Léirmheas ar Ár dtéarmaí féin le Fidelma Ní Ghallchobhair

Siobhán Fay
Clodagh Ní Cheallaigh
Majella Ní Mheádhra

Cois Life, Baile Átha Cliath, 2014. 290 lch, €16

Topaic(í): 

 

Is ó pheann an údair Fidelma Ní Ghallchobhair an leabhar Ár dtéarmaí féin. Tá Ní Ghallchobhair ar dhuine de na saineolaithe is tábhachtaí maidir le téarmaíocht na Gaeilge de agus is léir sin ó na blianta taithí a fuair sí agus í ag obair leis an nGúm agus leis an gCoiste Téarmaíochta.  Bhí sé i gceist ag Ní Ghallchobhair go mbeidh an leabhar seo ina chuidiú do mhic léinn atá i mbun staidéir ar an nGaeilge.  Ní dhíríonn an t-údar go grinn ar aon téama amháin ach tugann blaiseadh de go leor tréithe a bhaineann leis an nGaeilge.  Tá deich gcaibidil sa leabhar seo. Cuireann an t-údar ceisteanna machnamhacha ar na léitheoirí ag deireadh gach caibidle chun iarracht a dhéanamh aird a dhíriú ar an méid atá pléite aici sa chaibidil. Cuireann Ní Ghallchobhair leabharliosta ag deireadh gach caibidle freisin ionas go mbeidh sé éasca ar léitheoirí níos mó eolais a fháil faoina bhfuil pléite.  Tá leagan amach deas soiléir ar an leabhar.  Is teanga sholéite, shoiléir atá in úsáid agus dá bharr sin, tá an leabhar oiriúnach do mhic léinn fochéime nach bhfuil mórán cur amach acu ar ghnéithe éagsúla a bhaineann leis an nGaeilge.

Cíortar na réimeanna agus na leibhéil éagsula teanga agus tugtar le fios go mbaineann réimeanna teanga leis an gcomhthéacs sóisialta, le haoisghrúpa nó le cumas teanga an lucht éisteachta.  Cuireann an t-údar go mór le heolas an léitheora faoi fhocail, théarmaí, choincheapa, agus faoin gcomhlogaíocht. 

I gcaibidil 2 déantar scagadh ar na teangacha a raibh tionchar acu ar stór focal na Gaeilge: an Laidin, an tSean-Lochlainnis, an Fhraincis agus an Béarla.  Cuirtear in iúl gur tháinig iasachtaí isteach i réimsí éagsúla ó theangacha difriúla. Baineann na téarmaí iasachta ón Laidin le cúrsaí reiligiúin agus le cúrsaí léinn, mar shampla, agus baineann iasachtaí ón tSean-Lochlainnis le trádáil, iascaireacht agus seoltóireacht.  Léiríonn Ní Ghallchobhair an tslí ar tháinig forbairt ar na focail iasachta sa Ghaeilge agus tá an t-eolas sin cabhrach, tairbheach agus suimiúil. Deir Ní Ghallchobhair sa réamhrá go raibh sí ag féachaint le léargas a thabhairt don léitheoir ar fhocalstór na Gaeilge go stairiúil sa leabhar  seo agus is cinnte gur éirigh léi an saineolas seo a chur ar fáil go héasca dá cuid léitheoirí.

Tá caibidil 3 dírithe ar oidhreacht litríochta na Gaeilge. Mínítear gur tháinig ceird na scríbhneoireachta go hÉirinn mar gheall ar an gCríostaíocht.  Cuirtear eolas ar an scríbhneoireacht i dtréimhse na Meán-Ghaeilge agus na Nua-Ghaeilge Clasaicí faoi bhráid an léitheora. Faigheann léitheoirí léargas ar fhorbairt litríocht na Gaeilge agus ar na hiarrachtaí a rinneadh scríbhneoirí Gaeilge a spreagadh le dul i mbun pinn. Is áis mhaith í an léaráid ag tús na caibidle: tugann sí eolas gonta tábhachtach do mhic léinn faoi phríomhthréimhsí ama litríocht na Gaeilge.

Léiríonn Ní Ghallchobhair na láidreachtaí agus na laigí a bhain le rialtas na hÉireann i dtaca leis an nGaeilge de ó bunaíodh an Saorstát i gcaibidil 4.  Is léir go ndearna rialtas an tSaorstáit a lán dul chun cinn i gcás stádas na Gaeilge. Is díol spéise an méid a luann Ní Ghallchobhair maidir le teagasc na Gaeilge ó 1922 ar aghaidh.  Áitítear go raibh easpa cailíochtaí sa Ghaeilge ag formhór na múinteoirí bunscoile ag an am ach rinne an rialtas iarracht an fhadhb seo a réiteach trí chúrsaí a chur ar fáil dóibh chun a gcuid Gaeilge a fheabhsú.  Anuas air sin, cuirtear in iúl don léitheoir gur chuir an Gúm agus an Coiste Téarmaíochta go leor foclóirí téarmaíochta don chóras oideachais ar fáil.  Maítear gur thug rialtas an tSaorstáit tacaíocht shuntasach don Ghaeilge trí eagraíochtaí éagsúla a raibh dul chun cinn na Gaeilge mar chuspóir acu a bhunú.  Déantar tagairt do na forbairtí a tháinig ar pholasaí an rialtais i leith na Gaeltachta. Tugtar neart eolais mar gheall ar stair an tSaorstáit agus gach a ndearna an rialtas ar son na teanga. 

Feictear an tionchar a bhí ag téarmaí ó theangacha iasachta ar an nGaeilge arís i gcaibidil 5.  Léirítear gur imir an Angla-Normainnis tionchar suntasach ar an nGaeilge ó thaobh focal iasachta de.  Sonraítear freisin go raibh tionchar ar leith ag an bhFraincis ar fhuaimniú na Sean-Gaeilge agus gur athraíodh an bhéim ón gcéad siolla go dtí an siolla deiridh nó leathdheiridh sa tSean-Ghaeilge dá bharr.  Áitítear go bhfuil sé seo fós le cloisteáil i gCúige Mumhan go háirithe.  Ina theannta sin, feictear go bhfuil tionchar an Bhéarla le sonrú ar chomhréir na Gaeilge freisin. Tá an anailís a dhéantar sa chaibidil seo an-suimiúil ach bheadh sé tairbheach dá gcuirfí an chaibidil seo i ndiaidh chaibidil 2 ó thaobh leanúnachas ábhair de.

Léirítear i gcaibidil 6 forlámhas an Bhéarla sa chomhthéacs idirnáisiúnta agus déantar scagadh ar stair an Bhéarla freisin.  Tugtar fíricí faoi chumhacht an Bhéarla ar fud na cruinne agus é á labhairt i réimsí éagsúla den saol. Cuimsítear cúlra stór focal an Bhéarla agus an tionchar ollmhór a bhí ag Impireacht na Breataine ar an leathnú seo.  Dírítear ar an nGaeilge ansin sa chomhthéacs idirnáisiúnta i gcaibidil 7. Pléitear an t-athrú a tháinig ar stádas na Gaeilge nuair a rinneadh teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh di sa bhliain 2007.  Tá an acmhainn GA IATE, an chuid de bhunachar téarmaíochta an Aontais Eorpaigh a bhaineann leis an nGaeilge ar cheann de phríomhthorthaí an tionscadail seo.  Mar sin féin, maítear go mbaineann buntáistí agus míbhuntáistí leis an gcaighdeánú téarmaíochta seo.  Is cinnte gur ábhar spéise é an léargas a thugtar ar na teoiricí éagsúla atá ann i dtaca leis an téarmaíocht agus na heagraíochtaí éagsúla a dhéanann mionteangacha an domhain a chur chun cinn.

Tugtar treoir phraiticiúil don léitheoir agus pléitear an cur chuige is fearr le téarmaíocht nua a chumadh i gcaibidil 8.  Caibidil an-úsáideach atá sa chaibidil seo ina mínítear na céimeanna atá ann sa phróiseas ceaptha téarmaí.  Is iomaí foinse atá molta le sainmhínithe agus seanleaganacha téarmaíochta a aimsiú.  Éiríonn le Ní Ghallchobhair aird an léitheora a tharraingt ar nithe a gcaithfear a bheith airdeallach fúthu agus duine i mbun aistriú téarmaíochta, ar nós an ailt agus leanúnachas stíle.  Beidh an chaibidil seo an-suimiúil do dhaoine a bhfuil suim acu san obair a dhéanann an Coiste Téarmaíochta.

Mínítear an gá a bhaineann le téarmaíocht nua a chumadh i dteanga ar bith ag tús chaibidil 9.  Beidh an chuid seo den chaibidil an-chabhrach do dhuine atá ag tosú ar cheird an aistriúcháin.  Dírítear ansin ar na deacrachtaí a bhíonn ag an gCoiste Téarmaíochta i gcás teibiú bríonna (brí nach bhfuil soiléir) agus sheachaint an Bhéarlachais.  Mínítear an fáth a dtagann Béarlachas i gceist in obair an aistritheora atá ag aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.  Soiléirítear nach mbaineann Béarlachas le téarmaíocht, ach le comhréir na teanga.  Cuirtear béim ar an obair a dhéanann foireann Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus iad i mbun oibre leis an gCoiste Téarmaíochta le bunachar cuimsitheach de théarmaíocht na Gaeilge a chur ar fáil ar líne ar www.tearma.ie.  Tugtar le fios, áfach, gur minic nach nglacann muintir na Gaeltachta go hiomlán leis an téarmaíocht nua seo sa chaint mar gheall ar an mínádúrthacht a bhaineann léi.  Moltar sainmhíniú údarásach a fháil ar an téarma agus b’fhéidir go mbeadh ar an aistritheoir cúpla foinse a fháil le bheith cinnte go mbeadh an bhrí cheart aige nó aici.  Cé go gcuireann na samplaí le tuiscint an léitheora faoin ábhar anseo, is minic a bhíonn siad iomarcach agus rófhada; tá dhá leathanach ann atá bunaithe ar téarmaíocht na fichille amháin, mar shampla.

Is ar cheartúsáid na téarmaíochta a dhírítear i gcaibidil 10.  Maítear i dtosach go dtagann roinnt téarmaí isteach i dteanga trí thimpiste.  Tá treoir chuimsitheach le fáil i dtaca le réim téarmaíochta agus cathain a bhíonn gá le téarmaíocht ar leith a úsáid i gcásanna éagsúla cosúil leis an gcumarsáid shóisialta agus an chumarsáid ghairmiúil, mar shampla.  Tugtar le fios go dtagann fadhbanna cosúil le frásaí péireacha aníos agus téarmaíocht nua á cruthú.  Tá ceachtanna ar fáil don léitheoir díograiseach agus míniú ina ndiaidh ar an téarmaíocht éagsúil a thagann chun cinn iontu.  Is cinnte go mbeidh an chaibidil seo an-úsáideach do mhic léinn nó do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge agus iad ag iarraidh ceird an aistriúcháin a chleachtadh.

Cuimsítear idir stair na Gaeilge agus stair na téarmaíochta sa leabhar seo.  Tá an-chabhair le fáil don léitheoir sna pointí plé agus sa leabharliosta a thugtar ag deireadh na gcaibidlí.  Ní mór a rá gur acmhainn den chéad scoth atá sna haguisíní ag deireadh an leabhair freisin.  Chabhródh an leagan amach seo go mór le mic léinn ollscoile agus tráchtas idir lámha acu. D’fheilfeadh an leabhar seo do léitheoir a bheadh ag lorg eolas ginearálta ar aistriú téarmaíochta na Gaeilge. Ar an iomlán, is saothar maith é seo a chuimsíonn ceisteanna tábhachtacha maidir le conas a chruthaítear téarmaíocht Ghaeilge. Moltar an leabhar seo do mhic léinn aistriúcháin idir fhochéime agus iarchéime agus daoine eile a bhfuil spéis ar leith acu san aistriúchán Gaeilge nó i dtéarmaíocht  na Gaeilge.