Oideolaíocht an Trasteangaithe i mBunscoileanna na hÉireann: Páipéar Seasaimh ar a Poitéinseal i gComhthéacsanna Áirithe

Conchúr Ó Brolcháin
Topaic(í): 

Réamhrá

Is fealsúnacht oideachais é an trasteangú (Trawsieithu sa Bhreatnais agus Translanguaging sa Bhéarla) atá tagtha go mór chun cinn le fiche bliain anuas i réimse an oideachais dhátheangaigh.  Tagraíonn sé d’idé-eolaíocht mhúinteoireachta ina ligtear do dhaltaí scoile a répertoire iomlán teanga a úsáid sa seomra ranga, chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, gan a bheith teoranta do theanga ainmnithe, oifigiúil amháin. Tháinig an téarma ‘trasteangú’ chun cinn sa Bhreatain Bheag chun cur síos a dhéanamh ar na cleachtais chumarsáide atá ag daltaí dátheangacha maidir le dhá theanga a úsáid in aon cheacht amháin, ‘Translanguaging is the process of making meaning, shaping experiences, gaining understanding and knowledge through the use of two languages’ (Baker, 2011: 228).  Téann an fhealsúnacht seo in aghaidh na tuisceana reatha i measc roinnt oideachasóirí, gur ceart teangacha a scaradh go hiomlán óna chéile sa seomra ranga.  Tugtar saoirse do dhaltaí úsáid a bhaint as dhá theanga ionas go mbeidh siad in ann cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh agus déantar neamhaird iomlán den chur chuige ‘two solitudes’ ina scagtar dhá theanga go hiomlán óna chéile san fhoghlaim (Cummins, 2008).  I mbunscoileanna na tíre seo ina bhfuil mionlach ag labhairt teanga áirithe sa seomra ranga (An Pholainnis, An Fhraincis nó An Araibis, mar shampla), chiallódh fealsúnacht mar seo go bhféadfadh an múinteoir ranga ceacht a mhúineadh trí Bhéarla (T2 na ndaltaí sin) nó trí Ghaeilge (T3 na ndaltaí), ach ina dhiaidh sin ligean dóibh an t-ábhar a phlé agus gníomhaíocht ranga a dhéanamh ina máthairtheanga féin (T1).  Bheadh aiseolas le tabhairt acu trí Bhéarla tar éis na gníomhaíochta ag deireadh an cheachta agus iad ag gluaiseacht ó theanga go teanga gan constaic ar bith.  Braitear anois go mbaineann buntáistí áirithe do na daltaí i gcur chuige mar seo.  Láidrítear féiniúlacht na ndaltaí trí thacaíocht a léiriú dá máthairtheanga; méadaítear ar a dtuiscint ar an ábhar idir lámha agus iad i mbun oibre sa teanga is nádúrtha dóibh, agus tugtar deis luachmhar dóibh an dátheangachas, nó an t-ilteangachas fiú, a bhaint amach (García, 2009a; García & Wei, 2014).

Tá an páipéar seasaimh seo tábhachtach mar go n-aithníonn sé inmhianaitheacht agus poitéinseal oideolaíocht an trasteangaithe i suíomhanna éagsúla oideachais dhátheangaigh.  Ag an am céanna, áfach, soiléirítear srianta na hidé-eolaíochta i gcomhthéacs mionteangacha atá i mbaol.  Sa seomra ranga ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh, mar shampla, léiríodh nach ndéanfaí mórán cumarsáide trí Ghaeilge nuair a thabharfaí cead do dhaltaí scoile a rogha teanga a úsáid (Hickey, 2001) agus nach féidir leo ‘aschur faoi bhrú’ (Swain, 1993) leordhóthanach a fháil chun ardchumas a bhaint amach sa sprioctheanga.  Tá géarghá le hardú feasachta i dtaobh oideolaíocht an trasteangaithe agus le tuiscint a fhorbairt i measc oideachasóirí maidir le tábhacht an chomhthéacs sna suíomhanna oideachais ina gcuirtear i bhfeidhm í.  Breathnófar ar dtús ar na féidearthachtaí teagaisc agus foghlama a ghabhann le hoideolaíocht an trasteangaithe.

1. An Mianach atá i nduine ó thaobh Oideolaíocht an Trasteangaithe de

Níl aon amhras ach gur idé-eolaíocht inspioráideach é an trasteangú ar go leor bealaí sa chaoi a soláthraíonn sé paraidím úr don phlé ar nádúr na foghlama dátheangaí agus ar sholáthar an oideachais dhátheangaigh agus ilteangaigh.  Maítear anois gur rud ‘normálta’ é an trasteangú i gclanna agus i bpobail dhátheangacha agus ilteangacha ar fud an domhain ina mbaineann cainteoirí úsáid chuimsitheach as a stór, nó répertoire iomlán teanga, chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh (García & Wei, 2014: 23).  Baineann níos mó solúbthachta le fealsúnacht mar seo nuair a chuirtear sa chomhthéacs oideachais é mar nach mbreathnaítear ar chleachtais an dalta dhátheangaigh ó pheirspeictíocht an easnaimh.  Cuirtear an cainteoir i gcroílár na hidirghníomhaíochta agus aithnítear dlisteanacht a chleachtais teanga.  Taobh istigh den seomra ranga, tagraíonn sé do theoiric agus do chleachtais oideolaíochta ina n-athraítear teanga an ionchuir agus teanga an aschuir le linn ceachta i ‘bparadacsa an trasteangaithe’ (Lewis, Jones & Baker, 2012).  Níos mó ná cleachtas nó teoiric oideachais, áfach, aithnítear anois gur gluaiseacht idé-eolaíochta é an trasteangú ina mbreathnaítear ar chumarsáidiú an dátheangaigh mar rud nádúrtha seachas mar fhadhb atá le réiteach:

…the conceptualisation of translanguaging is ideological. The term reflects a movement from considering languages as separate to integration, from diglossic to a heretoglossic view of the minority-language world, from ideology that expresses the advantages of additive bilingualism where languages in the brain, classroom, and street act simultaneously and not sequentially, with efficient integration and not separation (Lewis, Jones & Baker, 2012: 667).

Tá an abairt dheireanach san alt seo fíorthábhachtach i gcomhthéacs an Churaclaim Chomhtháite Teanga (2016) atá á chur faoi bhráid príomhoidí agus múinteoirí bunscoile faoi láthair, le cur i bhfeidhm ina iomláine sa bhliain 2018.  Bunaíodh an curaclam nua comhtháite teanga seo ar an gcoincheap lárnach gur féidir le daltaí bunscoile scileanna teanga a thraschur ón T1 go dtí an T2 agus gur cheart don mhúinteoir ranga aird na ndaltaí a dhíriú ar an gcomhtháthú agus ar an traschur seo (féach: http://www.curriculumonline.ie/Primary/Curriculum-Areas/Language).  Leagtar amach nádúr an traschuir i dtrí réimse comhtháthaithe: comhtháthú ar scileanna taobh istigh den sprioctheanga, comhtháthú ar scileanna foghlama sna hábhair churaclaim uilig agus, spéisiúil go leor d’oideachasóirí an trasteangaithe, comhtháthú ó theanga amháin go teanga eile i gcur chuige atá níos solúbtha (Ó Duibhir & Cummins, 2012: 11).  Maítear sa cháipéis chéanna:

This requires a flexible approach to curriculum which does not exist at present where English, Gaeilge and modern languages are compartmentalised and little emphasis is placed on encouraging children to transfer skills acquired in one language to the other languages (Ó Duibhir & Cummins, 2012: 10).

Mar shampla nithiúil, samhlaigh, mar shampla, grúpa daltaí as an bPolainn ar scoil sa ghnáthchóras bunscolaíochta i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feiriste nó i mBéal Átha na Slua.  Soláthraíonn oideolaíocht an trasteangaithe deis iontach don mhúinteoir áisiú a dhéanamh ar úsáid na Polainnise sa seomra ranga chun tascanna ar leith a chur i gcrích agus caighdeán foghlama níos airde a chothú.  Ag eascairt ó chur chuige mar seo, d’fhéadfaí ceacht staire faoi Éirí Amach na Cásca 1916 a chur i láthair an ranga trí Bhéarla, ach ina dhiaidh sin sna gníomhaíochtaí ranga[1] a bheadh le comhlíonadh ag daltaí, go ndéanfaí grúpáil ar dhaltaí de réir a máthairtheanga (an Pholainnis sa sampla seo) agus lánchead acu a máthairtheanga a úsáid.  Cé nach gceapfaí go mbeadh aon chonspóid ag baint le coincheap mar seo, is cosúil gur gluaiseacht i gcoinne an smaointeachais reatha ar mhúineadh teangacha é.  Nuair a bhreathnaítear ar shuíomhanna tumoideachais go hidirnáisiúnta, mar shampla, feictear an tréaniarracht a dhéantar chun teangacha a scaradh óna chéile, ach go háirithe sa chás ina mbíonn mionteanga á cur chun cinn (Ó Duibhir, P. et al., 2014).  Ar ábhar gaolmhar ach níos cóngaraí don bhaile, feictear go gcuirtear brú ar dhaltaí sna córais Ghaelscolaíochta agus Ghaeltachta sprioctheanga na scoile a labhairt (an Ghaeilge) in ainneoin nach í sin máthairtheanga na ndaltaí go minic.  Breathnófar ar impleachtaí oideolaíocht an trasteangaithe sna comhthéacsanna casta seo ar ball, ach toisc gur le Stáit Aontaithe Mheirceá a shamhlaítear an trasteangú go minic is ansin a rachaidh muid don chéad chuid eile den alt.  Tabharfar léargas anois ar straitéisí praiticiúla múinteoireachta agus foghlama i dtaca leis an bhfealsúnacht nua-aimseartha seo a fhíorú i gcomhthéacs an tseomra ranga.

2. Straitéisí Nithiúla Múinteoireachta don Trasteangú sa Seomra Ranga

Ní hamháin nach gcuirtear srian ar chleachtais dhátheangacha i seomraí ranga an trasteangaithe, ach iarrtar go sonrach ar dhaltaí an trasteangú seo a dhéanamh ar bhealach struchtúrtha, réamhbheartaithe, córasach.  Ina réamhrá do threoirleabhar d’oideachasóirí, déanann Celic & Seltzer (2011) cur síos ar straitéisí éifeachtacha chun an trasteangú a éascú i seomraí ranga.  Tá an liosta thíos bunaithe ar obair na beirte sin, ach é curtha in oiriúint sa chuid seo do phobal léitheoireachta na Gaeilge.  Tá sé tábhachtach arís an comhthéacs a aithint; is é sin go bhfuil na húdair ag cur síos ar sheomraí ranga ina bhfuil an Spáinnis á labhairt mar T1 ag daltaí ón gcúlra teanga sin, ach iad ag freastal ar chláir oideachais i Stáit Aontaithe Mheirceá a fheidhmíonn go príomha trí Bhéarla.  Maidir le comparáid a dhéanamh leis an soláthar oideachais a chuirtear ar fáil in Éirinn, ba chóngaraí é d’eispéireas an dalta as an bPolainn leis an bPolainnis mar mháthairtheanga ná daltaí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga.

3.1 Idirdhealú san Obair Ghrúpa

Maidir le straitéisí úsáideacha trasteangaithe a chur i bhfeidhm, moltar gur cheart seomra ranga atá páistelárnach a chothú, ina suíonn daltaí le chéile i ngrúpaí teanga chun comhoibriú go cumarsáideach ar thascanna praiticiúla.  Méadaítear ar na deiseanna trasteangaithe do dhaltaí nuair a iarrtar orthu a bheith ag plé, ag idirbheartú agus ag próisiú eolais i ngrúpaí chun gníomhaíochtaí foghlama a chur i gcrích.  D’fhéadfadh daltaí freagairt do phictiúr staire, fadhbanna matamaitice a réiteach nó téacs tíreolaíochta a léamh sna grúpaí teanga seo.  Má dhéantar obair ghrúpa sa chaoi seo atá dalta-threoraithe, ach go hiomlán faoi stiúir an mhúinteora agus i ngrúpaí atá bunaithe ar mháthairtheanga na rannpháirtithe, tarlóidh an trasteangú agus an scafláil foghlama go nádúrtha.

3.2 Úsáid Teangacha Éagsúla le linn Ceachta

Is gá deiseanna a chur ar fáil do dhaltaí a bheith ag plé, ag machnamh, ag idirbheartú agus ag tabhairt aiseolais tríd an teanga a roghnaíonn siad féin, ach an cur i láthair ag deireadh an cheachta a dhéanamh trí sprioctheanga na scoile (an Béarla i bhformhór scoileanna na hÉireann nó an Ghaeilge sa chomhthéacs Gaeltachta agus Gaelscolaíochta).  Cuir i gcás Cairt ETF[2] (KWL Chart) maidir le truailliú uisce san abhainn áitiúil.  Déanann daltaí seisiún ransaithe smaointe maidir lena n-eolas ar an topaic, chomh maith le ceisteanna a bheadh acu agus eolas atá siad ag iarraidh a fháil amach.  Is féidir leo a máthairtheanga a úsáid don chuid seo den cheacht, ach an t-eolas a roinnt leis an rang ar fad i T1 na scoile ionas go gclárófar a gcuid tuairimí go lárnach in éineacht le tuairmí na ndaltaí eile sa rang.  Do dhaltaí ar chumas níos ísle teanga, thabharfaí cead dóibh smaointe a aistriú óna máthairtheanga go dtí T1 na scoile.  Do dhaoine ar chumas níos airde i dT1 na scoile, beidh siad in ann an t-eolas atá cláraithe ag an ngrúpa ar an gcairt ETF a rá os ard i sprioctheanga na scoile.  Is fiú tascanna a thabhairt do dhaltaí ina ndéanann siad cur i láthair i dteanga amháin agus anailís i dteanga eile:

  • Cruthaíonn daltaí cur i láthair as Béarla ag baint úsáide as PowerPoint. Déanann na daltaí an cur i láthair tríd an máthairtheanga féin atá acu.
  • Scríobhann daltaí dán nó amhrán ina máthairtheanga ach déanann siad anailís ar na teicnící liteartha atá in úsáid iontu trí Bhéarla.

3.3 Tascanna Scríbhneoireachta

Ba chóir don mhúinteoir deiseanna scríbhneoireachta a chur ar fáil do dhaltaí ina dtugtar cead dóibh a rogha teanga a úsáid; dialanna foghlama a choinneáil, mar shampla, smaointe a bhreacadh síos, nótaí ranga a ghlacadh nó machnaimh a dhéanamh.

3.4 Míreanna Dátheangacha a Chruthú

Is fiú gníomhaíochtaí a chur ar bun sa seomra ranga ina bhfuiltear ag súil le mír dhátheangach ag an deireadh – scéal, fógra nuachtáin, feachtas toghchánaíochta nó píosa filíochta atá dátheangach a chumadh, mar shampla – mar go gcuireann obair dhátheangach mar seo an trasteangú chun cinn sa seomra ranga.  Bíonn luach níos fearr ag baint leis an obair seo má bhíonn fíorthionscnamh ar siúl seachas tasc aistriúcháin ina bhfuil na daltaí ag aistriú téacs ó theanga amháin go teanga eile gan aon chúis bhríoch.  D’fhéadfaí daltaí a ghrúpáil d’aon ghnó de réir a máthairtheanga ionas go mbeadh tacaíocht ar fáil dóibh ina máthairtheanga óna gcuid piaraí.  Chabhródh daltaí ar ardchumas teanga le daltaí ar chumas níos ísle.

3.5 Straitéisí Léitheoireachta

Is fiú go mór deis a thabhairt do dhaltaí téacsanna a léamh ina máthairtheanga féin sula gclúdaítear an t-ábhar céanna trí sprioctheanga na scoile.  Ar an gcéad dul síos, tugann straitéis mar seo scafall simplí tuisceana do na daltaí chun an t-ábhar a chíoradh tríd an teanga is nádúrtha dóibh.  Chomh maith leis sin, is uirlis chumhachtach é seo chun anailís níos doimhne a dhéanamh agus scileanna ardoird smaointeoireachta a fhorbairt.  Faoin am a múintear an t-ábhar sa cheacht foirmiúil, is féidir leis an dalta tarraingt ar a réamheolas chun tuiscint a dhaingniú agus stór téarmaíochta a mhéadú.

3.6 Ról an Aistriúcháin

Ba cheart don mhúinteoir úsáid na bhfoclóirí a chur chun cinn ina mbeadh daltaí ag aistriú eochairfhocal ó sprioctheanga teagaisc na scoile go dtí a máthairtheanga féin.  Ní shamhlaítear go gur gá dóibh gach focal a aistriú ach déanfar an obair aistriúcháin seo ar mhaithe le coincheapa lárnacha a fhoghlaim agus chun dul i ngleic leis an tasc foghlama ar bhealach níos cuimsithí.  Forbraíonn obair mar seo cumas délitearthachta na ndaltaí agus tugann sé deis iontach dóibh míthuiscintí a sheachaint.

3.7 Tábhacht an Chomhthéacs: Focal Faire don Ghaeilge agus an Fotheangú

I gcomhthéacs na Gaeilge sa Ghaelscoil nó sa bhunscoil Ghaeltachta, áfach, caithfear a bheith airdeallach maidir le hoideolaíocht an trasteangaithe a chur i bhfeidhm sa seomra ranga.  Aithnítear go forleathan go gcaithfí an chumhacht atá ag teangacha a chur san áireamh i ndearadh aon chláir oideachais dhátheangaigh.  Sa tumoideachas déthreoch i dTuaisceart Mheirceá, mar shampla, ina bhfuil soláthar dátheangach á chur ar fáil do dhá phobal teangeolaíochta – pobal na Spáinnise agus pobal an Bhéarla go hiondúil – cinntítear go bhfuil cothromaíocht ann don dá phobal urlabhra san oideolaíocht, san am teagaisc agus sa churaclam (Howard & Christian, 2002).  Scéal eile ar fad atá i gceist leis an nGaeilge in Éirinn, áfach, ina bhfuil mionteanga atá i mbaol in iomaíocht le teanga mhór idirnáisiúnta cosúil leis an mBéarla.  Maítear anois, mar shampla, go bhfuil caighdeán na Gaeilge labhartha tite go suntasach i measc daltaí Gaeltachta (Harris et al., 2006), go bhfuil an Béarla in uachtar mar ghnáth-theanga chumarsáide i bhformhór na mbunscoileanna Gaeltachta, fiú sna ceantair is láidre Gaeltachta (Mac Donnacha et al., 2005), agus gur treise cumas an Bhéarla ná cumas na Gaeilge i measc páistí, fiú amháin sa chás gurb í an Ghaeilge a dteanga baile (Péterváry et al., 2014).  Sa ‘dátheangachas aontreoch’ seo, baintear úsáid as mórtheanga in áit na mionteanga (Matras, 2009: 193) agus aithnítear sa Ghaeltacht chomhaimseartha go gciallódh cur chuige níos scaoilte, cosúil leis an trasteangú, go ndéanfaí cinntí i dtreo an Bhéarla sa Ghaeltacht a dhéanfaidh dochar don Ghaeilge (Nic Pháidín, 2003; Ó Curnáin, 2009).  Anuas ar na pátrúin sochtheangeolaíochta sin, aithnítear sa chóras oideachais go mbíonn constaic ar fhormhór na ndaltaí Gaeltachta an Ghaeilge a shealbhú chomh maith agus a sealbhaíodh roimhe seo í (Ó Curnáin, 2012).  Tá tuairimíocht ag teacht chun cinn i measc mhuintir na Gaeltachta iad féin go gcaithfear ‘dún daingean Gaeilge a dhéanamh de gach scoil Ghaeltachta’ agus gan ligean do sheomraí ranga sa Ghaeltacht a bheith ina seomraí dátheangacha (Ní Fheinneadha, 2012: 8).  Mar fhorbairt ar an bpointe céanna, léiríonn cás-staidéir áirithe ón nGaeltacht go mbraitheann oideachasóirí ar leith gur cheart tearmann Ghaeilge a dhéanamh de scoileanna Gaeltachta mar chosaint ar an nGaeilge iontu (Ó Brolcháin, 2014).  Aithnítear go bhfuil géarghá béim eisiach a leagan ar chur chun cinn na Gaeilge sna hidirghníomhaíochtaí sóisialta, proifisiúnta, teagaisc agus foghlama sna suíomhanna casta oideachais seo agus gan saoirse an trasteangaithe a éascú iontu mar go bhféadfaí dochar a dhéanamh do líon agus do chaighdeán na gcainteoirí Gaeilge go fadtréimhseach.  Tá mé ag maíomh anseo nach bhfeileann an idé-eolaíocht oideolaíochta seo do bhunscoileanna Gaeltachta mar go ndéanfadh daltaí fo-theangú (sublanguaging) aonteangach trí Bhéarla, seachas trasteangú dátheangach, dá dtabharfaí cead dóibh a rogha teanga a úsáid ina n-idirghníomhaíochtaí sóisialta agus foghlama.  Tarlóidh sé seo mar gheall ar uileláithreacht an Bhéarla in Éirinn agus an neamhchothromaíocht a fheictear idir é agus an Ghaeilge.  Is cosúil go dtuigeann roinnt múinteoirí bunscoile sa Ghaeltacht an dinimic seo agus iad ag iarraidh bunphrionsabail chosanta na múnlaí saibhriúcháin (May, 2008) a chur i bhfeidhm ina seomraí ranga féin mar thacaíocht don mhionteanga (Ó Brolcháin, 2016).

4. Focal Scoir

Níl aon amhras ach go bhfuil fís uasal agus uaillmhianach á leagan amach ag a leithéid García (2009a), García & Wei (2014) agus Cummins (2005) ina gcuirtear ar chumas daltaí bunscoile a bheith ag gluaiseacht ó theanga amháin go teanga eile i mbun foghlama agus cumarsáide agus iad ag déanamh a mbealaigh i dtreo an dátheangachais chothroim.  Aithníonn fealsúnacht an trasteangaithe gur gnáthfheiniméan normálta é an dátheangachas agus cuirtear dúshlán faoi mheon an aonteangachais a fhaightear i gcórais éagsúla oideachais (García, luaite in Celic & Seltzer, 2011: 1).  Breathnaítear ar an dátheangachas agus ar chleachtais na ndátheangach mar acmhainn luachmhar teagaisc agus foghlama, atá inmhianaithe agus dearfach (2011: 1).

Mar atá luaite anseo cheana, áfach, tá an comhthéacs agus an suíomh oideachais an-tábhachtach in aon phlé ar an trasteangú in Éirinn.  Mar shampla, luífeadh oideolaíocht an trasteangaithe go hiomlán taobh amuigh den tearmann Gaeilge a shamhlaíonn Ó Brolcháin (2014: 192 & 215) agus den ‘dún daingean’ a mholann Ní Fheinneadha (2012: 8) sa Ghaeltacht.  Nuair a thógtar san áireamh cothromaíocht chumhachta idir na teangacha atá i gceist agus an baol a bheadh ann don mhionteanga i gcur chuige trasteangaithe, is cosúil go mbeadh fo-theangú seachas trasteangú ar siúl ag daltaí mar gheall ar an dóchúlacht go ndéanfadh siad cumarsáid trí Bhéarla dá dtabharfaí an rogha dóibh.  Sa chur chuige seo, d’éireodh le daltaí sealbhú iomlán a dhéanamh ar an mórtheanga (an Béarla i gcás na Gaelscolaíochta agus na Gaeltachta) gan ach páirtsealbhú a bhaint amach sa mhionteanga (an Ghaeilge sa chás áirithe seo).  Aithníonn roinnt taighdeoirí agus cleachtóirí i ngort an oideachais Ghaeilge sa tír an feiniméan seo agus tuiscint tagtha chun cinn nach bhfeilfeadh an trasteangú dá suíomhanna áirithe oideachais.

Comhthéacs amháin inar féidir buntáiste áirithe a shamhlú do dhaltaí Gaeilge, is ea dá mbogfadh siad go scoil lonnaithe lasmuigh den Ghaeltacht nó den tír fiú agus go gcuirfí deiseanna trasteangaithe ar fáil dóibh ina suíomh nua oideachais.  Dá dtabharfaí cead do na daltaí sin a máthairtheanga a úsáid do ghníomhaíochtaí áirithe ranga agus don chumarsáid, shamhlófá go mbeadh buntáistí foghlama, féiniúlachta agus sóisialta le baint as.  Beidh le feiceáil amach anseo an mbeidh oideachasóirí agus lucht léinn na Gaeilge in ann múnla a chur chun cinn taobh istigh d’fhealsúnacht an trasteangaithe, ina ndéantar cúram ar leith do leochaileacht na teanga sin, agus ina mbeadh daltaí in ann dátheangachas níos iomláine agus níos cothroime a bhaint amach.

 

[1] Samplaí nithiúla de ghníomhaíochtaí is féidir le múinteoir a dhéanamh: Freagairt do bhunfhoinsí staire ón tréimhse, anailís chroneolaíoch ar imeachtaí tábhachtacha nó staidéar ar phríomhcharachtair an Éirí Amach agus ar a bhfealsúnachtaí polaitiúla.

[2] KWL Chart. K=What you Know, W=What you Want to know, L=What you’ve Learned.

Cairt ETF. E= An tEolas atá agam faoin ábhar, T=an t-eolas a Theastaíonn uaim ón gceacht seo, F=an t-eolas a d’Fhoghlaim mé.

Leabharliosta: 

Leabhair

Baker, C., (2011) Foundations of bilingual education and bilingualism (5ú heag). Bristol: Multilingual Matters.

Blackledge, A. & Creese, A., (2010) Multilingualism. Londain: Continuum.

García, O., (2009) Bilingual education in the 21st century: A global perspective. Malden, MA & Oxford: Blackwell-Wiley.

García, O. & Wei, L., (2014) Translanguaging: Language, Bilingualism and Education. UK: Palgrave Macmillan.

Matras, Y., (2009) Language contact. Cambridge University Press.

Péterváry, T. et al., (2014). Iniúchadh ar an gcumas theangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Williams, C., Lewis, G. & Baker, C., (1996) The language policy: Taking stock. CAI Language Studies Centre.

 

Ailt

Canagarajah, S., (2011) ‘Codemeshing in academic writing: Identifying teachable strategies of translanguaging’. The Modern Language Journal. 95(3). 401-17.

Creese, A. & Blackledge, A., (2010) ‘Translanguaging in the bilingual classroom: A pedagogy for learning and teaching?’ Modern Language Journal. 94 (1). 103-15.

Cummins, J., (2007) ‘Rethinking monolingual instructional strategies in multilingual Classrooms’, Canadian Journal of Applied Linguistics. 10 (2). 221-40.

Cummins, J., (2005) ‘Teaching for cross-language transfer in dual language education: Possibilities and pitfalls’. TESOL Symposium on dual language education: Teaching and learning two languages in the EFL setting. September. 1-18.

Cummins, J., (2008) ‘Teaching for transfer: Challenging the two solitudes assumption in bilingual education’. Hornberger, N. H. (eag.) Encyclopedia of Language and Education. Nua-Eabhrac: Springer. 5. 1528-38.

García, O., (2011) ‘From language garden to sustainable languaging: Bilingual education in a global world’. Perspectives, A publication of the National Association for Bilingual Education. Samhain-Nollaig. 5.

Hickey, T., (2001) ‘Mixing beginners and native speakers in minority language immersion: Who is immersing whom?’ The Canadian Modern Language Review/La Revue Canadienne Des Langues Vivantes. University of Toronto Press, 57(3). 443-74.

Hornberger, Nancy & H. Link., (2012) ‘Translanguaging and transnational literacies in multilingual classrooms: A bilingual lens’. International Journal of Bilingual Education and Bilingualism 15(3). 261-78.

Lewis, G., Jones, B. & Baker, C., (2012) ‘Translanguaging: Origins and development from school to street and beyond’. Educational Research and Evaluation. 18(7). 641-54.

Li Wei. (2010) ‘Moment analyses and translanguaging space: Discursive construction of identities by multilingual Chinese youth in Britain’. Journal of Pragmatics. 43(5). 1222-35.

May, S., (2008) ‘Bilingual/immersion education: What the research tells us’. Hornberger, N.H. (eag.) Encyclopedia of Language and Education. Nua-Eabhrac: Springer. 5. 1483-98.

Nic Pháidín, C., (2003) ‘“Cán fáth nach?” – ó chanúint go criól. Ní Mhianáin, R. (eag.) Idir Lúibíní: Aistí ar an Léitheoireacht agus ar an Litearthacht. Baile Átha Cliath: Cois Life. 113-30.

Ní Fhinneadha, M., (2012) ‘Conair na nDriseacha-Cruachás na gCainteoirí Dúchais’. Comhar. 72(8). 8-10.

Ó Brolcháin, C., (2016) ‘Saintréithe an Luath-oideachais Ghaeltachta: Léargais Úra ó Chás-staidéar i nGaeltacht Chonamara’, Léann Teanga: An Reiviú Iml. 4, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 31-41.

Ó Curnáin, B., (2009) ‘Mionteangú na Gaeilge (Minoritizing Irish)’. Ó Catháin, B. (eag.) Sochtheangeolaíocht na Gaeilge, Léachtaí Cholmcille 39. 90-152 (The sociolinguistics of Irish, Colmcille Lectures 39). An Daingean: An Sagart.

Ó Curnáin, B., (2012) ‘An Ghaeilge iar-thraidisiúnta agus an phragmataic chódmheasctha thiar agus theas [Post-traditional Irish and the pragmatics of code-mixing in Western and Southern Irish]’. Lenoach, C., Ó Giollagáin, C. & Curnáin, B. (eag.) An chonair chaoch: An mionteangachas sa dátheangachas. Indreabhán: Leabhar Breac. 284-365.

Swain, M., (1993) ‘The output hypothesis: Just speaking and writing aren't enough’. The Canadian Modern Language Review. 50, 158-164.

Foinsí Ar Líne

Celic, C. & Seltzer, K., (2011) Translanguaging: A CUNY-NYSIEB Guide for Educators. Nua-Eabhrac: CUNY NYSIEB, The Graduate Center, The City University of New York. Le fáil ag http://www.nysieb.ws.gc.cuny.edu/files/2012/06/FINAL-Translanguaging-Gui... (Léite 8 Feabhra 2017).

Tuairiscí agus Doiciméid Polasaí

Harris, J. et al., (2006). Irish in primary schools: Long-term national trends in achievement.

Baile Átha Cliath: Department of Education and Science.

Howard, E.R., & Christian, D., (2002) Two-Way Immersion 101: Designing and Implementing a Two-Way Immersion Education Program at the Elementary Level (Educational Practice Report 9). Santa Cruz, CA & Washington, DC: Center for Research on Education, Diversity & Excellence.

Mac Donnacha, S. et al., (2005) Staid reatha na scoileanna Gaeltachta: A study of Gaeltacht schools 2004. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

Ó Duibhir, P. & Cummins, J., (2012) Towards an integrated language curriculum in early childhood and primary education (3-12 years). Baile Átha Cliath: An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.   

Ó Duibhir, P. et al., (2014) Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha: Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta. Baile Átha Cliath: An Roinn Oideachais agus Scileanna. www.education.ie/en/Press-Events/Events/

Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Chualáin, F. N., Shéaghdha, A. N., & O’Brien, M. (2007) Comprehensive linguistic study of the use of irish in the gaeltacht: Principal findings and recommendations. Baile Átha Cliath: DCRGA.

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Ó Brolcháin, C. (2014). Iniúchadh ar an Luath-oideachas Dátheangach i nBunscoileanna na Gaeltachta. Tráchtas neamhfhoilsithe do PhD san OIdeachas, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.