 six months from that day.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh pé lá cheapfaidh an Ard-Chomhairle le hordú chuige sin, agus (mara gcoimeádtar i bhfeidhm é fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so) ragha sé in éag i gcionn sé mhí ón lá san.

2. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an Ard-Chomhairle le hordú chun na críche sin, agus rachaidh sé in éag (mura mbuanófar é faoin gcéad fho-alt eile den alt seo) nuair a bheidh sé mhí ón dáta sin caite.

Nóta tráchta 4

(2) So long as this Act is in force4, the Executive Council may, whenever and so often as they think proper5, by order continue this Act in force for such time (not exceeding six months from the date on which it would otherwise6 expire) as they shall think proper and shall specify in such order and, whenever any such order is made by the Executive Council, this Act shall continue in force7 in accordance with such order and shall (unless further continued under this sub-section) then expire.

(2) Faid a bheidh an tAcht so i bhfeidhm, féadfaidh an Ard-Chomhairle, pé uair agus chó minic agus is dóich leo san do bheith ceart, an tAcht so do choimeád i bhfeidhm le hordú ar feadh pé aimsire (nach sia ná sé mhí ón dáta ar a raghadh sé in éag mara mbeadh san) is dóich leo is ceart agus a luadhfaid san ordú san agus, pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle aon ordú den tsórt san, leanfaidh an tAcht so i bhfeidhm do réir an orduithe sin agus (mara gcoimeádtar i bhfeidhm níos sia é fén bhfo-alt so) ragha sé in éag ansan.

(2) Fad a bheidh an tAcht seo i bhfeidhm, féadfaidh an Ard-Chomhairle, aon uair agus a mhinice is cuí léi, le hordú leanúint den Acht seo a bheith i bhfeidhm aici ar feadh cibé tréimhse (nach faide ná sé mhí ón dáta a rachadh sé in éag murach sin) is cuí léi agus a shonróidh sí san ordú sin agus, aon uair a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle aon ordú den sórt sin, leanfaidh an tAcht seo de bheith i bhfeidhm de réir an ordaithe sin agus rachaidh sé (mura gcuirfear fad lena thréimhse feidhme faoin bhfo-alt seo) in éag ansin.

Nóta tráchta 5

(3) If the Executive Council do not, within one year after the passing of this Act8, appoint the day on which9 this Act is to come into operation, this Act shall expire at the expiration of one year from the passing of this Act.

(3) Mara ndeinidh an Ard-Chomhairle, fé cheann bliana tar éis an Achta so do rith, an lá ar a dtiocfaidh an tAcht so i ngníomh do cheapadh, raghaidh an tAcht so in éag i gcionn bliana o dháta an Achta so do rith.

(3) Mura ndéanfaidh an Ard-Chomhairle, laistigh de bhliain amháin tar éis an tAcht seo a rith, lá a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh a cheapadh, rachaidh an tAcht seo in éag nuair a bheidh bliain amháin caite ón Acht seo a rith.

 

(4) Notwithstanding anything contained in this section10, a person may be arrested and tried11 and, if convicted, may be punished12 under this Act after the expiration thereof for an offence under any section of this Act committed or alleged to have been committed13 by him while this Act was in force.

(4) D’ainneoin éinní atá san alt so, féadfar duine do ghabháil agus do thriail agus, má ciontuítear é, féadfar é do phionósú fén Acht so, tar éis an Achta so do dhul in éag, mar gheall ar chionta fé aon alt den Acht so do rinne sé no deirtear do rinne sé faid a bhí an tAcht so i bhfeidhm.

(4) D’ainneoin aon ní san alt seo, féadfar duine a ghabháil agus a thriail agus, má chiontaítear é nó í, féadfar é nó í a phionósú faoin Acht seo tar éis dhul in éag an chéanna i leith cion faoi aon alt den Acht seo a rinne sé nó sí nó a líomhnaítear a rinne sé nó sí le linn don Acht seo a bheith i bhfeidhm.

 

Definitions.

Mínithe.

Mínithe.

 

3. —In this Act—

3. —San Acht so—

3. —San Acht seo—

 

the expression14the war” means the civil war which is being waged in Spain at the passing of this Act15;

cialluíonn an abairt “an cogadh” an cogadh cathardha atá á dhéanamh sa Spáinn le linn an Achta so do rith;

ciallaíonn an abairt “an cogadh” an cogadh cathartha atá á fhearadh sa Spáinn tráth rite an Achta seo;

 

the word “belligerent16 means one of the governments or organisations in the nature of17 governments between whom the war is being waged;

cialluíonn an focal “cogaidheach” ceann de sna rialtaisí no de sna có-ghléasanna i bhfuirm rialtas gur eatortha atá an cogadh á dhéanamh;

ciallaíonn an focal “cogaíoch” ceann de na rialtais nó na heagraíochtaí de chineál rialtas a bhfuil an cogadh á fhearadh eatarthu;

 

the expression “military forces18 includes all combatant forces whether fighting on land,19on the sea,20 or in the air, and includes also all services and organisations which, though not actually21 combatant, render necessary or ancillary22 services to the combatant forces or any part of the combatant forces, but does not include any body of persons23 in respect of which the Minister for Justice has issued under this Act a certificate that such body of persons is a Red Cross unit for the purposes of this Act.

foluíonn an abairt “fórsaí míleata” na fórsaí cogúla uile pe’ca ar talamh no ar muir no san aer atáid ag troid, agus foluíonn freisin gach seirbhís agus có-ghléasadh thugann, cé ná fuilid ag troid, seirbhísí riachtanacha no fo-sheirbhísí do sna fórsaí cogúla no d’aon chuid de sna fórsaí cogúla, ach ní fholuíonn sí aon chólucht daoine go mbeidh deimhniú tugtha amach fén Acht so ag an Aire Dlí agus Cirt ina dtaobh á dheimhniú gur aonad den Chrois Dheirg chun crícheanna an Achta so an cólucht daoine sin.

folaíonn an abairt “fórsaí míleata” na fórsaí comhraic go léir, bídís ag troid ar talamh, ar an bhfarraige, nó san aer, agus folaíonn sé freisin na seirbhísí agus na heagraíochtaí go léir a sholáthraíonn seirbhísí riachtanacha nó coimhdeacha do na fórsaí comhraic nó d’aon chuid de na fórsaí comhraic, ach ní fholaíonn sé aon chomhlacht daoine a bhfuil deimhniú eisithe ag an Aire Dlí agus Cirt ina leith faoin Acht seo gur aonad den Chros Dhearg an comhlacht daoine sin chun críocha an Achta seo.

Nóta tráchta 6

Certification of Red Cross units.

Aonaid den Chrois Dheirg do dheimhniú.

Aonaid den Chros Dhearg a dheimhniú.

 

4. —Whenever24 the Minister for Justice is satisfied in respect of a body of persons (in this section referred to as25 a unit) serving26 or proposing or intending27 to serve with the military forces of a belligerent—

4. —Pé uair is deimhin leis an Aire Dlí agus Cirt maidir le cólucht daoine (dá ngairmtear aonad san alt so) bheidh ag fónamh no bheartóidh no bheidh ar intinn bheith ag fónamh i dteanta fórsaí míleata cogaidhigh—

4. —Aon uair is deimhin leis an Aire Dlí agus Cirt maidir le comhlacht daoine (dá ngairtear “aonad” san alt seo) atá ag fónamh nó a bhfuil sé beartaithe nó ar intinn aige fónamh le fórsaí míleata cogaígh—

 

(a) that such unit is organised by or is working under the auspices of a society or organisation (whether established in Saorstát Eireann or in another country) having as its object or one of its objects28the furnishing of volunteer aid to the sick and wounded of armies in time of war,29 and

(a) an t-aonad san do bheith có-ghléasta ag cumann no cóghléasadh no do bheith ag obair fé choimirce chumainn no chó-ghléasta (pe’ca bunuithe i Saorstát Éireann no i dtír eile dhó) gurb é a chuspóir no ceann dá chuspóirí cabhair shaoirseánach do thabhairt d’othair agus do chréachtaigh arm in aimsir chogaidh, agus

(a) go bhfuil an t-aonad sin á eagrú ag cumann nó ag eagraíocht (bíodh an cumann nó an eagraíocht sin bunaithe i Saorstát Éireann nó i dtír eile) agus arb é an cuspóir atá leis, nó ar ceann dá chuspóirí, cabhair shaorálach a thabhairt do na comhaltaí tinne agus gonta d’airm le linn cogaidh, agus

Nóta tráchta 6

(b) that such unit is in or proceeding to30 or proposes or intends to proceed to Spain or any Spanish territory solely for the purpose of31 furnishing volunteer aid to the sick and wounded of the military forces of the belligerents and rendering other humanitarian32 services to the members of those forces, and

(b) go bhfuil an t-aonad san sa Spáinn no in aon chrích Spáinnigh no ag dul no ag beartú dul no ar intinn dul chun na tíre no na críche sin chun cabhair shaoirseánach do thabhairt d’othair agus do chréachtaigh fórsaí míleata na gcogaidheach agus seirbhísí daoncharadais eile do thabhairt do bhaill na bhfórsaí sin agus chuige sin amháin, agus

(b) go bhfuil an t-aonad sin sa Spáinn nó in aon chríoch de chuid na Spáinne nó ag dul go dtí an céanna nó go bhfuil sé beartaithe nó ar intinn aige dul go dtí an céanna d’aon toisc chun cabhair shaorálach a thabhairt do chomhaltaí tinne agus gonta fhórsaí míleata na gcogaíoch agus chun seirbhísí daonchairdiúla eile a thabhairt do chomhaltaí na bhfórsaí sin, agus

Nóta tráchta 7

(c) that the members of such unit will not take any combatant part in the war or render any combatant service to either belligerent,

(c) ná déanfaidh baill an aonaid sin aon pháirt chogúil do thógaint sa chogadh ná aon tseirbhís chogúil do thabhairt do cheachtar cogaidheach,

(c) nach nglacfaidh comhaltaí an aonaid sin aon pháirt chomhraic sa chogadh ná nach dtabharfaidh siad aon seirbhís chomhraic do cheachtar cogaíoch,

Nóta tráchta 6

the said Minister33may issue to34 the society or organisation by which such unit is organised or under the auspices of35 which such unit is working a certificate sealed with the official seal of the said Minister36certifying that37 such unit is a Red Cross unit for the purposes of this Act.

féadfaidh an tAire sin deimhniú do thabhairt don chumann no don chó-ghléasadh do chó-ghléas an t-aonad san no gur fé n-a choimirce atá an t-aonad san ag obair, deimhniú bheidh séaluithe le séala oifigiúil an Aire sin á dheimhniú gur aonad den Chrois Dheirg an t-aonad san chun chrícheanna an Achta so.

féadfaidh an tAire sin deimhniú arna shéalú le séala oifigiúil an Aire a eisiúint don chumann nó don eagraíocht a bhfuil an t-aonad sin á eagrú aige nó aici nó a bhfuil an t-aonad sin ag oibriú faoina choimirce nó faoina coimirce, ar deimhniú é gur aonad den Chros Dhearg an t-aonad sin chun críche an Achta seo.

Nóta tráchta 8

Prohibition of38 service in the military forces of a belligerent.

Toirmeasc ar fónamh i bhfórsaí míleata cogaidhigh.

Toirmeasc le seirbhís i bhfórsaí míleata cogaígh.

 

5. —(1) It shall not be lawful39

5. —(1) Ní bheidh sé dleathach—

5. —(1) Ní dleathach—

Nóta tráchta 9

(a) for any person who is a citizen of Saorstát Eireann40 and is not, at the passing of this Act, a member of the military forces of a belligerent to accept41 or to obtain or attempt to obtain any commission or engagement in42 or otherwise to join43 or become a member of or attempt to join or become a member of the military forces of a belligerent, or

(a) do dhuine ar bith is saoránach de Shaorstát Éireann agus ná fuil, le linn an Achta so do rith, ina bhall d’fhórsaí míleata cogaidhigh aon choimisiún no fostú do ghlacadh ná d’fháil ná iarracht a dhéanamh ar é fháil i bhfórsaí míleata cogaidhigh ná dul ionta ná teacht chun bheith ina bhall díobh ná iarracht a dhéanamh ar dhul ionta no ar theacht chun bheith ina bhall díobh ar shlí eile, ná

(a) d’aon duine is saoránach de Shaorstát Éireann agus nach comhalta, tráth rite an Achta seo, d’fhórsaí míleata cogaígh glacadh le haon choimisiún nó fruilíocht i bhfórsaí míleata cogaígh nó an céanna a fháil ná féachaint leis an gcéanna a fháil ná ní dleathach dó nó di ar shlí eile dul isteach i bhfórsaí míleata cogaígh nó a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhórsaí míleata cogaígh nó féachaint le dul isteach i bhfórsaí míleata cogaígh nó a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhórsaí míleata cogaígh, ná

Nóta tráchta 10

(b) for any person to induce or attempt to induce44 persons generally or any particular person to serve in or accept any commission or engagement in the military forces of a belligerent, or

(b) do dhuine ar bith a thabhairt ná iarracht a dhéanamh ar a thabhairt ar dhaoine i gcoitinne no ar aon duine áirithe fónamh i bhfórsaí míleata cogaidhigh no aon choimisiún no fostú do ghlacadh sa chéanna, ná

(b) d’aon duine daoine i gcoitinne nó aon duine áirithe a aslú ná féachaint le daoine i gcoitinne nó aon duine áirithe a aslú chun fónamh i bhfórsaí míleata cogaígh nó glacadh le coimisiún nó le fruilíocht sa chéanna, ná

 

(c) for any person to aid or abet45 a citizen of Saorstát Eireann in obtaining46 or attempting47 to obtain a commission or engagement in or otherwise joining or becoming a member of or attempting to join48 or become49 a member of the military forces of a belligerent, or

(c) do dhuine ar bith cabhrú no neartú le saoránach de Shaorstát Éireann chun coimisiún no fostú d’fháil no chun iarracht a dhéanamh ar é fháil i bhfórsaí míleata cogaidhigh no chun dul ionta no chun teacht chun bheith ina bhall díobh no chun iarracht a dhéanamh ar dhul ionta no ar theacht chun bheith ina bhall díobh ar shlí eile, ná

(c) d’aon duine cabhrú nó neartú le saoránach de Shaorstát Éireann coimisiún nó fruilíocht a fháil nó féachaint leis an gcéanna a fháil i bhfórsaí míleata cogaígh nó ar shlí eile dul isteach i bhfórsaí míleata cogaígh nó a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhórsaí míleata cogaígh nó féachaint le dul isteach i bhfórsaí míleata cogaígh nó a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d’fhórsaí míleata cogaígh, ná

Nóta tráchta 11

(d) for any person to organise, aid, or abet the departure from50 Saorstát Eireann of persons departing from Saorstát Eireann for the purpose of serving in the military forces of a belligerent, whether such persons have or have not accepted or been offered a commission or engagement in or joined or become a member of such forces.

(d) do dhuine ar bith imeacht daoine as Saorstát Éireann, is daoine bheidh ag imeacht as Saorstát Éireann chun fónamh i bhfórsaí míleata cogaidhigh, do chur ar siúl ná cabhrú ná neartú leis, pe’ca ghlac na daoine sin coimisiún no fostú sna fórsaí sin no nár ghlac no tairgeadh san dóibh no nár tairgeadh no chuadar ionta no ná deachadar no thánadar chun bheith ina bhall díobh no nár thánadar.

(d) d’aon duine imeacht daoine ó Shaorstát Éireann a eagrú, ná cabhrú ná neartú le himeacht daoine ó Shaorstát Éireann, ar daoine iad atá ag imeacht ó Shaorstát Éireann chun fónamh i bhfórsaí míleata cogaígh, cibé acu atá nó nach bhfuil na daoine sin tar éis glacadh le coimisiún nó le fruilíocht sna fórsaí sin nó atá nó nach bhfuil an céanna tairgthe dóibh nó atá nó nach bhfuil na daoine sin tar éis dul isteach sna fórsaí sin nó teacht chun bheith ina gcomhaltaí de na fórsaí sin.

 

(2) Every person who does any act (whether of commission or omission) which is a contravention of this section shall be guilty of an offence under this section.51

(2) Gach duine dhéanfaidh éinní (tré gníomh no tré fhaillí) is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Gach duine a dhéanfaidh aon ghníomh (cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh) de shárú ar an alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion faoin alt seo.

 

Restriction on52 the departure of citizens to Spain.

Srian le saoránaigh d’imeacht go dtí an Spáinn.

Srian le himeacht saoránach go dtí an Spáinn.

 

6.—(1) It shall not be lawful for any person who is a citizen of Saorstát Eireann to depart or attempt to depart from Saorstát Eireann for the purpose of proceeding to Spain or to any Spanish territory or to go from any place in Saorstát Eireann to any other place in Saorstát Eireann for the purpose of so departing from Saorstát Eireann, unless such person holds a passport issued to53 him by the Minister for External Affairs and bearing an endorsement,54 lawfully made thereon on or after the 1st day of January, 1937, declaring such passport to be valid for Spain and Spanish territory.

6. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith is saoránach de Shaorstát Éireann imeacht ná iarracht a dhéanamh ar imeacht as Saorstát Éireann chun dul go dtí an Spáinn no go dtí aon chríoch Spáinneach ná dul o aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann chun imeacht as Saorstát Éireann amhlaidh mara mbeidh pas ag an duine sin do thug an tAire Gnóthaí Coigríche amach dó agus ar a mbeidh cúl-scríbhinn, do cuireadh air go dleathach an 1adh lá d’Eanar, 1937, no dá éis sin, á dhearbhú an pas san do bheith dleathach don Spáinn agus do chríocha Spáinneacha.

6. —(1) Ní ceadmhach d’aon duine is saoránach de Shaorstát Éireann imeacht nó féachaint le himeacht ó Shaorstát Éireann chun gabháil ar aghaidh go dtí an Spáinn nó aon chríoch de chuid na Spáinne nó gabháil ó aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann chun imeacht amhlaidh ó Shaorstát Éireann, mura mbeidh i seilbh an duine sin pas arna eisiúint chuige nó chuici ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus ar a mbeidh formhuiniú, a rinneadh go dleathach an 1ú lá d’Eanáir 1937 nó dá éis, á dhearbhú go bhfuil an pas sin bailí le haghaidh na Spáinne agus chríocha na Spáinne.

Nóta tráchta 12

(2) Every person who, in contravention of this section, departs or attempts to depart from Saorstát Eireann or goes from a place in Saorstát Eireann to another place in Saorstát Eireann shall be guilty of an offence under this section.

(2) Gach duine imeoidh no dhéanfaidh iarracht ar imeacht as Saorstát Éireann, no raghaidh o áit i Saorstát Éireann go háit eile i Saorstát Éireann, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Gach duine a imíonn nó a fhéachann le himeacht ó Shaorstát Éireann nó a théann ó aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann, de shárú ar an alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion faoin alt seo.

 

Restriction on the departure to Spain of nationals of certain countries.

Srian le náisiúnaigh de thíortha áirithe d’imeacht go dtí an Spáinn.

Srian le himeacht náisiúnach ó thíortha áirithe go dtí an Spáinn.

 

7. —(1) The Executive Council may, from time to time as occasion requires,55 by order appoint the countries to which this section applies.56

7. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú, o am go ham fé mar is gá é, na tíortha le n-a mbainfidh an t-alt so do cheapadh.

7. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, le hordú, na tíortha lena mbaineann an t-alt seo a cheapadh.

 

(2) It shall not be lawful for any person who is a national of a country which is for the time being appointed by the Executive Council as a country to which this section applies to depart or attempt to depart from Saorstát Eireann for the purpose of proceeding to Spain or to any Spanish territory or to go from any place in Saorstát Eireann to any other place in Saorstát Eireann for the purpose of so departing from Saorstát Eireann, unless such person is the holder of a passport issued to him by the proper authority of the country57 of which he is a national and bearing an endorsement made thereon on or after the 1st day of January, 1937, by a lawful authority58 of such country, declaring such passport to be valid for Spain and Spanish territory.

(2) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith is náisiúnach de thír a bheidh ceaptha de thurus na huaire ag an Ard-Chomhairle mar thír le n-a mbaineann an t-alt so imeacht ná iarracht a dhéanamh ar imeacht as Saorstát Éireann chun dul go dtí an Spáinn no go dtí aon chríoch Spáinneach ná dul o aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann chun imeacht as Saorstát Éireann amhlaidh, mara mbeidh pas ag an duine sin do thug ceart-údarás na tíre gur náisiúnach de é amach dó agus ar a mbeidh cúl-scríbhinn do chuir údarás dleathach den tír sin air an 1adh lá d’Eanar, 1937, no dá éis sin, á dhearbhú an pas san do bheith dleathach don Spáinn agus do chríocha Spáinneacha.

(2) Aon duine is náisiúnach de thír atá de thuras na huaire ceaptha ag an Ard-Chomhairle mar thír lena mbaineann an t-alt seo, ní ceadmhach dó nó di imeacht nó féachaint le himeacht ó Shaorstát Éireann chun gabháil ar aghaidh go dtí an Spáinn nó aon chríoch de chuid na Spáinne nó gabháil ó aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann chun imeacht amhlaidh ó Shaorstát Éireann, mura bhfuil i seilbh an duine sin pas arna eisiúint chuige nó chuici ag údarás cuí na tíre dar náisiúnach é nó í agus ar a mbeidh formhuiniú, a rinneadh go dleathach an 1ú lá d’Eanáir 1937 nó dá éis, ag údarás dleathach de chuid na tíre sin á dhearbhú go bhfuil an pas sin bailí le haghaidh na Spáinne agus chríocha na Spáinne.

Nóta tráchta 13

(3) Every person who, in contravention of this section, departs or attempts to depart from Saorstát Eireann or goes from a place in Saorstát Eireann to another place in Saorstát Eireann shall be guilty of an offence under this section.

(3) Gach duine imeoidh no dhéanfaidh iarracht ar imeacht as Saorstát Éireann, no raghaidh o áit i Saorstát Éireann go háit eile i Saorstát Éireann, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Gach duine a imíonn nó a fhéachann le himeacht ó Shaorstát Éireann nó a théann ó aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann, de shárú ar an alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion faoin alt seo.

 

Restriction on the departure of other persons to Spain.

Srian le daoine eile d’imeacht go dtí an Spáinn.

Srian le himeacht daoine eile go dtí an Spáinn.

 

8. —(1) It shall not be lawful for any person who is neither a citizen of Saorstát Eireann nor a national of a country which is for the time being appointed by the Executive Council as a country to which the next preceding section59 of this Act applies to depart or attempt to depart from Saorstát Eireann for the purpose of proceeding to Spain or to any Spanish territory or to go from any place in Saorstát Eireann to any other place in Saorstát Eireann for the purpose of so departing from Saorstát Eireann, unless such person is the holder of a passport issued to him by the proper authority of the country of which he is a national and expressly authorising60 him to proceed to Spain and Spanish territory.

8. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith nach saoránach de Shaorstát Éireann ná náisiúnach de thír a bheidh ceaptha de thurus na huaire ag an Ard-Chomhairle mar thír le n-a mbaineann an t-alt deiridh sin roimhe seo den Acht so imeacht ná iarracht a dhéanamh ar imeacht as Saorstát Éireann chun dul go dtí an Spáinn no go dtí aon chríoch Spáinneach ná dul o aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann chun imeacht as Saorstát Éireann amhlaidh, mara mbeidh pas ag an duine sin do thug ceart-údarás na tíre gur náisiúnach de é amach dó agus a údaruíonn dó go soiléir dul go dtí an Spáinn agus go críocha Spáinneacha.

8. —(1) Aon duine nach saoránach de Shaorstát Éireann ná nach náisiúnach de thír atá de thuras na huaire ceaptha ag an Ard-Chomhairle mar thír lena mbaineann an t-alt deiridh roimhe seo den Acht seo, ní ceadmhach dó nó di imeacht ná féachaint le himeacht ó Shaorstát Éireann chun gabháil ar aghaidh go dtí an Spáinn nó aon chríoch de chuid na Spáinne nó gabháil ó aon áit i Saorstát Éireann go dtí aon áit eile i Saorstát Éireann chun imeacht amhlaidh ó Shaorstát Éireann, mura bhfuil i seilbh an duine sin pas arna eisiúint chuige nó chuici ag údarás cuí na tíre dar náisiúnach é nó í á údarú go sainráite dó nó di dul go dtí an Spáinn agus críocha na Spáinne.

 

(2) Every person who, in contravention of this section, departs or attempts to depart from Saorstát Eireann or goes from a place in Saorstát Eireann to another place in Saorstát Eireann shall be guilty of an offence under this section.

(2) Gach duine imeoidh no dhéanfaidh iarracht ar imeacht as Saorstát Éireann, no raghaidh o áit i Saorstát Éireann go háit eile i Saorstát Éireann, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Gach duine a imíonn nó a fhéachann le himeacht ó Shaorstát Éireann nó a théann ó aon áit i Saorstát Éireann go háit eile i Saorstát Éireann, de shárú ar an alt seo, beidh sé nó sí ciontach i gcion faoin alt seo.

 

Restriction on sale of travel tickets for Spain.

Srian le ticéadaí taistil chun na Spáinne do dhíol.

Srian le díol ticéad taistil le haghaidh na Spáinne.

 

9. —(1) It shall not be lawful for any person (in this section referred to as the ticket-seller) to sell or issue to or to procure or attempt to procure for another person (in this section referred to as the traveller) a ticket, pass,61 voucher, or other document entitling62 the holder thereof to travel directly or indirectly to Spain or to any Spanish territory, unless the traveller has produced to the ticket-seller such passport as would preclude63 the departure of the traveller from Saorstat Eireann for the purpose of proceeding to the destination named in such ticket, pass, voucher, or other document from being unlawful by virtue of this Act.

9. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (dá ngairmtear an díoltóir ticéad san alt so) ticéad, pas taistil, cruthúnacht ná scríbhinn eile, bhéarfaidh teideal dá shealbhaire taisteal go díreach no go nea-dhíreach go dtí an Spáinn no go dtí aon chríoch Spáinneach, do dhíol le duine eile (dá ngairmtear an taistealaí san alt so) ná do thabhairt amach dó ná d’fháil ná tabhairt fé n-a fháil dó, mara dtaisbeánaidh an taistealaí don díoltóir ticéad pas a dhéanfadh gan é bheith nea-dhleathach de bhuadh an Achta so don taistealaí imeacht as Saorstát Éireann chun dul go dtí an ceann scríbe a hainmnítear sa ticéad, sa phas taistil, sa chruthúnacht no sa scríbhinn eile sin.

9. —(1) Ní dleathach d’aon duine (dá ngairtear an “díoltóir ticéad” san alt seo) ticéad, pas taistil, dearbhán, ná doiciméad eile lena dtugtar teideal dá shealbhóir taisteal go díreach nó go hindíreach go dtí an Spáinn nó go dtí aon chríoch de chuid na Spáinne a dhíol le duine eile nó an céanna a eisiúint, a fháil nó féachaint leis an gcéanna a fháil do dhuine eile (dá ngairtear “an taistealaí” san alt seo), mura bhfuil an taistealaí tar éis cibé pas a thabhairt ar aird don díoltóir ticéad a chuirfeadh cosc ar imeacht an taistealaí ó Shaorstát Éireann d’fhonn gabháil ar aghaidh go dtí an ceann scríbe arna ainmniú ar an ticéad sin, an pas sin, an dearbhán sin, nó an doiciméad eile sin a bheith neamhdhleathach de bhua an Achta seo.

 

(2) Every person who sells, issues, procures, or attempts to procure a ticket, pass, voucher, or other document in contravention of this section shall be guilty of an offence under this section.

(2) Gach duine dhéanfaidh ticéad, pas taistil, cruthúnacht no scríbhinn eile do dhíol, do thabhairt amach, d’fháil no tabhairt fé n-a fháil contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Gach duine a dhéanfaidh ticéad, pas taistil, dearbhán, nó doiciméad eile a dhíol, a eisiúint nó a fháil nó a fhéachfaidh leis an gcéanna a fháil de shárú ar an alt seo beidh sé nó sí ciontach i gcion faoin alt seo.

 

(3) Whenever a company or a society64 sells, issues, procures, or attempts to procure a ticket, pass, voucher, or other document in contravention of this section, every director, manager, secretary, and other officer of such company or society who is knowingly a party to such contravention shall (without prejudice to the liability of such company or society in respect of such contravention) be guilty of an offence under this section and be punishable accordingly.

(3) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta no cumann ticéad, pas taistil, cruthúnacht no scríbhinn eile do dhíol, do thabhairt amach, d’fháil no tabhairt fé n-a fháil contrárdha don alt so, beidh gach stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí agus oifigeach eile, de chuid na cuideachtan no an chumainn sin, is páirtí sa tsárú san go feasach, beidh sé (gan dochar do fhreagarthacht na cuideachtan no an chumainn sin alos an tsáruithe sin) ciontach i gcionta fén alt so agus inphionósuithe dá réir sin.

(3) Aon uair a dhéanfaidh cuideachta nó cumann ticéad, pas taistil, dearbhán, nó doiciméad eile a dhíol, a eisiúint nó a fháil nó a fhéachfaidh leis an gcéanna a fháil de shárú ar an alt seo, beidh gach stiúrthóir, bainisteoir, agus oifigeach eile den chuideachta nó den chumann sin is páirtí go feasach sa sárú sin (gan dochar do dhliteanas na cuideachta nó an chumainn sin) ciontach i gcion faoin alt seo agus inphionóis dá réir.

Nóta tráchta 14

Power of Executive Council to prevent export of war material.65

Comhacht don Ard-Chomhairle chun easportáil abhair chogaidh do chosc.

Cumhacht na hArd-Chomhairle onnmhairiú ábhair cogaidh a chosc.

 

10. —(1) The Executive Council may by order whenever they so think proper take all such measures, impose all such prohibitions and restrictions, and do all such things as shall, in the opinion of the Executive Council, be necessary or expedient to prevent the exportation from Saorstát Eireann to Spain or any Spanish territory of articles which are, in the opinion of the Executive Council, implements of war or war material.

10. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú, pé uair is dóich leo san do bheith ceart, gach slí do ghlacadh, gach toirmeasc agus srian dfhorchur, agus gach ní do dhéanamh is dóich leis an Ard-Chomhairle is gá no is oiriúnach chun cosc do chur le hearraí is úirlisí cogaidh no abhar cogaidh, dar leis an Ard-Chomhairle, deasportáil as Saorstát Éireann go dtí an Spáinn no go dtí aon chríoch Spáinneach.

10. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú aon uair is cuí léi cibé bearta is gá a chur i gcrích, cibé toirmeasc agus srian a fhorchur, agus gach rud is gá nó is fóirsteanach a dhéanamh, i dtuairim na hArd-Chomhairle, chun cosc a chur le honnmhairiú nithe ó Shaorstát Éireann go dtí an Spáinn nó aon chríoch de chuid na Spáinne ar nithe iad atá, i dtuairim na hArd-Chomhairle, ina n-uirlisí cogaidh nó ina n-ábhar cogaidh.

 

(2) The Executive Council may by order at any time amend or revoke66 as they shall think proper any order previously made by them under this section.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh tráth ar bith, fé mar is dóich leo is ceart, ar aon ordú bheidh déanta acu roimhe sin fén alt so.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú aon tráth aon ordú a bheidh déanta aici roimhe sin faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm de réir mar is cuí léi.

Nóta tráchta 15

Arrest and punishment.

Gabháil agus pionós.

Gabháil agus pionós.

 

11. —(1) Any member of the Gárda Síochána may arrest without warrant any person whom he reasonably suspects is committing or has committed an offence under any section of this Act.

11. —(1) Féadfaidh aon bhall den Ghárda Síochána duine ar bith go mbeidh amhrus réasúnta aige é do bheith ag déanamh cionta, no cionta do bheith déanta aige, fé aon alt den Acht so do ghabháil gan barántas.

11. —(1) Féadfaidh aon chomhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas más duine é nó í a bhfuil amhras réasúnach air nó uirthi ina thaobh nó ina taobh go bhfuil cion á dhéanamh nó déanta aige nó aici faoi aon alt den Acht seo.

Nóta tráchta 11

(2) Any person who is guilty of an offence under any section of this Act shall be liable—

(2) Duine ar bith bheidh ciontach i gcionta fé aon alt den Acht so dlighfe sé—

Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi aon alt den Acht seo dlífear—

 

(a) on conviction thereof on indictment67 to a fine not exceeding five hundred pounds, or at the discretion of the Court, to imprisonment for a term not exceeding two years or to both such fine and such imprisonment,68 or

(a) ar a chiontú ann ar dhíotáil, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile, no

(a) ar é nó í a chiontú ar díotáil sa chion sin fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a ghearradh air nó uirthi, nó faoi dhiscréid na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain a ghearradh air nó uirthi nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile a ghearradh air nó uirthi, nó

 

(b) on summary conviction thereof to a fine not exceeding fifty pounds or, at the discretion of the Court, to imprisonment for a term not exceeding six months, or to both such fine and such imprisonment.

(b) ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(b) ar é nó í a chiontú go hachomair sa chion sin fíneáil nach mó ná caoga punt a ghearradh air nó uirthi, nó faoi dhiscréid na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí a ghearradh air nó uirthi, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile a ghearradh air nó uirthi.

 

 

Nóta tráchta 1

ACHT I dTAOBH COGAIDH CHATHARDHA NA SPÁINNE vs AN tACHT UM CHOGADH CATHARTHA NA SPÁINNE

Feictear sa tiontú oifigiúil an nós a bhí i dtreis ó bhunú an Stáit go dtí lár 1944 gan an t-alt a scríobh go sainráite roimh an bhfocal Acht féin ag tús an ghearrtheidil. Is cosúil gurbh aithris é seo ar nósmhaireacht an Bhéarla an t-alt a fhágáil intuigthe (seachas é a bheith sainráite) sna gearrtheidilnós atá i dtreis go dtí an lá inniu féin sna leaganacha Béarla. Ceann de na difríochtaí is suntasaí idir an Béarla agus an Ghaeilge go bhfuil alt éiginnte agus alt cinnte sa Bhéarla ach nach bhfuil sa Ghaeilge ach an t-alt cinnte. Ní féidir, dá réir, an t-alt a fhágáil ar lár má táthar ag iarraidh cinnteacht a léiriú agus mura bhfuil aon sásra gramadaí eile san abairt chun an chinnteacht sin a léiriú. Dfhéadfaí a mhaíomh gur cur chuige lochtach a bhí i neamhscríobh an ailt i ngearrtheidil na nAchtanna sna blianta seo. Aithníodh é sin i Rannóg an Aistriúcháin féin níos déanaí, is cosúil, mar gur cromadh ar an alt a scríobh go sainráite ón Acht um Chánacha do Bhailiú (Daingniú), 1944 (14/1944) i leith.

Díol spéise is ea úsáid an réamhfhocail chomhshuite ‘i dtaobh’ anseo sa ghearrtheideal chun ceangal a dhéanamh idir an t-ainmfhocal ‘Acht’ agus an t-ábhar lena mbaineann an píosa reachtaíochta seo. Ní fhaightear ‘i dtaobh’ ar an gcaoi seo ach i ngearrtheidil dhá Acht eile: an tAcht Athghairme i dtaobh Dath-Stuifeanna (Regealáil Iomport), 1923 (39/1923) agus an tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938 (37/1938). Tá an réamhfhocal simplí ‘um’ le fáil go fairsing sna gearrtheidil ó bhunú an Stáit agus tá sé ionann is cinnte gurb é a bheadh san aistriúchán oifigiúil a dhéanfaí ar an ngearrtheideal seo inniu.

Feictear an ginideach á chur i bhfeidhm ar an ainmfhocal éiginnte cáilithe i ndiaidh an réamhfhocail chomhshuite anseo. Daingníodh an nós seo sa Chaighdeán Oifigiúil, 1958 (CO 1958) sa mhéid is nár áiríodh an t-ainmneach sa chás seo sa Chaibidil dar theideal ‘Foirm an Ainmnigh in ionad an Ghinidigh’.

Nóta tráchta 2

ACHT CHUN NA nOBLAGÁIDÍ EADARNÁISIÚNTA ... DO CHUR I bhFEIDHM vs ACHT D’FHORGHNÍOMHÚ NA nOIBLEAGÁIDÍ IDIRNÁISIÚNTA ...

Feictear anseo ‘chun’ in úsáid agus brí aidhme leis ach ina ainneoin sin tá an ginideach i bhfeidhm ar an ainmfhocal a leanann é. De réir CO 1958, ní chuirfí an ginideach i bhfeidhm i ndiaidh ‘chun’ sa chás seo.

Sa tiontú nua, baineadh leas as an réamhfhocal ‘do’ chun ceangal a dhéanamh idir an t-ainmní ‘Acht’ agus an t-ainm briathartha ‘forghníomhú’. Is struchtúr neamhghnách go leor é seo sa teanga trí chéile, ach baintear úsáid as go minic i dteidil fhada na nAchtanna, e.g. ‘ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA GÁIS 1976 GO 2002’ san Acht Gáis (Leasú), 2009 (03/2009).

Nóta tráchta 3

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— vs ACHTAÍTEAR AG OIREACHTAS SHAORSTÁT ÉIREANN MAR A LEANAS:—

Go dtí lár 1942 ba é an tríú pearsa, uimhir uatha den mhodh ordaitheach a d’úsáidtí san abairt seo, mar atá i dtiontú 1937 anseo. Ba san Acht Soláthair Shíolta agus Leasachán, 1942 (11/1942) a tugadh an leagan nua isteach ina n-úsáidtear an saorbhriathar den mhodh ordaitheach agus é ceangailte leis an ngníomhaí ‘Oireachtas’ leis an réamhfhocal ‘ag’. Is é an leagan sin atá i réim ó shin i leith. Ní fios cén t-údar a bhí leis an abairt seo a athrú; go deimhin, d’fhéadfaí a mhaíomh gur dúchasaí an struchtúr a bhí ar an seanleagan.

OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN vs OIREACHTAS SHAORSTÁT ÉIREANN

Feictear i dtiontú 1937 an ginideach á chur i bhfeidhm ar ‘Saorstát’ – ní raibh riail an ainmnigh in ionad an ghinidigh i réim an tráth sin agus ba ghnách infhilleadh iomlán an ghinidigh a dhéanamh ar an gcéad ainmfhocal de chuid aonad brí cinnte sna hAchtanna. I gcás thiontú 2016, tá riail an ainmnigh in ionad an ghinidigh i bhfeidhm i.e. cuirtear séimhiú ar thúschonsan an chéad ainmfhocail de chuid an aonaid brí chinnte ach gan athrú an ghinidigh le sonrú thairis sin.

Nóta tráchta 4

i gcionn sé mhí ón lá san vs nuair a bheidh sé mhí ón dáta sin caite

Tá aistriúchán docht déanta sa tiontú nua anseo, bunaithe ar fhasach ó 02/1998, ach feictear sa tiontú oifigiúil an réamhfhocal comhshuite ‘i gcionn’ in úsáid chun an teorainn ama atá i gceist a chur in iúl. Níl an seanlitriú ‘i gcionn’ ar an réamhfhocal comhshuite le fáil i ndiaidh theacht i bhfeidhm CO 1958 ach in aon fhasach amháin, sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chomhaontuithe Bretton Woods (Leasú), 1977: ‘Ní fhéadfaidh an Ciste dul i gcionn idirbheart faoin Alt seo ach amháin nuair a thabharfaidh comhalta, a soláthraíonn an Ciste a airgeadra nó a nglacann an Ciste lena airgeadra, aontú leis an úsáid sin a bhaint as a airgeadra.’ (19/1977/An Sceideal/Airteagal V/Alt 6(c)). Lasmuigh den fhasach sin, is i 1958 is déanaí a fhaightear ‘i gcionn’, san Acht um an gCorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta, 1958: ‘féachfaidh an Chorparáid le deiseannaí infheistíochta, caipiteal príobháideach, dúchais agus coigríche, agus bainistíocht eolach a thabhairt i gcionn a chéile;’ (22/1958/An Sceideal/Airteagal 1(i)). Sa tréimhse ó 1940 go 1958, tá teacht ar neart fasach freisin den litriú nua-aimseartha ‘i gceann’, e.g. in Acht an Bhainc Ceannais, 1942: ‘á cheangal ar bhancaerí ceadúnuithe cuntais chothromaíochta d’ullmhú agus d’fhollsiú sna trátha agus i gceann na n-eatramh a luadhfar sna rialacháin sin;’ (22/1942/49(1)(a)).

Nóta tráchta 5

ón dáta ar a raghadh sé in éag mara mbeadh san vs ón dáta a rachadh sé in éag murach sin

Sa Tiontú Oifigiúil feictear an réamhfhocal simplí ‘ar’ in úsáid chun ceangal a dhéanamh idir an focal ama ‘dáta’ agus an briathar. De réir na nósmhaireachta reatha, níl de cheangal idir na focail sin ach an mhír choibhneasta ‘a’ agus ní bhactar leis an réamhfhocal simplí de ghnáth. Ina dhiaidh sin féin, níl rialtacht iomlán i réim sna hAchtanna i dtaca le húsáid an chlásail choibhneasta dhírigh nó indírigh i ndiaidh na bhfocal ama agus tá an dá nós le fáil go fairsing, e.g. in Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003: ‘Fanfaidh scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta a ndaingníonn an tAire í nó go dtí go mbeidh scéim nua daingnithe ag an Aire de bhun alt 15, cibé acu is déanaí.’ (32/2003/14(3)); san Acht um Chiste Naisiúnta Oiliúna, 2000: ‘aon tráth laistigh de 2 bhliain ón dáta a rinneadh an cion, nó’ (41/2000/8(5)(a)). Beartaíodh an clásal díreach a úsáid sa tiontú nua.

Nóta tráchta 6

Is léiriú maith é téacs an mhínithe seo ar ‘fórsaí míleata’ in alt 3 ar an tionchar láidir a bhí ag Gaeilge na Mumhan ar an nGaeilge oifigiúil i mblianta tosaigh an Stáit, go háirithe na pointí seo a leanas ar tréithe iad de Ghaeilge na Mumhan ach a thagann salach ar an gCaighdeán Oifigiúil gramadaí a ullmhaíodh fiche bliain ní ba dhéanaí:

  • foirmeacha táite sa tríú pearsa uimhir iolra, an aimsir láithreach: ‘atáid’, ‘fuilid’
  • ‘go’ mar mhír choibhneasta: ‘aon chólucht daoine go mbeidh deimhniú tugtha amach fén Acht so ag an Aire Dlí agus Cirt ina dtaobh’
  • ‘s’ curtha le tús an ailt i ndiaidh réamhfhocal simplí dar críoch guta: ‘do sna fórsaí cogúla no d’aon chuid de sna fórsaí cogúla’
  • ‘ná’ mar mhír bhriathartha dhiúltach san aimsir láithreach agus túschonsan an bhriathair lom: ‘ná fuilid’
  • ‘fé’ in ionad ‘faoi’ (‘fá’): ‘fén Acht so’
  • na haidiachtaí taispeántacha ag réiteach leis an ainmfhocal ó thaobh consan caol/leathan: ‘chun crícheanna an Achta so’
  • gurb in úsáid mar fhoirm choibhneasta indíreach na copaile san aimsir láithreach. Leanadh de na foirmeacha dar tosach ‘g’ a úsáid sa mhír choibhneasta agus i bhfoirmeacha coibhneasta na copaile go dtí deireadh na gcaogaidí; tháinig deireadh leis an nós sin le teacht i bhfeidhm CO 1958 agus tús áite tugtha do na foirmeacha dar tús ‘a’ – ‘a’, ‘ar’, ‘arb’ etc.

Nóta tráchta 7

in aon chrích Spáinnigh vs in aon chríoch de chuid na Spáinne

Feictear sa Tiontú Oifigiúil infhilleadh an tabharthaigh á chur i bhfeidhm ar an ainmfhocal agus ar an aidiacht a leanann an réamhfhocal ‘in’ san abairt seo. Cé gur ceadaíodh an tabharthach i gcás ainmfhocail an dara díochlaonadh in CO 1958, níor ghnách í a chur i bhfeidhm i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Chaighdeáin ach amháin i gcás dornán beag ainmfhocal (bos, bróg, cluas, cos, lámh agus Éire.)

Sa tiontú nua, baintear úsáid as ‘de chuid’ móide an t-ainmfhocal dílis (an Spáinn) chun cáiliú neamhchinnte a dhéanamh ar an ainmfhocal ‘críoch’.

Nóta tráchta 8

deimhniú do thabhairt ... , deimhniú bheidh séalaithe vs deimhniú arna shéalú ... ar deimhniú é

Tá struchtúr spéisiúil le feiceáil sa Tiontú Oifigiúil sa mhéid is go luaitear an t-ábhar cainte ‘deimhniú’ faoi dhó – leanann clásal ainm bhriathartha an chéad ásc (‘deimhniú do thabhairt ...’). I ndiaidh an chlásail sin cuirtear i láthair an dara huair é (agus é cáilithe ag clásal coibhneasta) mar a bheadh eolas breise faoin méid atá ráite roimhe sin. Is camóg a úsáidtear sa Tiontú Oifigiúil ach bheifí ag súil le fleasc ar na saolta seo mar chomhartha poncaíochta agus an struchtúr seo in úsáid.

Sa tiontú nua, luaitear ‘deimhniú’ faoi dhó chomh maith, ach i struchtúr eile –  cuirtear an dara hásc i láthair trí fhoirm indíreach na copaile: ‘ar deimhniú é gur aonad den Chros Dhearg an t-aonad sin chun críche an Achta seo.’

Nóta tráchta 9

Ní bheidh sé dleathach vs Ní dleathach

Is sna chéad fiche bliain de na hAchtanna is mó a fhaightear an leagan seo mar aistriúchán ar ‘it shall not be lawful’. Faightear corrshampla de i mblianta níos deireanaí ná sin, an ceann is déanaí díobh san Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1987: ‘Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, ní bheidh sé dleathach cumarsáid a dhéanamh le duine... san Acht um Eiseachadadh (Leasú), 1987 (25/1997/4(1)(a)). Faoi mar a bheifí ag súil leis, faightear freisin é agus Achtanna ó bhlianta tosaigh an Stáit á leasú in Achtanna níos déanaí.

Tá an leagan copaileach ar ar bunaíodh an leagan sa tiontú nua le fáil go fairsing sna fasaigh dhéanacha. An buntáiste a bhaineann leis an leagan atá sa Tiontú Oifigiúil gur féidir an aimsir fháistineach a chur in iúl go soiléir ós rud é go bhfuil an briathar ‘bí’ in úsáid. Cé go bhfuil brí fháistineach luaite leis an gcopail, ní chuireann sé an aimsir sin i gcéill ar bhealach chomh soiléir is a chuireann an briathar ‘bí’.

Nóta tráchta 10

aon choimisiún no fostú do ghlacadh vs glacadh le haon choimisiún nó fruilíocht

Feictear anseo an chaoi ar tháinig athrú in imeacht na mblianta ar úsáid an bhriathair ‘glac’ chun coincheapa éagsúla sa Bhéarla a aistriú.

San Acht atá faoi chaibidil anseo, is aistriúchán ar ‘accept’ atá i gceist leis an ainm briathartha ‘do ghlacadh’, i.e. tá ‘glac’ in úsáid mar bhriathar aistreach agus ainmfhocail eile ina gcuspóir díreach aige agus ‘accept’ á chur in iúl.

Faightear ‘glac’ in úsáid ar an gcaoi seo in Achtanna níos déanaí ach is iondúil gur rud fisiciúil éigin a bhíonn á ghlacadh sna cásanna sin; feictear san Acht um Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar (Gníomhas Iontaobhais a Leasú), 1974 ‘glac’ (gan réamhfhocal) á úsáid chun ‘receive’ a aistriú: ‘for the reception care and treatment of any person admitted to the Hospital’ / ‘chun aon duine a ligfear isteach san ospidéal a ghlacadh agus aire agus cóireáil a thabhairt dó.’ (01 (Príobh.)/1974/4)

Agus san Acht um Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann (Cairt agus Litreacha Paitinne a Leasú), 1979 baintear úsáid as ‘glac’ (gan réamhfhocal) chun ‘take’ a aistriú: ‘Amendment of lines 494 to 528 of the Original Charter (disciplinary powers including committal and the power to take six bodies annually for dissection).’ / ‘Leasú ar línte 494 go 528 den Chairt Bhunaidh (cumhachtaí araíonachta lena n-áirítear cimiú agus an chumhacht sé chorp a ghlacadh gach bliain lena ndioscadh) (01 (Príobh.)/1979/9 Taobhnóta).

Le tamall de bhlianta, déantar idirdhealú idir ‘glac’ agus ‘glac le’ ar phointe tábhachtach amháin – go seasann ‘glac’ (mar bhriathar aistreach) do ‘adopt’ an Bhéarla, e.g. san Acht Oideachais, 1998: ‘adopt a programme of activities which will promote the involvement of parents, in consultation with the Principal, in the operation of the school.’ / ‘clár gníomhaíochtaí a ghlacadh lena ndéanfar páirteachas tuismitheoirí, i gcomhairle leis an bPríomhoide, in oibriú na scoile, a chur chun cinn.’ (51/1998/26/2(b)). Agus baintear úsáid as ‘glac le’ chun ‘accept’ an Bhéarla a chur in iúl, e.g. ‘A relevant body may accept gifts of money, land or other property upon such trusts and conditions, if any, as may be specified by the donor.’ / ‘Féadfaidh comhlacht iomchuí glacadh le bronntanais airgid, talún nó maoine eile ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.’ 26/1999/60(1). Dá bhrí sin, agus alt 5(1)(a) á aistriú de réir nósmhaireachtaí na haimsire seo, is mór an seans gur leagan bunaithe ar ‘glac le’ a bheadh ann seachas an leagan atá sa Tiontú Oifigiúil.

Nóta tráchta 11

Cúrsaí inscne: bheith ina bhall vs a bheith ina chomhalta nó ina comhalta

Tá léiriú in alt 5(1)(c) ar athrú nósmhaireachta i leith na n-inscní sna hAchtanna. Go dtí 1995, ní luaití sna hAchtanna Béarla ach an forainm nó an aidiacht shealbhach fhirinscneach ach amháin i gcásanna nuair ba thagairt shonrach do bhean a bhí gceist, e.g. saoire mháithreachais. An cur chuige céanna a bhíodh sna hAchtanna Gaeilge, ach ó 1996 i leith tugtar aitheantas sainráite don dá inscne agus baintear úsáid as an dá leagan den fhorainm nó den aidiacht shealbhach. Bíonn cásanna ann nuair a bhíonn an dá inscne le léiriú go sainráite sa téacs Gaeilge cé nach mbíonn sé sin i gceist sa bhuntéacs Béarla; tá sé sin amhlaidh anseo i mír (c) mar gheall ar an gcaoi ar aistríodh an buntéacs sa tiontú nua agus an aidiacht shealbhach in úsáid – a bheith ina chomhalta nó ina comhalta... mar aistriúchán ar become a member of.

Tá sampla maith eile den láimhseáil ar na hinscní le fáil in alt 11(1). Sa bhuntéacs, níl ach aon sampla amháin d’fhorainm – tagairt don chomhalta den Gharda Síochána (‘whom he reasonably suspects’). Sa Tiontú Oifigiúil, tá an forainm réamhfhoclach ‘aige’ ann faoi dhó – tagairt amháin don chomhalta den Gharda Síochána agus tagairt eile don duine a bhfuil amhras faoi. Sa tiontú nua, faightear ‘é nó í’, ‘air nó uirthi’, ‘ina thaobh nó ina taobh’ agus ‘aige nó aici’.

(Cinneadh an dá inscne a chur i láthair go sainráite sa tiontú nua de réir nósmhaireachtaí na haimsire seo, in ainneoin nach bhfuil siad luaite go sainráite sa bhuntéacs.)

Nóta tráchta 12

pas i seilbh an duine sin (sa tiontú nua)

Bhain dúshlán aistriúcháin leis an gcuid láir den fho-alt seo agus holder of a passport issued to him le haistriú. Féachadh i dtosach le haistriúchán docht a dhéanamh agus dhá ainmfhocal – ‘sealbhóir pas’ – a úsáid sa spriocthéacs nua. Ach bhain deacracht leis sin ós rud é go raibh cáiliú le déanamh ar ‘pas’ – nuair a bhí abairt chopaileach aicme i gceist, i.e. ‘mura sealbhóir pas (cáiliú) an duine sin’. Mar gur cáiliú an-fhada (pas arna eisiúint … chríocha na Spáinne) a bheadh le déanamh, bheadh an t-ainmní rófhada ón bhfaisnéis le go mbeadh an abairt soiléir.

Beartaíodh dá réir sin ar aistriúchán eile: ‘mura bhfuil i seilbh an duine sin pas arna eisiúint ...’ D’fhág an réiteach sin gurbh fhéidir an t-ainmfhocal ‘pas’ a cháiliú go sásúil leis na clásail a leanann é agus an abairt soiléir go leor dá réir.

Nóta tráchta 13

pas taistil

Bhí dúshlán téarmaíochta san fho-alt seo agus an tiontú nua á chur le chéile: is é ‘pas’ an téarma is mó a úsáidtear sna fasaigh ar ‘pass’ (e.g. 29/1955/42) ach, ar ndóigh, is é sin an téarma Gaeilge a sheasann freisin do ‘passport’ an Bhéarla; ó tharla ‘passport’ a bheith in úsáid san Acht seo freisin – sé huaire – níor mhór téarma eile a úsáid i leith ‘pass’. Fuarthas fasach amháin de ‘cead’ in úsáid chun ‘pass’ an Bhéarla a chur in iúl, san Acht Cosanta, 1954: ‘aon duine nach mbeadh dá éagmais seo faoin dlí míleata agus a mbeidh cuid d’Óglaigh na hÉireann atá ar fianas á tionlacan aige agus a mbeidh aige, ó oifigeach ceannais na coda sin, cead, is inchúlghairmthe mar is áil leis an oifigeach ceannais sin, a thugas teideal dó cóir ar aon dul le cóir oifigigh a chur air.’ (18/1954/118(1)(e). Measadh, áfach, go raibh an baol ann nach mbainfí an chiall ‘doiciméad’ as ‘cead’ fiú dá gcuirfí cáilitheoir leis. Cinneadh ar an bhfocal ‘pas’ a úsáid ach ‘taisteal’ a chur leis mar cháilitheoir i.e. ‘pas taistil’. Díol spéise gurbh é an réiteach céanna a rinneadh ar an bhfadhb seo sa tiontú oifigiúil agus ‘pas taistil’ in úsáid ansin freisin.

Nóta tráchta 14

beidh gach stiúrthóir ... beidh sé ciontach i gcionta

Feictear comhréir sa Tiontú Oifigiúil nach n-úsáidtear i reachtaíocht na linne seo: tá an briathar ‘beidh’ athráite – is dóigh gur braitheadh go raibh an clásal a tháinig i ndiaidh an chéad áisc den bhriathar (‘gach stiúrthóir .... go feasach,’) an-fhada agus go raibh bearna rómhór idir é agus an fhaisnéis, agus gur ghá dá réir an briathar a lua an dara huair.

Nóta tráchta 15

ceiliúradh do dhéanamh ... ar aon ordú vs aon ordú ... a chúlghairm

Díol spéise an leagan atá in úsáid sa tiontú oifigiúil ar ‘revoke’ – ‘ceiliúradh do dhéanamh ar’. Is cosúil gurb é an bhrí ‘slán a fhágáil le’ atá ag ‘ceiliúradh’ atá á chur i gcéill anseo agus gur baineadh úsáid as an leagan sin go dtí tús na 1940idí chun ‘revoke’ a aistriú. Is san Acht Rialtais Áitiúil, 1941 a fhaightear an sampla is déanaí den leagan sin: ‘(3) Féadfaidh an tAire le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (agus aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so dáireamh). (23/1941/53(3))

Is san Acht Árachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 (07/1942) is túisce a fhaightear ‘cúlghairm’: ‘Féadfaidh an tAire aon deimhniú eisceachta do chúlghairm tráth ar bith.’ (07/1942/5(3)) agus is é an leagan sin atá in úsáid sna hAchtanna ó shin chun ‘revoke’ a chur in iúl i nGaeilge.

fé mar is dóich leo is ceart vs de réir mar is cuí léi

Feictear dhá leagan éagsúla sa dá spriocthéacs chun ‘as they shall think proper’ a chur in iúl; tabharfar faoi deara sa tiontú nua an nós reatha forainm nó aidiacht shealbhach san uatha (agus a ghéilleann d’inscne an ainmfhocail) a úsáid nuair is comhlacht de shaghas éigin atá i gceist. Sa Tiontú Oifigiúil tá forainm réamhfhoclach sa tríú pearsa, uimhir iolra in úsáid faoi mar ba ghnách sa tréimhse sin agus coincheap slua daoine á léiriú.

Focal scoir

San alt seo tugadh spléachadh ar chuid de na hathruithe atá tagtha ar an nGaeilge oifigiúil le ceithre scór bliain anuas faoi mar a úsáidtear í in Achtanna an Oireachtais. Rinneadh é sin tríd an Acht i dtaobh Cogaidh Chathardha na Spáinne (Neamh-Eadarghabháil), 1937 a athaistriú de réir thuiscintí na haimsire seo ar an gCaighdeán Oifigiúil agus pointí spéise ar leith a chíoradh nuair a cuireadh an dá spriocthéacs i gcomparáid lena chéile. D’fhéadfaí anailís ní b’fhairsinge fós a dhéanamh ar na hathruithe teanga sin i gcás an Achta seo féin ach scóip ní ba leithne a bheith ar fáil thar mar a bhí don ghearrshaothar taighde seo. Is cinnte gur corpas fíorthábhachtach iad Achtanna an Oireachtais agus go mbeidh deiseanna ann amach anseo gnéithe spéisiúla eile d’fhorbairt na teanga oifigiúla a ransú.

A lán d’Achtanna an Oireachtais, is téacsanna tura, teicniúla reachtaíochta a bhíonn iontu nach gcuirfeadh an pobal trí chéile mórán spéise iontu. Ina dhiaidh sin féin, faightear corrsheoid ina measc agus léiriú iontu ar ghnéithe spéisiúla den saol a bhíonn ann an tráth a bhfoilsítear an tAcht. Is cinnte go mbaineann an tAcht i dtaobh Cogaidh Chathardha na Spáinne (Neamh-Eadarghabháil), 1937 leis an aicme sin agus blaiseadh le fáil ann de pholaitíocht chorraitheach na hEorpa sna 1930idí. Díol spéise go bhfuil macalla againn le tamall de na heachtraí a spreag an tAcht seo agus daoine ón Domhan Thiar agus ó Éirinn féin ag triall ar thíortha sa Mheánoirthear le trodaíocht a dhéanamh i gcogaí cathartha an réigiúin sin – is iontach mar a chasann rothaí an tsaoil agus na staire.

 

 

1     25/1998/12(1): Féadfaidh an Coimisinéir, trí fhógra i scríbhinn (dá ngairtear fógra faisnéise san Acht seo) a sheirbheálfar ar dhuine, a cheangal ar an duine cibé faisnéis, i ndáil le nithe a bheidh sonraithe san fhógra, is gá nó is fóirsteanach chun go gcomhlíonfaidh an Coimisinéir a chuid feidhmeanna, a thabhairt dó i scríbhinn laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra.

2     22/1989/5 Taobhnóta: Soláthar fístaifeadtaí d’fhís-saothair neamhdheimhnithe a thoirmeasc.
24/1961/88(2)(d): a thoirmeasc ar thrácht sonraithe codanna sonraithe den ród a úsáid;

3     02/1998/18 “26 (a)(2) ‘(c)’”: ‘(c) más stiúrthóir ar aon fhoras creidmheasa, foras airgeadais nó gnóthas árachais é tráth an cheaptha, scarfaidh sé leis an stiúrthóireacht sin laistigh de dheich lá tar éis a cheaptha agus mura ndéanfaidh sé amhlaidh beidh sé dícháilithe, nuair a bheidh na deich lá sin caite, ó bheith i seilbh oifig an Ghobharnóra ;’,

4     23/1985/1(1): Fad a bheidh an t-alt seo i bhfeidhm déanfar an tagairt in alt 1 d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1981, do cheithre dhuine dhéag a fhorléiriú mar thagairt do chúig dhuine dhéag.

5     1/2008/3(1): Aon uair agus a mhinice is cuí leis an Aire, agus faoi réir cibé eisceachtaí (más ann) a mheasfaidh sé nó sí a bheith cóir, ag féachaint do chríocha an Achta seo, féadfaidh an tAire, le hordú, soláthar cibé aicme nó aicmí gníomhaíochtaí bróicéireachta a shonrófar san ordú a thoirmeasc nó a rialáil, ach amháin maidir le soláthar atá faoi réim agus de réir ceadúnais.

6     22/2009/32(9): I gcás ina gciontaítear duine i gcion faoi fho-alt (7)(a) agus, mar gheall ar an gcion sin, inar mhuirearaigh an t-údarás tithíochta cíos is ísle i leith tacaíochta tithíochta a sholáthar ná mar a mhuirearódh sé murach sin, beidh an méid a ndearnadh an cíos a ghearrmhuirearú inaisíoctha leis an údarás tithíochta agus dlífidh an duine nó ionadaí pearsanta an duine sin an méid is inaisíoctha amhlaidh a íoc leis an údarás tithíochta, ar é a éileamh, agus féadfaidh an t-údarás tithíochta an méid sin a ghnóthú, mura n-aisíocfar amhlaidh é, mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

7     25/2009/11: Gach conradh nó comhaontú a bheidh déanta idir an Chomhairle, nó aon iontaobhaí nó gníomhaire de chuid na Comhairle a bheidh ag gníomhú thar a ceann, agus aon duine eile, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis amhail is dá gcuirfí an tAire ann in ionad na Comhairle nó, de réir mar a bheidh, in ionad iontaobhaí nó ghníomhaire na Comhairle a bheidh ag gníomhú thar a ceann, agus beidh an conradh nó an comhaontú infhorfheidhmithe i gcoinne an Aire.

8     31/2009/5(1) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an tAcht seo a rith, tús a chur le hathbhreithniú ar oibriú an Achta.

9     1/1999/40(1)(c): Féadfar ainmniú faoin bhfo-alt seo a dhéanamh aon tráth roimh an lá a aistreofar feidhmeanna an Aire chuí faoin Acht seo nó aon tráth nach faide ná 2 bhliain tar éis an lae sin.

10   24/1998/22(5): D’ainneoin aon ní san alt seo, leanfaidh duine, a bhí i seilbh oifige mar stiúrthóir den chuideachta roimh thosach feidhme an Achta seo, in oifig mar stiúrthóir den sórt sin, faoi réir alt 33 agus na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar dá réir a ceapadh é nó í, go dtí deireadh na tréimhse ar ina leith a ceapadh é nó í, amhail is nár ritheadh an tAcht seo.

11   19/1983/18(4): Aon uair a dhéanfar ordú i gcomhair atrialach faoin alt seo, féadfar an duine ar i leith a chiontaithe a rinneadh an t-ordú, d’ainneoin aon ní in Acht 1954 nó in aon riail dlí, a chúiseamh agus a thriail arís agus, má fhaightear ciontach é, féadfar pianbhreith a ghearradh air mar gheall ar an gcion ab ábhar don chiontú.

12   32/2009/25 “6(1)(b)”: ciallaíonn ‘ cion tromaí ’ cion a bhféadfar duine a phionósú ina leith le príosúnacht ar feadh téarma 4 bliana nó tréimhse is faide ná sin;

13   32/2009/12/“74A(1)”: I gcás go mbeidh cúirt ag cinneadh na pianbhreithe atá le forchur ar dhuine mar gheall ar chion tromaí, measfar, chun an phianbhreith a chinneadh, gur tromú ar an gcion é go ndearnadh an cion mar chuid de ghníomhaíochtaí eagraíochta coiriúla, nó ar mhaithe leis an gcéanna.

14   32/2009/25 “6(6)”: Déanfar forléiriú ar an abairt ‘taifead eile’ san alt seo a bheidh comhchosúil leis an bhforléiriú dá bhforáiltear le halt 2 d’Acht 1939 i leith na habairte ‘doiciméad’.

15   28/2007/9(4)(a): Ní dhéanann aisghairm an Government of Ireland Act 1920 leis an Acht seo difear d’aon Ordú i gComhairle arna dhéanamh faoin Acht sin agus lena n-oiriúnaítear tagairtí in achtachán, nó in aon chuid den achtachán sin, atá i bhfeidhm fós tráth rite an Achta seo agus lena mbaineann an t-oiriúnú.

16   9/1947/2(1): aon chogaidh ina raibh nó ina bhfuil an Ríocht Aontaithe ina cogaíoch agus a thosnaigh an 3ú lá de Mhéan Fómhair, 1939, nó dá éis, agus roimh an 14ú lá de Mheitheamh, 1946, nó

17   27/2009/27(2): Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le cumhacht de chineál iontaobhais ná de chineál cumhachta muiníní eile.

18   18/1954/271(1): I gcás ordú údaruithe urinnlíocht a dhéanamh, bhéarfaidh an tAire cúiteamh in aon damáiste do phearsa dhuine nó do mhaoin, nó in aon chur isteach ar chearta nó pribhléidí, a tharla de dhroim na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo d’fheidhmiú, pé acu gníomhartha ag na fórsaí míleata a bhí ag gabháil do na hurinnlíochtaí faoi deara iad nó nach ea, agus áireofar ann gach caiteachas a ndeachthas faoi go réasúnach ag cosaint pearsan daoine, maoine, ceart agus pribhléidí, agus aon damáiste a rinneadh daon bhóthar de dheasca an iomarca meáchain nó tráchta neamhghnáthaigh.

19   1/2008/7(1): ciallaíonn “feithicil” aon chóir iompair ina ndéantar nó lena ndéantar aon duine nó rud, nó iad araon, a iompar agus atá ceaptha lena húsáid ar talamh, nó ar uisce nó san aer,

20    2/1965/35(1)(a)“(3)”: D’ainneoin aon ní san alt seo nó in aon achtachán eile, ní dhéanfaidh Coimisiún na Talún, chun aon chríche seachas chun maolú ar chúngracht sa gharchomharsanacht nó chun páirceanna spóirt, páirceanna poiblí, faichí áineasa nó faichí imeartha a sholáthar nó chun gairdíní a chur ar fáil do scoileanna nó (i gcás talún nach bhfuil faoi bhun caoga slat ó theach cónaithe áitithe a bhí ann i dtosach feidhme na tréimhse cáiliúcháin agus sa chás sin amháin) chun saoráidí a sholáthar do dhaoine a bheadh ag bádóireacht nó ag iascaireacht ar an bhfarraige nó ar loch nó ar abhainn, aon talamh a thógáil go héigeanta más deimhin leis na Coimisinéirí Tuata ina leith

21   22/1972/14(1)(a): Féadfar, de réir rialachán, a údarú do dhuine, seachas duine lena mbaineann mír (a), an t-airgead a bheidh faighte aige i leith déanamh seirbhísí inchánach a áireamh mar chomaoin i leith na seirbhísí sin a dhéanamh, agus i gcaitheamh na tréimhse a bheidh sé údaraithe amhlaidh, déanfar, chun críocha alt 10 (1), tagairtí san Acht seo do chomaoin a fhorléiriú, i ndáil le seirbhísí a rinne an duine a bheidh údaraithe amhlaidh, mar thagairtí d’airgead a fuair sé iarbhír.

22   27/2009/5(6): Féadfaidh cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus coimhdeacha a mheasfaidh an tAire is gá nó is fóirsteanach a bheith i rialachán faoin alt seo.

23   6/2009/42(2)(c): gur dóigh d’ainm na heagraíochta carthanúla, i dtuairim an Údaráis, a thabhairt ar dhaoine den phobal a chreidiúint go bhfuil baint aici leis an Rialtas, le húdarás áitiúil, nó le haon duine nó comhlacht daoine nach bhfuil aon bhaint aici leo, nó

24   31/2009/44(7): Aon uair a bheartaítear ordú a dhéanamh faoin alt seo, déanfar dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú mura rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

25   31/2009/31(7): Féadfaidh an chúirt i gcaingean clúmhillte dámhachtain damáistí a dhéanamh (dá ngairtear “damáistí speisialta” san alt seo) don ghearánaí i leith caillteanais airgeadais a d’fhulaing sé nó sí de dheasca na díobhála dá chlú nó dá clú arbh é foilsiú an ráitis chlúmhilltigh ar ina leith a tionscnaíodh an chaingean ba chúis le

26   16/2008/An Sceideal/26(f): Forbairtí eolaíochta agus teicneolaíochta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’oibriú an Chonartha seo a bhreithniú agus a athbhreithniú. Sa chomhthéacs seo, féadfaidh an Chomhdháil a ordú don Ard-Stiúrthóir Bord Comhairleach Eolaíochta a bhunú chun a chumasú dó nó di, le linn a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh, comhairle speisialta i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta is iomchuí maidir leis an gConradh seo a thabhairt don Chomhdháil, don Chomhairle Feidhmiúcháin nó do Stáit is Páirtithe. Sa chás sin is iad a bheidh ar an mBord Comhairleach Eolaíochta saineolaithe neamhspleácha a bheidh ag fónamh ina gcáil aonair agus a cheapfar, de réir téarmaí tagartha arna nglacadh ag an gComhdháil, ar bhonn a gcuid saineolais agus taithí sna réimsí eolaíochta áirithe is iomchuí maidir le forfheidhmiú an Chonartha seo;

27   27/2006/23(a)“(2A)”: Féadfaidh an Bord ordachán a thabhairt don duine a bheidh ag seoladh na héisteachta ó bhéal go gceanglóidh sé nó sí ar dhaoine a bhfuil ar intinn acu láithriú ag an éisteacht na poncanna nó achoimre ar na hargóintí a bheartaíonn siad a dhéanamh ag an éisteacht a chur faoina bhráid nó faoina bráid, i scríbhinn agus sula seolfar an éisteacht; i gcás go dtabharfar ordachán den sórt sin, comhlíonfaidh an duine sin é (agus, dá réir sin, cumasaítear dó nó di ceanglas den sórt sin a chur).

28   3/1998/77 “372N.—(1)”: ciallaíonn ‘scéim cheadaithe’ scéim a bhfuiltear ag gabháil di le ceadú ó údarás áitiúil agus arb é an cuspóir atá léi, nó ar ceann dá cuspóirí, saoráidí séarachais, soláthairtí uisce nó bóithre a chur ar fáil chun críocha poiblí;

29   28/1954/4(1)(a): cabhair shaorálach a thabhairt do na comhaltaí tinne agus gonta, agus do na comhaltaí longbhriste ar muir, d’fhórsaí armtha le linn cogaidh,

30   24/2008/An Sceideal/2(a)i): chun dul go dtí an láithreán, agus teacht ón láithreán, ar a n-úsáidfear í, agus, le linn di a bheith ag dul agus ag teacht amhlaidh, nach n-iompraíonn ná nach dtarlaíonn sí aon ualach seachas ualach is gá lena tiomáint nó lena trealmhú, nó

31   6/2008/3: (I) tá cónaí ar na daoine sin amhlaidh d’aon toisc chun a ndualgais mar fhostaithe a chomhall; rogha eile a bhí le fáil sna fasaigh is ea ‘chun críche ... agus chun na críche sin amháin: (Féach freisin 25/2008/64(1)“135(1)(c)”: gur chun críche comórtais, taispeántais, seó, taispeána, nó chun críche dá samhail, agus chun na críche sin amháin,)

32   29/2007/33“(3I)”: I gcás duine a bhfuil pianbhreith arna forchur faoi fho-alt (3A) den Acht seo, ní dhéanfar aon chumhachtaí a thugtar le rialacha arna ndéanamh faoi alt 2 den Acht um Dhlínse Choiriúil 1960 chun duine a bhfuil pianbhreith príosúnachta á cur isteach aige nó aici a scaoileadh saor go sealadach, a fheidhmiú le linn na tréimhse ar lena linn a thoirmisctear le fo-alt (3G) a phionós nó a pionós a iomalartú nó a loghadh ach amháin ar chúis thromaí de chineál daonchairdiúil, agus ní mhairfidh aon scaoileadh saor arna dheonú amhlaidh ach cibé fad teoranta atá cóir ag féachaint don chúis sin.

33   26/1998/49(1): I gcás go dtabharfar breithiúnas i gcoinne na cuideachta in aon imeachtaí de bhun éileamh lena mbaineann alt 47 (1) nó in imeachtaí a leanann de bheith i bhfeidhm faoi alt 48, agus nach bhfuil an duine ar tugadh an breithiúnas ina fhabhar in ann an breithiúnas a chur i bhfeidhm, go hiomlán nó go páirteach, i gcoinne na cuideachta, beidh sé i dteideal breithiúnas i gcoinne an Aire Airgeadais a thaifeadadh in aon chúirt dlínse inniúla i leith aon mhéid nár gnóthaíodh ar scór an bhreithiúnais mar fhiach a bheidh dlite dó ag an Aire sin.

34   16/2008/5(1): Féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta deimhniú a eisiúint d’aon duine is comhalta d’fhoireann iniúchta, ar deimhniú é—

35   12/1977/35(2)(b)“3”: San alt seo ciallaíonn ‘an Pharmacopoeia Eorpach’ an Pharmacopoeia a oibríodh amach faoi choimirce Chomhairle na hEorpa de bhun an Choinbhinsiúin chuige sin a rinneadh i Strasbourg an 22ú lá d’Iúil, 1964.

36   7/1988/20(4): Chun críocha fho-alt (3) den alt seo, is leorfhianaise, go dtí go suífear a mhalairt, maidir leis an dáta ar tháinig an fhianaise sin a dúradh i seilbh an Aire, deimhniú arna shéalú le séala oifigiúil an Aire ag lua an dáta sin.

37   16/2008/5(1)(a): Féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta deimhniú a eisiúint d’aon duine is comhalta d’fhoireann iniúchta, ar deimhniú é
(a) ina sainaithneofar an duine faoina ainm nó faoina hainm agus ina léireofar a stádas agus a údarás nó a húdarás chun iniúchadh ar an láthair a sheoladh nó a bhreathnú,

38   35/1968/2 Taobhnóta: Toirmeasc le craoladh ó longa agus ó aerárthaí.

39   4/2009/9 “15(1)”: Faoi réir fhorálacha alt 10, ní dleathach d’aon duine cumarsáid a dhéanamh le comhaltaí Coimisiúin um Thoghlaigh nó leis an bhfoireann a gcuirtear a seirbhísí ar fáil do Choimisiún um Thoghlaigh faoi alt 11 chun tionchar a imirt ar an gCoimisiún le linn dó a fheidhmeanna a chomhall.

40   29/1973/11(4)(a): más gníomh é ag duine is saoránach d’Éirinn nó ar sa Stát a chónaíonn sé de ghnáth, nó

41   31/2009/Sceideal 2/7(2) Ní ghlacfaidh Comhairle an Phreasa le bronntanais ná le maoiniú ó aon duine seachas síntiúis dá dtagraítear i bhfomhír (1).

42   28/2009/33 “4C(2)”: Níl feidhm ag fo-alt (1) maidir le húsáid airm tine a éascú nó gabháil dá úsáid de bhun údaraithe faoi alt 2(5)(a) den Acht seo, i gcás gur lú ná 16 Ghiúl fuinneamh béil an airm tine.

43   37/1998/39(1): Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina mbeidh gnólacht infheistíochta tar éis brainse a bhunú i mBallstát eile de réir fhorálacha Airteagal 17 den Treoir um Sheirbhísí Infheistíochta nó de réir fhorálacha Airteagal 18 de Threoir Uimh. 89/646/CEE an 15 Nollaig, 1989, ón gComhairle agus go mbeidh sé, faoi fhorálacha Airteagal 7 den Treoir um Chúiteamh d’Infheisteoirí, tar éis dul isteach i scéim chúitimh d’infheisteoirí laistigh de chríoch an Bhallstáit sin.

44   19/2007/65(1) (c): duine eile a aslú ná féachaint le duine eile a aslú chun páirt a ghlacadh i scéim den sórt sin.

45   9/1985/67(1): Is cion ag duine aon dearbhú bréagach a dhéanamh nó aon mhífhaisnéis a thabhairt chun clárú a fháil in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle nó cabhrú agus neartú le haon dearbhú bréagach den sórt sin a dhéanamh nó aon mhífhaisnéis den sórt sin a thabhairt.

46   25/1988/22 Taobhnóta: Sonraí pearsanta a fuarthas gan údarás a nochtadh.

47   16/1977/9: Ní thabharfaidh duine ar dhuine eile ná ní fhéachfaidh sé le tabhairt air aon ní is idirdhealú a dhéanamh i ndáil le fostaíocht.

48   32/1976/Taobhnóta: Gríosú nó cuireadh chun dul isteach etc. in eagraíocht neamhdhleathach.

49   33/1963/49(3)(a): go ndearna sé, tar éis dó toiliú chun bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta, an toiliú sin a tharraingt siar sular eisíodh an réamheolaire, agus gur eisíodh é gan a údarás ná a thoiliú; nó

50   24/1998/2(1)(b): muirir a thoibhítear i leith paisinéirí do theacht d’aer chuig aerfort nó d’imeacht d’aer ó aerfort, nó

51   11/1985/5(5): Aon duine a dhéanfaidh aon ghníomh (cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh) de shárú ar aon rialachán arna dhéanamh faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

52   26/1998/40 Taobhnóta: Srian le meabhráin chomhlachais nó le hairteagail chomhlachais fochuideachtaí a athrú. (Tá ‘srian le’ agus ‘srian ar’ araon le fáil go fairsing sna fasaigh.)

53   20/2000/2(8)(a): i gcás duine a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát den Chomhphobal Eorpach seachas an Stát, aon Phas Airm Tine Eorpach arna eisiúint go cuí chuig an duine sin lena mbaineann míreanna (4) agus (5) de Rialachán 7 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Airm agus Armlón a Fháil agus a Shealbhú), 1993 (I.R. Uimh. 362 de 1993), nó

54   12/1967/30 Taobhnóta: Formhuiniú ar bharántais maidir le scaoileadh faoi bhannaí

55   18/2009/85(1): Déanfaidh an Rialtas, ó am go ham de réir riachtanas na hócáide, comhalta de bhord corparáide a cheapadh

56   22/2009/28(4): Faoi réir Achtanna na dTithe 1966 go 2009 agus rialachán arna ndéanamh fúthu, féadfaidh údarás tithíochta, maidir le teaghais nó láithreán lena mbaineann fo-alt (1)(a):

57   10/1948/2: Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comharshocraíochta nó socraíochta eile a dhéanamh, le húdarás cuí aon tíre eile, maidir le nithe a bhaineas le—

58   4/2008/20(1)(b): a bhfuil pas ina sheilbh nó ina seilbh nó faoina urláimh nó faoina hurláimh gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach ar pas bréagach é agus arb eol dó nó di ina leith, nó a gcreideann sé nó sí ina leith, gur pas bréagach é,

59   12/1960/14: “11. Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le liúntas dá bhforáiltear le mír (b) d’fho-alt (2) nó le mír (b) d’fho-alt (3) den alt deiridh roimhe seo:

60   5/2005/138: “(2A) (a) Ní rachaidh oifigeach údaraithe, gan toiliú an áititheora, isteach in aon áitreabh, ná isteach sa chuid sin d’aon áitreabh, a bheidh ar áitiú go hiomlán agus go heisiach mar áit chónaí phríobháideach, ach amháin sa chás go dtabharfaidh an t-oifigeach sin barántas ar aird arna eisiúint ag Breitheamh den Chúirt Dúiche á údarú go sainráite don oifigeach údaraithe dul isteach amhlaidh.

61   29/1955/42: féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pas a thabhairt dá réir sin agus beidh éifeacht ionann is dá mba dheimhniú cláraitheachta é ag an bpas sin don tréimhse, agus laistigh de na tóranta. a luafar ann.

62   3/2008/16(1)”(e)”: barántais agus ionstraimí eile a thugann teideal dá sealbhóirí suibscríobh le haghaidh urrús,

63   18/2009/127(12): Ní chuirfidh aon ní san alt seo cosc ar Bhealach Scannán na hÉireann seirbhísí Bhord Scannán na hÉireann a chur chun cinn nó craoladh na bpríomhscannán agus na bpríomhshaothar aige sa todhchaí a chur chun cinn.

64   21/1973/1: ciallaíonn “an Cumann” Comharchumann an Bhord Bainne Teoranta;

65   41/1998/16(2)(b): onnmhairiú aon ábhair, lena gcumasaítear an cineál cosanta a iomadú, isteach i dtír nach gcosnaíonn cineálacha den ghéineas nó den speiceas planda lena mbaineann an cineál cosanta, mura tomhailt deiridh is críoch don onnmhairiú sin.

66   22/1999/4(3): Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú arna dhéanamh faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

67   43/1998/8(10(b): ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £100,000 a chur air nó uirthi.

68           22/2000/25(5): Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (4) beidh sé nó sí, ar gach lá tar éis é nó í a chiontú sa chion sin a leanfaidh sé nó sí de cheanglas san fhógra freastail scoile lena mbaineann an cion sin a shárú, ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £200, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná mí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi.

Leabharliosta: 

Leabhair

Casanova, J., (2013) A Short History of the Spanish Civil War. Londain: I.B. Tauris.

Lannon, F., (2002) The Spanish Civil War 1936 – 1939. Oxford: Osprey Publishing.

McGarry, F., (1999) Irish Politics and the Spanish Civil War.  Corcaigh: Cork University Press.

Preston, P., (1996) A Concise History of the Spanish Civil War.  Londain: Fontana Press.

Fanning, R.; Crowe C.; Keogh, D. (2006) Documents on Irish Foreign Policy, Volume V, 1937-1939.  Baile Átha Cliath: Royal Irish Academy.

Ó Sé, D., (2009) An Teanga Bheo: Corca Dhuibhne.  Baile Átha Cliath: An Gúm.

Rialtas na hÉireann, (1958) Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge – An Caighdeán Oifigiúil.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Foinsí leictreonacha

www.achtanna.ie

McGarry, F. (gan dáta) Fionnula Flanagan Episode – Irish Involvement in the Spanish Civil War 1936-39. Le fáil ag: http://www.rte.ie/tv/whodoyouthinkyouare/social_fionnula2.html