Conspóidí an Ghúim: Léargas óna Chartlann

Dorothy Ní Uigín
Topaic(í): 

Réamhrá

Ó bunaíodh an Gúm sa bhliain 1926, tá sé ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is bisiúla in Éirinn.  San alt seo, áfach, breathnaítear ar roinnt de na conspóidí a bhain leis an nGúm sna blianta luatha tar éis a bhunaithe agus tarraingítear ar ábhair as Cartlann an fhoilsitheora (ar fáil sa Chartlann Náisiúnta i mBaile Átha Cliath), chun léargas a fháil ar cheisteanna tábhachtacha a bhain leis an nGaeilge sna 1930í agus 1940í ach go háirithe.  Breathnaítear go sonrach ar cheisteanna a bhain leis na deontais a bhí ag an nGúm sa tréimhse atá i gceist agus ar thionchar an Ghúim ar cheist an chló i gcás scríobh na Gaeilge.  Tá tábhacht ar leith leis na ceisteanna seo, mar go raibh scríobh agus foilsiú na Gaeilge san 20ú haois múnlaithe cuid mhór ag imeachtaí a tharla sa Ghúm nó a bhain leis.

Cúlra an Ghúim

Dúirt ‘Torna’, (Tadhg Ó Donnchadha), a chaith seal ina bhall de choiste comhairle an Ghúim, an méid a leanas faoin litearthacht agus faoin bhfoilsitheoireacht sa Ghaeilge ag deireadh na 19ú haoise (in Ní Chiaragáin, 1935: vii):

Má bhí leathchéad duine in Éirinn go léir an uair san go raibh léigheadh agus scríobhadh na Gaedhilge aca san chló Ghaedhlach déarfainn gurbh é an t-iomlán é.  Ní raibh aon cheapadóireacht a dhéanamh innti acht fírbheagán filidheacht san Ghaedhealacht a bhí maithgo leor ina háit dúchais, acht na cuirfidhe suim innti i n-aonáit eile.  Tá atharrú iongantach ar an scéal ó shoin, buidheachas le Dia.  Isé Irisleabhar na Gaedhilge do chuir tosach ar an atharru soin agus a chuidigh leis ar feadh seacht mbliadhna fichead.

Le linn na hAthbheochana, foilsíodh samplaí de nualitríocht na Gaeilge sna hirisí agus sna tréimhseacháin de chuid Chonradh na Gaeilge, ach bhí líon na leabhar Gaeilge a foilsíodh sa tréimhse seo teoranta.  Rinne an Conradh iarrachtaí tabhairt faoin deacracht seo trí bhunú Choiste na bhFoilseachán i 1899.  Is beag bunsaothar a d’fhoilsigh an Conradh, áfach; cuid mhór ábhar d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge a foilsíodh ina ionad sin.  In aineoinn a bhfuil ráite ag Torna thuas faoin athrú mór a tharla de bharr an Chonartha, thug David Greene (1972: 12) faoi deara, faoin mbliain 1922, ‘…all but a handful of the total [cainteoirí dúchais na tíre]were literate only in English and were totally cut off from reading matter in Irish, unless it could be read aloud to them in the old style.’

Bunú an Ghúim

Nuair a bunaíodh an Stát rinneadh ábhar éigeantach den Ghaeilge sa chóras oideachais.  Thuig Rialtas an tSaorstáit nuabhunaithe go raibh gá ann an scríbhneoireacht agus an fhoilsitheoireacht a chothú sa Ghaeilge, ach ba bheag foilsitheoir príobháideach sa tír a bhí ag foilsiú sa Ghaeilge ag an am sin.  Cheap an Rialtas go gcabhródh bunú an Ghúim leis an bhfadhb a réiteach.

Thíos, tá an fógra a foilsíodh i nuachtáin náisiúnta agus áitiúla i Mí an Mhárta 1926 agus a chuir an pobal ar an eolas faoi scéim nua Rialtais chun tacú leis an bhfoilsitheoireacht sa Ghaeilge, agus ar tugadh an ‘Gúm’ ina dhiaidh sin air. 

AN ROINN OIDEACHAIS

‘Tá Roinn an Oideachais ar aigne cabhair airgid a thabhairt chun foillsiú do dhéanamh ar leabhra Gaedhilge a measfar a bheith feileamhnach i gcóir na Meadhon-Sgol.

Tá gach eolas a bhaineas leis na coingheallacha fá na mbronnfar an chabhair seo le fáil ó:–

AN RUNAIDHE, An Roinn Oideachais, 1 Sráid an Húmaigh, Baile Átha Cliath.’

 

Is fiú suntas a dhéanamh don fhocal ‘scéim’ anseo, mar gur bunaíodh an Gúm ar dtús leis an bhfoilsitheoireacht sa Ghaeilge a chothú, agus ní mar chomhlacht foilsitheoireachta ann féin.  Ar ndóigh, is ‘scéim’ is bunbhrí leis an bhfocal ‘Gúm’ féin.  B’ábhar conspóide ina dhiaidh sin é go raibh an Gúm ag fáil deontais fhlaithiúla nuair a bhí comhlachtaí eile ag streachailt.

Earnán de Blaghd, an tAire Airgeadais ag an am, ba chúis le bunú na scéime, agus i measc na ndaoine eile a bhí páirteach ann bhí an tOllamh Seoirse Mac Niocaill, León Ó Broin agus Micheál Breathnach; ba Státseirbhísigh iad an triúr acu, agus cuireadh leagan amach na scéime faoina gcúram.  Tharraing an dlúthbhaint seo a bhí ag an nGúm leis an Rialtas cáineadh ó scríbhneoirí agus ó dhaoine eile a bhraith nárbh iad na Státseirbhísigh ab fhearr le meastóireacht a dhéanamh ar luach liteartha shaothar na scríbhneoirí.  Deir Titley (1984: 83) gur mheas roinnt scríbhneoirí go raibh siad á ndíol féin le ‘hinneall an stáit’, agus maíonn Ó Muirí (1999: 122):

The anger authors felt towards the civil servants responsible for the day-to-day running of the department often boiled over with the result that writers could find their work (both original and translated) not being published for a considerable period.

 

An tAinm ‘An Gúm’

Bhain conspóid leis an nGúm ón tús; bhí an deacracht a bhain leis an ainm féin ar cheann de na fadhbanna seo, mar gur ceapadh go raibh an focal ‘Gúm’ doiléir.  Tugann Tomás de Bhaldraithe (1982: 167-8) míniú ar an ainm ina aiste ‘Brí agus Bunús an Fhocail Gúm’, agus deir sé go bhfuil sé bunaithe ar an bhfocal Béarla gome, seanleagan canúna den fhocal game.  Cuireann sé leis an míniú ag úsáid Webster’s New International Dictionary (1924), agus an Oxford English Dictionary, agus deir sé gur ceann de na bríonna atá leis an bhfocal ‘game’‘“a scheme or art employed in the pursuit of an object or purpose…a plan” (WNID); “a proceeding, a scheme” (OED).’  Thug de Bhaldraithe an míniú seo breis is leathchéad bliain tar éis bhunú an Ghúim, áfach. 

Ní léir ó Chartlann an Ghúim féin an chúis ar roghnaíodh an t-ainm seo, ach tacaíonn míniú na Roinne Oideachais, atá le feiceáil in alt in Comhar (1980: 18-9), le míniú de Bhaldraithe thuas.  Deirtear ansin gur ‘Scéim nó plean is ciall leis an bhfocal gúm.’  Maíonn León Ó Broin (1986: 67) ina leabhar dírbheathaisnéise Just Like Yesterday, gurbh é Micheál Breathnach a chum an t-ainm; deir sé:

In those early purist days a word like scéim for scheme was frowned upon, and it was Mícheál Breathnach, I think, who gave us the alternative Gúm from his North Galway vocabulary.  This word was spat upon in the Gaelic League’s paper, but it held its own and very soon, beginning with a trickle, there was quite a flood of books being produced under that imprint.

Maíonn Seosamh Mac Grianna, áfach, agus é ag scríobh go searbhúsach in Scéala Éireann (13/11/1931, 4, & Filí agus Felons, 75-6.): ‘Tá rud sa tír seo san am i láthair a dtugtar an Gúm air.  Tír finscéalaíochta í seo…Tá finscéalaíocht cheana féin fán dóigh a dtáinig an focal Gúm go Baile Atha Cliath’.  An bhliain dar gcionn, agus é ag scríobh in An Phoblacht, (23/7/1932, 2, & Filí agus Felons, 181-5) chuir Mac Grianna síos ar an bhfocal ‘Gúm’ mar ‘…phonetically the most swinish word that could be grunted into human ears’.

An chaoi ar bunaíodh an Gúm

Bhí baint ag Alfred O’Rahilly thuas leis an gcomhlacht nua foilsitheoireachta Cork University Press, agus mhaígh sé go mbeadh drochthionchar ag an scéim, mar a bhí sé molta, ar an gcomhlacht seo agus ar chomhlachtaí eile dá leithéid.  Ar ndóigh, scríobh W.G. Lyon, Stiúrthóir Bainistíochta Chomhlacht Oideachais na hÉireann, litir fhada (14/10/1926, An Chartlann Náisiúnta, G8 (2)) chuig an Aire ag an am, ag cur síos ar an imní a bhí air, agus a bhí, dar leis, ar na comhlachtaí foilsitheoireachta i gcoitinne, faoin scéim.  Dúirt sé gur íoc a chomhlacht siúd cheana féin:

…over £10,000 in the production of books in the Irish Language, and that without help, criticism, or suggestion from your Department.  We have published, at our own risk and expense, books of a similar type, and by the same authors, as the books you now propose to subsidize.  Your Inspectors will naturally recommend the subsidized books, and the recommendation of an Inspector to a teacher is tantamount to a command, and thus our Irish publications will be blocked in every school.

D’iarr sé ar an Aire athmhachnamh a dhéanamh, agus dúirt sé mura ndéanfaí go mbeadh ar an gComhlacht Oideachais ‘retire from such an unequal contest’.

Ní léiríonn an comhfhreagras inmheánach maidir leis an litir seo gur bhraith na Státseirbhísigh sa Roinn Oideachais go mbeidís i gcomórtas go díreach le foilsitheoirí eile, áfach.  Scríobh S.B. Whelehan, Stiúrthóir Oifig an tSoláthair (An Chartlann Náisiúnta, G8 (2)), chuig Francis O’Duffy, Rúnaí an Mheán-Oideachais sa Roinn Oideachais, ag tagairt do litir Lyon thuas, agus dúirt sé gur thuig seisean go mbainfeadh an scéim le:

…those texts approved by a Committee, set up by the Minister, as worthy of inclusion as text books for the use of schools and which but for the support extended to them would in all probability fail to attract a publisher…

I may add that personally I do not see that the firm has much ground for complaint if the works we publish are either those which an outside publisher would not be likely to accept on grounds of expense or expediency or where it has transpired that the book has already been turned down by a Publisher…

In 1932, mhaígh Donn S. Piatt go raibh na leabhair ‘…under the “scheme” selling so cheap that they are killing all independent competition, i.e. killing native, unfettered effort.’ (An Phoblacht, 9/7/1932, 5), agus mhaígh Seosamh Mac Grianna go raibh an Gúm ‘…underselling the other Irish publishers.  It is wasting taxpayers’ money to the extent of £20,000 a year.’  (An Phoblacht, 30/7/1932, 6, & Filí agus Felons, 186-8).  San alt céanna sin, éilíonn sé ‘No rules, no censorship, no standardizing of the language.  Let the government subsidize a publisher and give him carte blanche to publish anything he receives.’  Maíonn Daíthí Ó hUaithne go mbíodh buntáiste ag an nGúm ar na foilsitheoirí príobháideacha mar gurbh ‘fhear an sparáin’ é; deir sé (1978: 32):

…bhí smacht an sparáin acu siúd, agus d’imríodar gan trócaire é.  Arís, tá an smacht sin maolaithe anois, mar thoradh ar scéim na ndeontaisí, ach beidh sé ag bagairt an fhaid is a bheidh ceannach chomh lag sin ar leabhair Ghaeilge nach féidir iad a fhoilsiú gan síntiús éigin anuas ar an teacht isteach ó dhíolacháin; beidh an focal deiridh ag fear an sparáin i gcónaí.

Bhí an teannas idir an Gúm agus foilsitheoirí príobháideacha beo beathach sna 1930í agus 1940í.  An comhlacht foilsitheoireachta is mó a sheas i gcoinne an Ghúim, agus a cháin polasaí maoinithe an Rialtais don fhoilsitheoireacht Ghaeilge ab ea Sáirséal agus Dill.  Dúirt Brighid Uí Éigeartaigh, duine de chomhbhunaitheoirí an chomhlachta, in The Irish Times (2/2/1945):

When my husband and I were students, publishing in Irish was almost non-existent…An Gúm, the Government Publications Office was established in 1925–7.  Their stated function was to encourage the growth of literature in Irish.  Their way of doing this was to publish translations of books which were available to everyone in the original English.  They did publish a number of original works in Irish, but by and large, they employed writers who should have been writing their own books to translate works like ‘Ben Hur’ and ‘The Hound of the Baskervilles’.

Baineann an comhad G72 A i gCartlann an Ghúim le Sáirséal agus Dill amháin agus is iontach an léargas a thugann se dúinn ar dhearcadh an Rialtais ar na comhlachtaí príobháideacha.  Ar an ábhar atá ann, tá cóip de litir a sheol Seán S. Ó hÉigeartaigh, mac bhunaitheoirí an chomhlachta, chuig The Irish Times i 1967 (19 Meitheamh) tar éis bhás a athar.  Tá sé thar a bheith cáinteach faoin nGúm, agus faoi mhaoiniú an Rialtais ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge trí chéile.  Deir sé:

I should like to express my grateful appreciation of the notices you carried on the death of my father, Seán Sáirséal Ó hÉigeartaigh.  Your remarks were generous, and accurate in all save one particular; the inaccuracy is, however, of sufficient importance to warrant an immediate correction.

You are correct in stating that the Department of Education undertook in 1966 to clear Sáirséal agus Dill’s immediate debts, amounting then to about £16,000.  But the Department did not recoup to my father the £11,000 of his own money (a few small legacies, and the fruits of his own labours) which Sáirséal agus Dill had lost over the years.  The price of twenty years’ labour was one half of what An Gúm spent last year – and what can they show to match the 70 books he brought to life?

The result is that Sáirséal agus Dill has no working capital and exists from day to day on the bank manager’s generosity.  This is intolerable for any company, but particularly so in the publishing business where capital invested shows no return whatsoever for a year at least, and often for much longer periods.  My father was willing to lose this money over again, as I would be – but you can’t lose what you haven’t got.

Tá comhfhreagras eile sa Chartlann, áfach, a léiríonn go raibh ardmheas ag Earnán de Blaghad ar Sháirséal agus Dill.  I litir a scríobh sé (25/6/1965, An Chartlann Náisiúnta, G72), chuig Seoirse Ó Colla, an tAire Oideachais ag an am, dúirt sé:

The depressing suggestion that the publishing firm of Messrs. Sáirséal agus Dill may cease, prompts me to put down certain facts about the Gúm which may have a relevance to the firm’s problems and may not be fully recorded in official files as some of them relate to conversations and personal intentions.

I write because I believe this firm has contributed to the development of a new literature in Irish in ways impossible for an official agency or Department of State.  I refer to things like welcoming works which embody hotly controversial views and to the business of making repeated personal appeals for material for publication to people with special gifts, knowledge or experience and a command of Irish.  I think it is fairly obvious that without embarrassment a private publishing firm can, in a way which would be almost impossible for the direct or indirect representative of a Minister, do propagandist and exploratory work in the literary field and take chances as with, say, a man like Brendan Behan who might easily let it down.

The firm of Sáirséal agus Dill has succeeded so well in doing the special kind of thing that a private publisher can do for Irish writers that I think its disappearance would represent a serious set-back to the prospect of the early growth of a copious original literature in Irish.

When Ministers and Civil Servants talked about the establishment of the Gúm it was not contemplated that its activities should make the work of private publishers unnecessary or that the latter should, in practice, come to be confined to the production of school-readers and the like.  There were, in fact suggestions at the very beginning that private publishing in Irish ought to be stimulated by generous financial assistance.  Such suggestions were not acted on for reasons which were regarded as temporary.

Is léir ón méid thuas gur aithin de Blaghad go raibh an tsaoirse eagarthóireachta a bhí ag comhlachtaí neamhspleácha ina bhuntáiste mór.  Aithníonn sé freisin na lancaisí a bhí ar an nGúm mar eagraíocht stáit ag iarraidh feidhmiú i saol na foilsitheoireachta, ach ghlac sé roinnt mhaith blianta sular thug an rialtas aghaidh ar an bhfadhb mar ba cheart.

Chuardaigh na foilsitheoirí príobháideacha deontas Rialtais le go mbeidís in ann dul san iomaíocht leis an nGúm.  Nuair a bunaíodh Bord na Leabhar Gaeilge i 1954, cuireadh an deis seo ar fáil dóibh.  Tugtar an cur síos seo a leanas ar bhunú an Bhoird i gcartlann an Ghúim i gcáipéis dár teideal ‘Atheagrú an Ghúim’ (20/4/1971, An Chartlann Náisiúnta, G8):

Le bunú Sáirséal & Dill […] tosaíodh ar fheachtas láidir i measc lucht Gaeilge chun deontais a fháil le haghaidh fhoilsitheoirí príomháideacha Gaeilge.  Cuid mhór den bhfeachtas sin b’fheachtas in éadan an Ghúim é agus an cuspóir a bhí leis ná an t-airgead poiblí a bhí á chaitheamh ar an Ghúm a thabhairt d’fhoilsitheoirí de leithéid Sáirséal & Dill.

D’éirigh le Sáirséal & Dill airgead a fháil dóibh féin de bharr an fheachtais sin, ach go ginearálta is é an toradh a bhí air gur bunaíodh Bord na Leabhar Gaeilge, 1954, chun deontais a chur ar fáil d’fhoilsitheoirí príomháideacha Gaeilge.

Ba chéim thábhachtach í bunú Bhord na Leabhar Gaeilge san iarracht an teannas a bhí idir an Gúm agus na foilsitheoirí príobháideacha a mhaolú, agus ní raibh an Gúm i dteideal deontais a fháil ó Bhord na Leabhar Gaeilge mar nárbh fhoilsitheoir príobháideach é.  Ag an tús ní raibh na deontais a d’íoc an Bord sách mór leis na foilsitheoirí príobháideacha a shásamh, áfach, mar nárbh ionann na rátaí a íocadh agus iad siúd a íocadh leis an nGúm (Gan Ainm, 1965: 3).  D’admhaigh Earnán de Blaghad, sa litir a scríobh sé chuig Seoirse Ó Colla, a luadh thuas, go gcuirfí maoiniú ar fáil ní ba thúisce mura gcuirfeadh seisean ina aghaidh, ach chuir sé ina aghaidh, a dúirt sé, le cinntiú go mbeadh an lámh in uachtar ag an gcló Rómhánach san fhoilsitheoireacht Ghaeilge.  Breathnófar ar an méid a dúirt sé ina leith seo thíos.

An Cló Rómhánach V An Cló Gaelach

Ba cheist thábhachtach d’fhoilsitheoirí í ceist an chló sa chéad leath den 20ú haois, agus bhí ról lárnach ag an nGúm leis an gcló Rómhánach a chur i bhfeidhm go forleathan mar ghnáthchló don Ghaeilge sa tréimhse seo.  Tharla sé seo go príomha mar gurbh fhearr le hEarnán de Blaghd an cló Rómhánach ná an cló Gaelach – ‘modernity in typography’ mar a thug sé féin air sa litir fhada sin a scríobh sé chuig Seoirse Ó Colla.  Maíonn de Blaghd gur ‘handicap’, a bhí in úsáid an chló Ghaelaigh (nó cló ‘Elizabethan’ mar a thug sé air), agus ní raibh aon leisce air, mar sin, úsáid a bhaint as an gcló Rómhánach amháin i bhfoilseacháin an Ghúim. 

I dtús báire, chuir roinnt dá Rialtas féin ina choinne, ach nuair a seoladh nuachtán nua de Valera, The Irish Press, agus an cló Gaelach in úsáid ann do na sleachta Gaeilge, bhí baill Rialtas Chumann na nGaedheal sásta tacú leis an gcló Rómhánach.  Léiríonn sé seo tábhacht pholaitiúil cheist an chló i mblianta luatha an Stáit nua. 

Admhaíonn de Blaghd freisin fiú, nár thacaigh sé le moltaí gur cheart tacú le foilsitheoirí príobháideacha foilsiú sa Ghaeilge mar gur theastaigh uaidh a chinntiú gurbh é an cló Rómhánach amháin a d’úsáidfí san fhoilsitheoireacht Ghaeilge.  Deir sé sa litir chuig Ó Colla gur cinneadh ainchríonna a bhí anseo.  Cé gur sliocht fada é an ceann seo a leanas is foinse thábhachtach í mar gheall ar an léargas a thugann sé, ní amháin ar cheist an chló, ach ar cheist na ndeontas freisin:

In so far as I was concerned as Minister for Finance, my belief in the absolute need to secure the use of Roman type greatly influenced my attitude… When publication began under the Gúm, I as Minister responsible for the Stationery Office, had no difficulty in ensuring that the earliest books issued should be in Roman type.  Soon, however, complaints and protests reached other Ministers and ultimately the matter came up for discussion at the Cabinet…Mr. Cosgrave ultimately took no vote and allowed the matter to stand over for further consideration at an unspecified later date.  Thereafter, I had a fear that if the question came up at the Cabinet soon again, the Roman type might be doomed and that fear governed my attitude rowards [sic] proposals to provide financial firms publishing books in Irish.  I knew that if private publishers were aided to become important suppliers of books in Irish, they were bound, in the state of affairs then existing, to clamour for an unrestricted right to publish in the Elizabethan type.  Consequently, I felt it necessary, in the best interest of the Language to oppose various ideas in relation to aid for private publishing firms which, but for the type question, I should have been glad to support…

…[when] the Irish Press made its appearance with its Irish all in Elizabethan type…It immediately became apparent that the struggle of the types was going to be prolonged, and harder than I had expected.  Inside the Government, however, the situation was eased.  In its view the Elizabethan type had suddenly become as it were a Fianna Fáil ‘thing’ and the danger that Desmond Fitzgerald and I would be over-ruled by our Cabinet colleagues disappeared...

I am fully convinced that but for the ‘type’ question (and perhaps to a much lesser extent, to questions of spelling and dialect), a formula would have been agreed on, in the late twenties, giving private firms the possibility of carrying on publishing businesses in Irish on a reasonably profitable basis.  How such a formula, if it had been in existence in the last twenty years would have affected Messrs. Sáirséal agus Dill I do not know: but I imagine they would have been put in a position to continue indefinitely…

If it could be recognised that all along, because things got off to a bad start, owing to the ‘type’ issue, the grants heretofore given have been smaller than the grants which the State would have been justified in giving to private publishers and indeed ought to have given to them, the differences between the firm of Sáirséal agus Dill and the Department which have seemed insoluable [sic] might be seen in a new light so that the past might be wiped out and a fresh start made on a satisfactory and lasting basis.

Tá neart tagairtí eile do cheist an chló i gCartlann an Ghúim freisin, agus tugann litir de Blaghad thuas an-léargas ar chúlra an ábhair seo. Chomh luath le 1931, i miontuairiscí dár dáta 31 Eanáir (An Chartlann Náisiúnta, G10 (1)), mar shampla, pléadh rún lenar ghlac Coiste Comhairle an Ghúim.  Mhol Tomás Ó Máille an rún, agus thacaigh Dubhghlas de hÍde leis:

Sé tuairim an Choiste –

(1)  Nach ceart deireadh a chur leis an Seanchló mar tá ceaptha;

(2) Gur cóir go mbeadh cead ag an ughdar a rogha den dá chló d’úsáid;

(3) Nach misde leis an gCoiste leabhra a h-aistrigheadh as teangacha eile a chur sa gCló Rómhánach

 

Ritheadh an rún mar thoradh ar litir, (5/1/1931), a sheol Rúnaí an Choiste chuig baill an Choiste.  Scríobhadh an litir sin chun baill an Choiste a chur ar an eolas faoi chinneadh Earnáin de Blaghd maidir le ceist an chló:

                ‘Do gach ball de Choiste na Leabhar

A Chara,

Iarrann an tAire Oideachais orm an sliocht so leanas de litir a fuarthas ón Roinn Airgid do chur fé do bhrághaid :–

With reference to the style of type to be used in Original works in Irish published by your Department, I am directed by the Minister for Finance to inform you that all such works accepted for publication under the revised arrangement recently sanctioned must be printed in Roman type…

Is cosúil ó litir a scríobh Seosamh Mac Grianna chuig eagarthóir An Phoblacht sa bhliain 1932, nár íocadh na húdair arbh fhearr leo an cló Gaelach a úsáid sna leabhair a d’fhoilsigh an Gúm dóibh chomh maith céanna is a íocadh iad siúd a d’úsáid an cló Rómhánach.  Molann sé go n-íocfaí cúiteamh don ‘“cut” in royalties to all who insisted on using Gaelic type’, (An Phoblacht, 30/7/1932, 6 & Filí agus Felons, 186-8) cé nach bhfuil aon fhianaise i gCartlann an Ghúim féin le tacú leis an méid sin.  D’áitigh Mac Grianna in áit eile freisin, áfach, nárbh fhearr ‘…le daoine cló rómhánach ná an cló atá faoi shúile léitheoirí Gaeilge le míle bliain.’ (The Irish Press, 3/12/1931, 3, & Ailt, 61-2.)

I 1932, áfach, nuair a tháinig Rialtas de Valera i gcumhacht, ghlac an Gúm arís leis an gcló Gaelach.  Dearbhaíonn litir ón Roinn Oideachais chun na Roinne Airgeadais, dár dáta 11/4/1932, é sin (An Chartlann Náisiúnta, G10 (1)):

I am directed to refer to previous correspondence in regard to the style of type to be used in the printing of books in Irish for publication under the Schemes for the production of Secondary School Texts and Works of General Literature, and I am to state that An tAire Oideachais proposes that authors and translators be allowed freedom to choose whether their books will be printed in Roman or in Gaelic type, and that the expression of their preference in the matter should, all other circumstances permitting, decide the style of type to be adopted in each case…

Is féidir, mar sin, dáta a chur ar roinnt d’fhoilseacháin luatha an Ghúim trí bhreathnú ar an gcineál cló a bhí in úsáid iontu.

Críoch

Dúirt Roibeard Ó Faracháin sa bhliain 1937 (172):  ‘…the State, we assume, will always want matter printed in Irish; the Gúm or some cognate institution will last,’ agus tá an Gúm tar éis maireachtáil le beagnach nócha bliain anois.  Chomh maith leis sin, mar gheall ar an mbaint indíreach a bhí aige le bunú Bhord na Leabhar Gaeilge, chabhraigh an Gúm le cinntiú go raibh maoiniú leormhaith ar fáil do chomhlachtaí príobháideacha a bhí ag foilsiú sa Ghaeilge freisin. 

Bhí dlúthbhaint ag cuid mhór de na fadhbanna a bhí le sárú ag an nGúm agus a pléadh san alt seo, le ceist na teanga trí chéile in Éirinn.  Is fiú a lua, áfach, gur léir ó chomhfhreagras agus ó cháipéisí inmheánacha an Ghúim nach raibh sé dall ar a chuid lochtanna, agus go ndearnadh iarrachtaí ag ócáidí áirithe tabhairt faoi na fadhbanna seo.

Críochnóimis, áfach, san áit ar thosaigh muid, le hEarnán de Blaghd.  In alt a foilsíodh in Inniu i 1949, (28 Deireadh Fómhair, 6) den teideal ‘Ní ar na Seirbhísigh Stáit atá an locht’, cuireann an t-údar (Gan Ainm) an méid a leanas i mbéal de Blaghad:

…nach iad lucht an Ghúim fé ndeara a locht, ach an scéim é féin.  Ba cheart Coiste a mbeadh measarthacht saoirse aige do chur ina bhun.  Bunaíodh an Gúm, gan machnamh a dhéanamh roimh ré, le leabhra Gaeilge a chur ar fáil go tapaidh, ach is fada ó rinneadar amhlaidh. 

D’aithin de Blaghd tábhacht lárnach na saoirse i ndomhan na foilsitheoireachta san alt thuas, agus roinnt de na deacrachtaí a chruthaigh an Gúm féin d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge.  Mar sin féin, b’iarracht fhíorata a bhí i mbunú agus in obair an Ghúim le léitheoireacht agus le foilsitheoireacht sa Ghaeilge a chothú, agus is scáthán ar bhealach é a scéal ar scéal na teanga féin sna blianta luatha tar éis bhunú an Stáit.

Leabharliosta: 

Cartlann

Comhaid An Ghúim, An Chartlann Náisiúnta, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath.

Leabhair

Greene, D. (1932) Writing in Irish Today. Corcaigh: Mercier Press.

Mac Congáil, N. (eag.) (1977) Ailt. Béal Feirste: Comhaltas Uladh.

Mac Congáil, N. (eag.) (1987) Filí agus Felons. Maigh Eo: FNT.

Mag Shamhráin, A. (1999) Foilseacháin an Ghúim; Index of An Gúm Publications since 1926.  Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ní Chiaragáin, E.M. (1935) Index to the Gaelic Journal.  An Reamhrá le by ‘Torna.’  Baile Átha Cliath.

Ó Broin, L. (1986) Just like Yesterday.  Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan Ltd.

Ó Muirí, P. (1999) A Flight from Shadow – The Life and Work of Seosamh Mac Grianna.  Béal Feirste: Lagan Press.

Ailt

de Bhaldraithe, T. (1982)  ‘Brí agus Bunús an Fhocail Gúm’, Éigse XIX, Part I, 167-8.

Gan Ainm. (1949) ‘Ní ar na Seirbhísigh Stáit atá an Locht, Inniu, 20 Deireadh Fómhair.  6.

Gan Ainm. (1965) ‘Sáirséal agus Dill’, Comhar, Nollaig.  3.

Mac Grianna, S. (1931a) ‘An Gúm’, Sceala Éireann, 13 Samhain, 4 & athfhoilsithe in Filí agus Felons, (1987), 75-6.

Mac Grianna, S. (1931b) ‘Bua an Aistritheora’, The Irish Press, 3 Nollaig, 4, & athfhoilsithe in Ailt, (1977), 61-2.

Mac Grianna, S. (1932a) ‘Irish Artists, the Gúm, the People and so Forth’, An Phoblacht, 23 Iúil, 2 & athfhoilsithe in Filí agus Felons, (1987), 181-5.

Mac Grianna, S. (1932b) ‘An Alternative to the Gúm’, An Phoblacht, 30 Iúil, 6 & athfhoilsithe in Filí agus Felons, (1987), 186-8.

Ní Mhuirthile, A. (2013) ‘An Gúm agus Ceist an Litrithe’, Ó Coilseáin, S., Ó Murchú, L.P. agus Riggs, P. (eag.) Séimhfhear suairc: aistí in ómós don Ollamh Breandán Ó Conchúir. An Daingean: An Sagart, 280-95.

Ó hEigeartaigh, S. (1967) Litir in The Irish Times. 19 Meitheamh.

Ó Faracháin, R. (1937) ‘Regarding An Gúm’, Bonaventura, Samhradh.  170-8.

Ó hUaithne, D. (1978) ‘Foinsí na Litríochta’, Ó Mórdha, S. (eag.) Scríobh 3. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta, 32-6.

Piatt, D. (1932b) ‘“Irish Artists” – A Reply to “Máire” and P. O’Donnell’, An Phoblacht, 9 Iúil.  6.

Roinn Oideachais, An. (1980) ‘An Gúm – Foilsitheoir Stáit’, Comhar, Aibreán.  18-9.

Titley, A. (1984) ‘An Scríbhneoir agus an Stát 1922-1982’, Ó Mórdha, S. (eag.) Scríobh 6. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Teoranta, 72-105.

Uí Éigeartaigh, B. (1945) Litir in The Irish Times, 2 Feabhra.