Léirmheas ar Translation in the Digital Age

Catherine Francis
Cillian Hanaphy
Maria Nic Chochláin
Siobhán Ní Chualáin
Máire Rós Ní Loingsigh
Helen Ó Catháin

Routledge, Londain & Nua-Eabhrac, 2013. 165 lch, €29.75

Léirmheas le Catherine Francis, Cillian Hanaphy, Maria Nic Chochláin, Siobhán Ní Chualáin, Máire Rós Ní Loingsigh agus Helen Ó Catháin

Topaic(í): 

Translation in the Digital Age leis an Ollamh Michael Cronin, ar an dara heagrán sa tsraith New Prospectives in Translation Studies atá foilsithe ag Routledge, sraith a dhíríonn ar na hathruithe suntasacha atá tagtha ar réimse an aistriúcháin le blianta beaga anuas. Cuirtear go mór le heolas an léitheora sa phlé a dhéantar ar chruacheisteanna a bhaineann leis an aistriúchán i ngach caibidil. Pléitear réimse leathan an aistriúcháin sa ré dhigiteach i gcomhthéacs na ‘3T’ – trade, technology, translation. Déanann Cronin scagadh ar dhul chun cinn an aistriúcháin i gcomhthéacs éabhlóid na teicneolaíochta agus in úsáid uirlisí teicneolaíochta. Déantar tagairt do réimsí éagsúla de chuid theoiric an aistriúcháin a chuireann leis an smaointeoireacht nua-aoiseach ar an ábhar. Pléitear an tionchar ollmhór atá ag an teicneolaíocht ar an aistriúchán agus ar ghairm an aistritheora trí chéile agus cuireann Cronin ábhar machnaimh ar fáil don léitheoir i dtaobh earnáil an aistriúcháin sa ré chomhaimseartha.

I gcaibidil 1 maíonn Cronin go bhfuil dlúthbhaint ag an aistriúchán le dul chun cinn an chine dhaonna agus leis an bhforbairt eacnamaíoch, chultúrtha agus shóisialta. Tá neart eolais sa chaibidil seo faoi stair an aistriúcháin agus téitear ar aistear siar go tús éabhlóid an duine ag cur an fhiúntais a bhain leis an aistriúchán in Éirinn san áireamh ar an mbealach aniar. Níl an nasc sách láidir i gcónaí sa chaibidil seo idir ábhar na caibidle agus mórthéama an leabhair, áfach, agus is deacair díriú go grinn ar ábhar na caibidle seo dá bharr.

Déantar cíoradh ar an dóigh a dtéann an teicneolaíocht i bhfeidhm ar an aistriúchán agus ar obair aistritheoirí i gcaibidil 2. Tugtar ábhar plé don léitheoir toisc go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha ag an aistriúchán uathoibríoch don aistriúchán trí chéile; an é nach mbeidh an t-aistritheoir ach ag cuidiú leis an ríomhaire amach anseo? Taispeántar an chaoi a bhfuil cúrsaí ama, costais agus cuimse eolais ag dul i gcion ar chúrsaí aistriúcháin. Feictear é seo i gcás chóras aistriúcháin uathoibríoch Controlled Natural Language an Aontais Eorpaigh a chuireann aistriúchán gan brí shoiléir ar fáil go minic. Is díol suime é an plé a dhéantar ar ról an Bhéarla agus é ina lingua franca sa domhan, agus ar ról na teicneolaíochta – mar shampla, an chuimhne aistriúcháin – i dtaobh leaganacha éagsúla den lingua franca seo a chur chun cinn.

Tá tábhacht ar leith leis an léargas a thugann Cronin ar chúrsaí costais i leith an aistriúcháin agus is léir go bhfuil réimse leathan modhanna in úsáid anois chun airgead a shábháil. Feictear é seo sa chaoi a mbaineann cuideachtaí leas as córais éagsúla in áit aistritheoirí, nós a léiríonn imeallú an aistritheora. Is maith an tslí a dtaispeántar é seo trí thagairt a dhéanamh d’úsáideoirí cuideachtaí móra ar nós Facebook. Cuireann a n-úsáideoirí aistriúchán saor in aisce dá suíomh ar fáil agus ní gá do chuideachtaí íoc as an aistriúchán seo. Léirítear go ndéanann na cuir chuige seo, Google Translate ina measc, dí-idirmheánú ar obair agus ar ról an aistritheora. Cuireann Cronin le díospóireacht an chostais aistriúcháin ag léiriú go mbeadh costas ann ar aon nós mura mbeadh ach lingua franca amháin ann; bheadh costas sa bhreis ag baint leis an lingua franca sin a fhoghlaim. Sa chaibidil seo léirítear ról lárnach an aistriúcháin i gcur chun cinn na trédhearcachta. Cuirtear béim ar an ról tábhachtach a bhíodh ag an aistriúchán ón Reifirméisean anonn go WikiLeaks an lae inniu maidir le cúrsaí cumhachta agus le heolas a scaipeadh i measc an phobail.

Déantar scagadh i gcaibidil 3 ar lancaisí an aistriúcháin agus pléitear ról an aistriúcháin sa ré dhigiteach, ré ina bhfuil teacht ar ábhar gan dua agus ina bhfuil domhan cumarsáide dlúthcheangailte á chothú. Luann Cronin na himpleachtaí a bhaineann le holltáirgeacht na tionsclaíochta i gcomhthéacs cheird an aistriúcháin agus pléitear na dúshláin a chothaíonn an olltáirgeacht chéanna d’aistritheoirí. Déantar machnamh ar an gceist an bhfuil an t-aistritheoir traidisiúnta in ann dul i ngleic leis an aistriúchán uathoibríoch i bhfianaise líon an ábhair atá ar fáil ar líne i ré seo an domhandaithe.

Déantar anailís ar na himpleachtaí a bhíonn ag an aistriúchán uathoibríoch do cheird an aistriúcháin. Luann Cronin an easpa caighdeáin a bhaineann leis an aistriúchán uathoibríoch. Uaireanta tuigtear a bhfuil i gceist ach níl caighdeán an aistriúcháin sách maith ná ar aon dul le caighdeán aistritheora. Tugann Cronin le fios go bhfuil bearna shuntasach idir an t-aistriúchán uathoibríoch agus an t-aistritheoir. Baineann nádúr intreach ar leith leis an aistriúchán agus dá thoradh sin, bagraíonn an t-aistriúchán uathoibríoch don nádúr seo. Luann Croinin teoiric Sonzogni nuair a mhíníonn sé nach bhfuil aon aistriúchán mar an gcéanna leis an mbuntéacs agus nach bhfuil aon aistriúchán ar bhuntéacs ar aon dul le ceann eile. Déantar machnamh ar úinéireacht an téacs aistrithe agus cíortar an cheist an bhfuil sé de cheart ag comhlacht an t-aistriúchán a dhíol le comhlacht eile ar mhaithe le cur le cuimhne aistriúcháin uathoibríoch.

Pléitear dul chun cinn na teicneolaíochta agus cúrsaí domhandaithe i gcaibidil 4. Tagraíonn Cronin do na himpleachtaí forleathana atá ag ‘wiki-translation’ do ghairm an aistriúcháin i ré an domhandaithe. Tugtar míniú ar thrí ghné éagsúla den dul chun cinn seo agus de na himpleachtaí a bhaineann leis don smaointeoireacht ar cheird an aistriúcháin: Translation prosumption – bíonn dlúthbhaint ag an spriocléitheoir le próiseas an aistriúcháin; Post-print translation literacy – tá athruithe tagtha ar nósanna léitheoireachta agus litearthachta mar thoradh ar theacht na teicneolaíochta, agus fad is a bheidh na nósanna seo ag athrú, tiocfaidh athrú ar nósanna an aistriúcháin; Translation and pluri-subjectivity – an gaol atá ag an duine daonna le haistriúchán uathoibríoch. Déantar plé ar thrédhearcacht na teicneolaíochta agus luaitear Facebook mar shampla den nósmhaireacht atá ann eolas a roinnt ar fud an domhain agus an impleacht chultúrtha atá ag an nósmhaireacht seo don aistriúchán. Luann Cronin tvuít a rinne WikiLeaks faoin tslí a bhféadfaidís 300 milliún focal a aistriú go hocht dteanga dhifriúla ar mhaithe leis an trédhearcacht theangeolaíoch. Taispeánann sé seo an dlúthcheangal atá idir an t-aistriúchán agus an trédhearcacht. Tagraítear d’eagrais a bhfuil sé mar aidhm acu litríocht an domhain a chur ar fáil i dteangacha éagsúla, mar shampla, Ireland Literature Exchange agus an Korean Literature Translation Institute.Pléitear an tábhacht a bhaineann le bailiú eolais i ngairm an aistritheora agus an tábhacht a bhaineann leis an ionchur daonna d’fhonn caighdeán an aistriúcháin a chinntiú i gcomparáid leis an aistriúchán uathoibríoch.

Pléitear ról an aistritheora agus a bhfuil i ndán dó san am atá le teacht i gcaibidil 5, i bhfianaise an fháis as cuimse atá tagtha ar ról na teicneolaíochta. Tá cur síos spéisiúil ag Cronin ar theoiricí Martin Kay i dtaobh an aistriúcháin uathoibríoch agus na lochtanna a bhain le heaspa ionchur daonna i bpróiseas an aistriúcháin. Dá thoradh seo, agus de bharr thábhacht an aistritheora i bpróiseas an aistriúcháin, forbraíodh cur chuige an aistriúcháin ríomhchuidithe, cur chuige iontaofa a bhfuil ról lárnach ag aistritheoirí ann. Is díol spéise an méid a luann Cronin faoi thuairimíocht Alan Melby nach bhfuil tábhacht le cruinneas gramadaí ná le rogha leathan focal ach brí an ábhair a chur in iúl, tuairim a léiríonn na dúshláin a bhíonn le sárú ag aistritheoirí, agus iad in iomaíocht le Google Translate agus a leithéid. Ní léiríonn Cronin féin go cinnte cén ról a bheidh ag an aistritheoir amach anseo sa chur síos a dhéanann sé ag deireadh an leabhair. Is léir go bhfuil éiginnteacht i gceist in am a bhfuil borradh mór faoin teicneolaíocht. Mar sin féin, maítear gur aistriúchán uilíoch, aonfhoirmeach nó comónta a theastaíonn, cur chuige domhanda a bhainfeadh go sonrach leis an aistritheoir agus a sheachnódh aon débhríocht. Bheadh cinnteacht i gceist le cur chuige mar seo toisc gurbh iad daoine oilte a chuirfeadh an t-aistriúchán ar fáil. Is cúis dóchais í seo do mhic léinn a thugann faoi staidéar an aistriúcháin ar fud an domhain. Pointe tábhachtach a luann Cronin nach mór a bheith san airdeall air is ea an spleáchas nó an ceangal atá idir uirlisí na teicneolaíochta agus gairm an aistritheora, nach bhfeidhmeoidh ceann gan an ceann eile, agus is bac é seo, ar ndóigh, sa chás nach mbíonn fáil ar an teicneolaíocht.

Cuimsítear an taighde is deireanaí i réimse an aistriúchán i gcúig chaibidil an leabhair seo. Feictear an dul chun cinn atá tagtha ar phróiseas an aistriúcháin i ré na teicneolaíochta sna pointí a phléitear. Is leabhar acadúil é atá dírithe ar mhic léinn fochéime agus iarchéime atá ag dul i dtreo slí bheatha a bhaint amach san aistriúchán. Dá bhrí sin, bíonn dua ar an léitheoir uaireanta ábhar an leabhair a thuiscint toisc go n-úsáidtear saintéarmaí agus friotal casta, agus go bhfuil an réimse an-leathan ábhar á láimhseáil ag an údar.  Tá an t-ábhar cuimsitheach ach bheadh sé ina bhuntáiste dá mbeadh buneolas de shaghas éigin ag an léitheoir ar theoiricí an aistriúcháin roimh ré.