An Scannán Aiste: teicníc eile inste scéil nó seánra ar leithligh? Léiriú an scannáin Fís na Fuiseoige

Aodh Ó Coileáin

Ó a shliabh san in airde, an cás leatsa anois mé?

Aon ainm amháin atá páirteach againne,

Thíos fé do scáth thugas deich mbliana fichead.

Ón dán, ‘Mis, ag Caoineadh Dhubh Ruis’ (Ní Shúilleabháin, 2000: 31)

(Ba í Mis iníon Dháire Donn, rí an Domhain, fear a thit faoi lámh Fhinn Mhic Cumhaill i gCeann Trá).

Réamhrá

San alt seo déantar iniúchadh intleachtúil ar an bpróiseas a bhain le giniúint agus léiriú scannán ealaíne faoi choincheapa ómós áite agus dinnseanchais agus an tionchar atá acu araon ar fhilí áirithe in Éirinn.  Craoladh an scannán atá faoi chaibidil, Fís na Fuiseoige, ar choimisiún é de chuid TG4, comh-mhaoinithe ag Údarás Craolacháin na hÉireann, ar an 15 Samhain 2016.  Facthas an scannán den chéad uair ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2016 (24 Feabhra 2016).  Ag pleanáil an scannáin, bhí aird an údair ar an riachtanas atá ann saoithiúlacht agus saíocht na hÉireann a léiriú ar na meáin dhigiteacha.  Tugtar faoi deara go bhfuil flosc ar lucht acadúil áirithe a gcuid feasa agus a gcuid eolais a roinnt i mbealaí seachas na modhanna traidisiúnta, seanbhunaithe.  Déantar cás don scannán aiste mar mhodh léirithe le haghaidh na n-ábhar ómós áite agus dinnseanchas. 

Breathnaítear go sonrach ar ghnéithe den phróiseas faoinar thángthas ar aeistéitic don scannán go mór mór na smaointe a nocht Ó Ríordáin i réamhrá ar a chuid filíochta (1986).  Tagraítear san alt do chuid den chaibidil atá déanta ag údair áirithe ar rangú an scannáin faisnéise agus ar na hiarrachtaí a dhéantar an scannán aiste a shainiú, go mór mór an plé a rinne Rascaroli (2008), Arthur (2003) agus Nichols (2001).  Fiosraítear cuid de na ceisteanna modheolaíochta a bhaineann leis an scannán faisnéise agus pléitear cuid de thréithe an scannáin aiste.  Tarraingítear ar an scannán, Fís na Fuiseoige féachaint le hanailís chriticiúil a dhéanamh ar an bpróiseas ealaíne a bhaineann le saothar faisnéise a cheapadh, a phleanáil agus a thabhairt go dtí an scáileán.

An Smaoineamh

I mí Iúil na bliana 2011, bhí an t-údar ag scannánaíocht in Inis Mór, Árainn leis an aisteoir agus an craoltóir, Máirtín Jaimsie Ó Flaithearta.  Scannán próifíle do TG4 a bhí idir lámha.  D’inis Máirtín Jaimsie scéilín faoin scríbhneoir Liam Ó Flaithearta ó Ghort na gCapall, Inis Mór, baile tamall taobh thoir de bhaile dúchais Mháirtín féin, Fearann an Choirce.  Nuair a d’fhill Liam Ó Flaithearta ar an áit seo tar éis a bheith ar deoraíocht ar feadh trí scór bliain, a d’inis Máirtín Jaimsie, bhuail sé a mhaide faoi charraig agus dúirt: ‘aithním tusa’.

Ba é an t-ionannú seo idir an duine agus an dúthaigh sméaróid an smaoinimh as ar eascair Fís na Fuiseoige.  Ómós áite a thug Seán Ó Tuama, Ollamh le Litríocht na hÉireann in Ollscoil Chorcaí ar an gcoincheap:

It is unlikely that feeling for place (including feeling for home-place) is found so deeply rooted, and so widely celebrated, in any western European culture as it is in Irish culture.  It seems to have made its presence in Irish literature at every level and in every era from early historic times to the present day (Ó Tuama, 1995: 249).

Cuimsíonn an bunsmaoineamh roinnt de thréithe mhuintir na hÉireann agus litríocht na tíre; an tionchar a bhíonn ag áit ar dhuine agus an inspioráid a bhaineann daoine as áiteanna ar leith.  I ngeall gurb í an fhilíocht an seánra litríochta is ársa ar Oileán na hÉireann, traidisiún gan bhriseadh, roghnaíodh í mar ábhar leis an gcoincheap ómós áite a scrúdú. 

Go deimhin bhí pearsantacht ag an tír i súile an fhile.  Nuair a scríobhadh na filí sa seachtú agus san ochtú haois déag, is bean a d’fheicfidís in ionad na tíre, bhí lé ar leith ag Aogán Ó Rathaille (c.1675 – 1729) leis seo agus é ag cur síos ar Éirinn a bhí i seilbh meirleach:

an soilseach muirneach miochairgheal beoltais caoin

ag adharcach foireanndubh mioscaiseach coirneach buí  (Ó Tuama agus Kinsella, 2002: 152).

Tá cuid mhaith d’fhilíocht Bhiddy Jenkinson, a fheictear sa scannán, fréamhaithe i gCo. Chill Mhantáin.  Is mór i gceist aici Bé na filíochta, uaireanta a luaitear le háit ar leith:

Tá an creideamh fileata seo go mór i dtiúin le tuiscintí an traidisiúin liteartha a áiríonn an file mar mheán seachas mar fhoinse filíochta.  Is é sin le rá, tuigtear do Jenkinson nach ag teacht uaithi atá a cuid filíochta ach ag teacht tríthi (Ní Fhrighil, 2010: 170).

Spreagann taobhanna tíre áirithe filí.  Tá an ceangal seo le dúthaigh lárnach i saothar go leor d’fhilí na Gaeilge.  Dúirt Seán Ó Ríordáin nach ‘dual do neach a thigh ná a threibh a thréigean’ (Ó Ríordáin, 1981: 96).  Téama láidir i bhfilíocht Mháirtín Uí Dhireáin is ea an oidhreacht as ar fáisceadh an duine a bheith mar chrann taca: ‘Luigh ar do chranna foirtil i gcoinne mallmhuir is díthrá’ (Ó Direáin, 2010: 108).

Is gné lárnach de chultúr na nGael an dinnseanchas.  Is féidir leis an dinnseanchas a bheith mar fhoinse inspioráide.  Deireann an file Nuala Ní Dhomhnaill, mar shampla, gur féidir talamh na hÉireann a léamh mar a léifeá lámhscríbhinn.  Nascann an file Eavan Boland coincheap an dinnseanchais leis an inspioráid:

First the leaning down, the pen becoming
A staff to walk fields with as they vanished
Underfoot into memory. Then the letting up,

The lighter stroke, which brought back
Cranesbill and thistle, a bicycle wheel
Rusting: an iron circle hurting the grass
(Boland, 2014: 11). 

Ina dhialanna, ina raibh cur síos cráite go minic ag Seán Ó Ríordáin ar a shaol, déanann an file cur síos ar an iomrascáil a bhíodh ar bun ina intinn aige chun tionchar áite air féin a thuiscint:

Baineann an bóthar seo ó Inis Cara go Carraig an Droichid le William O’Brien agus amhráin Tom Moore agus leis an Mardyke agus ‘The Banks of my Own Lovely Lee’.  Baineann an bóthar eile ó Mhaigh Chromtha siar go Baile Bhuirne leis an Ath. Peadar agus le Séadna agus le Daingean na Saileach, le Lá Bealtaine agus lucht na bpiseog, le Reilig sé natan agus Dámhscoil Mhúscraí, le hEibhlín Dubh Ní Chonaill agus le m’athair féin.  Arraing trí mo chroí na bóithre seo agus mothaím ag comhrac iad i m’aigne.  Tuigtear dom ar uairibh gur éirigh liom babhtaí iad a bhá i mbóthar eile – bóthar Cinn Sléibhe siar go Dún Chaoin (Ó Dúshláine, 2014:295).

Ar ndóigh tá óige an fhile uileláithreach, athchruthaítear gnéithe den am atá thart d’fhonn brí agus ciall a bhaint as an am i láthair:

[T]he aim of the soul’s development becomes conscious recovery of the unity and authenticity of imaginative being represented by childhood, one that includes in its dynamic compass those forces of destruction – death, illness, reflective consciousness itself – responsible for childhood’s inevitable passing (Polikoff, 2011: xx).

Sampla de seo é an comhrac a bhí in intinn an Ríordánaigh agus é ag iarraidh brí nó ciall nó talamh slán a dhéanamh den chúlra as ar fáisceadh é.  Ar ndóigh, chaithfí machnamh a dhéanamh faoin mbealach a d’fhéadfaí smaointe inmheánacha na bhfilí a léiriú ar an scáileán.  Cén seánra scannán a d’fheileadh don chúram seo?

An féidir a rá gur scannán aiste é Fís na Fuiseoige nó seánra ar leithligh?

Níl sé chomh saoráideach sin rangú a dhéanamh ar Fís na Fuiseoige agus déantar cás anseo an saothar a mheas mar scannán aiste, seánra nach ndéantar rangú cúng air.  Tá tréithe áirithe a luaitear le sé cinn de mhodheolaíochtaí éagsúla a shamhlaítear leis an scannán faisnéise le tabhairt faoi deara sa scannán seo Fís na Fuiseoige.  Ach ní dóigh liom gur féidir an scannán a rangú go hiomlán in aon cheann de na modheolaíochtaí sin.

Leag Nichols croineolaíocht na héabhlóide i modheolaíocht an scannáin fhaisnéise amach san aois seo caite.  Thagair sé don scannán faisnéise fileata ó na 1920í ina mbailítear blúiríní den saol le chéile i gcruth filíochta.  Mhaígh Nichols go raibh easpa sainiúlachta ag roinnt leis an modh seo agus go raibh sé rótheibí.  Chomh fada is a bhaineann sé le Fís na Fuiseoige, is féidir tréithe a luaitear leis an modh fileata seo a thabhairt faoi deara:

The poetic mode sacrifices the conventions of continuity editing and the sense of a very specific location in time and place that follows from it to explore associations and patterns that involve temporal rhythms and spatial juxtapositions (Nichols, 2001: 102).

Ó na 1920í ar aghaidh tháinig an modh léiritheach chun cinn ina ndírítear ar ábhar ón saol stairiúil.  Áitíonn Nichols gur féidir leis an modh seo a bheith rótheagascach.  Cloistear reacaireacht i nglór fir go minic agus an chuma air gur glór Dé atá ann.  Glacann trí ghlór déag páirt i reacaireacht an scannáin Fís na Fuiseoige agus cé go bpléitear ábhar ón saol stairiúil is beag cosúlacht eile atá idir é agus an scannán faisnéise léiritheach.

Tugann an modh breathnaitheach, a tháinig chun cinn sna 1960í, droim láimhe d’aon chineál tráchtaireachta nó reacaireachta.  Ní athchruthaítear aon radharc ach breathnaítear ar chúrsaí os comhair an lionsa de réir mar a thiteann siad amach.  Ceapaimse féin go bhfuil tairbhe áirithe ag baint leis an modh seo.  Baineadh úsáid as an modh seo i léiriú scannán faisnéise eile, The Wren’s Day, a chraol RTÉ sa bhliain 1995.  Ar ndóigh bhí dlúthbhaint le hábhar an scannáin úd le deasghnátha an dreoilín i nDaingean Uí Chúise, Lá ‘le Stiofáin agus an saibhriú a dhéanann an fhéile seo i ndúluachair na bliana ar ómós áite na muintire.  Deir Nichols gur féidir easpa comhthéacs agus staire a shonrú ar an modh seo áfach.  Arís eile ní cur chuige den chineál seo a bhí sa scannán atá faoi chaibidil anseo.

Modh eile fós is ea an scannán faisnéise rannpháirtíochta.  Tháinig an modh seo chun cinn sna 1960í freisin.  Téitear i muinín agallaimh agus úsáidtear ábhar cartlainne, mar shampla, chun greim a fháil ar thréimhse staire.  Deir Nichols go mbíonn an modh oibre seo ag brath an iomarca ar na finnéithe atá faoi agallamh, gur stair shaonta a bhíonn i gceist uaireanta agus go bhfuil an mhodheolaíocht ró-ionsáiteach.  Is iondúil go léiríonn an scannánóir a theagmháil dhíreach féin leis an timpeallacht atá i gceist agus leis an saol thart air (Nichols, 2001: 138).  I gcás Fís na Fuiseoige, bhí an bhéim is mó ar thimpeallacht na bhfilí a chuirtear in aithne an lucht féachana.  Níor léirigh an scannánóir a thaithí dhíreach féin leis an dúthaigh ina raibh an ceamara, tréith a luaitear leis an scannán faisnéise rannpháirtíochta.     

Sa scannán athfhillteach, ceistítear na modhanna atá leagtha amach thuas.  Tá an bealach ina bhfuil an scannán curtha le chéile agus an léiriú a dhéantar ar ábhar an scannáin chomh tábhachtach leis an ábhar féin.  Tá an modh seo a bhfuil a chuid fréamhacha sna 1980í rótheibí agus cailltear radharc ar ábhar an scannáin, dar le Nichols.  Is iad an tírdhreach, an dinnseanchas agus mar a spreagtar an fhilíocht na gnéithe is tábhachtaí sa scannán Fís na Fuiseoige.  Níl an modh scannánaíochta ná an bealach a chuirtear an scannán le chéile chomh tábhachtach céanna le hábhar an scannáin.    

Ar deireadh, tá an scannán faisnéise taibhitheach, a tháinig chun cinn sna 1980í agus a leagann béim ar ghnéithe suibiachtúla de dhioscúrsa oibiachtúil.  Glactar leis go bhfuil nithe eile seachas eolas a thugann léargas agus tuiscint ar an saol dúinn.  Is féidir, a mhaíonn Nichols, an laghdú ar oibiachtúlacht an mhodha thaibhithigh a chur i dtreo an avant-garde.  Is féidir, dar leis, an iomarca stíle a bheith sa saghas seo scannán faisnéise (Nichols, 2001: 138).

Stíl shimplí a úsáidtear i Fís na Fuiseoige.  Baintear leas as nithe eile seachas eolas chun léargas agus tuiscint a sholáthar don lucht féachana.  Cabhraíonn an fuaimrian, an ceol an tost agus rithimí nádúrtha na radharc le léargas a thabhairt don lucht féachana.  Ní féidir a rá gur laghdaíodh ar oibiachtúlacht an scannáin.  Luaitear é seo uaireanta leis an modh taibhitheach, rud a chuireann an saothar i dtreo an avant-garde.  Ach tugann glórtha acadúla comhthéacs sa scannán Fís na Fuiseoige síos tríd rud a choinníonn greim éigin ar an oibiachtúlacht.

Ní féidir Fís na Fuiseoige a rangú go hiomlán mar sin faoi aon cheann de na sé chinn de mhodheolaíochtaí atá luaite thuas.  An féidir an saothar a shuíomh i dtéarmaí an scannáin aiste mar sin?

An Scannán Aiste

Is feithicil é an scannán aiste chun smaointe casta atá fréamhaithe i saol fantaiseach a léiriú, a  mhaíonn Nora Alte:

Unlike the documentary film, which presents facts and information, the essay film produces complex thought that at times is not grounded in reality but can be contradictory, irrational, and fantastic.  This new type of film, according to Richter, no longer binds the filmmaker to the rules and parameters of the traditional documentary practice, such as chronological sequencing or the depiction of external phenomena.  Rather, it gives free reign to the imagination, with all its artistic potentiality.  The term essay is used because it signifies a composition that is in between categories and as such is transgressive, digressive, playful, contradictory, and political (Rascaroli, 2008: 27).

Tá an tírdhreach féin mar phríomhcharachtar sa scannán Fís na Fuiseoige agus go leor den scannánaíocht déanta ón aer ag baint úsáide as ceamara atá á iompar ag drón.  Tá ról lárnach ag an tírdhreach mar phríomhghlór an scannáin ach níl seánra ar leith a chuimsíonn an scannán tírdhreacha:

The uncertain basis of my thinking is the insight that there is no real genre of landscape film.  This situation allows me the freedom to attempt my own – admittedly experimental – definition for this not yet existent film genre (Truniger, 2013: 15).

Breathnaítear ar an tírdhreach mar dhlúthchuid den scannán Fís na Fuiseoige agus baintear úsáid as chun an tionchar suibiachtúil a bhíonn ag talamh na hÉireann ar dhaoine a léiriú.  Tá coincheap an scannáin tábhachtach don léiritheoir agus tagann an cur chuige a úsáidtear sa scannán le cuid de na tréithe a luaitear leis an scannán aiste:

Galvanized by the intersection of personal, subjective rumination and social history, the essay has emerged as the leading nonfiction form for both intellectual and artistic innovation (Arthur, 2003: 58).

Is í an tsaoirse phearsanta a sholáthraíonn an scannáin aiste mar mhodheolaíocht an ghné is suimiúla domsa faoin gcur chuige seo agus tá seo le sonrú go soiléir sa scannán Fís na Fuiseoige:

Its positioning at the crossroads of “documentary, avant-garde, and art film impulses” suggests that we must resist the temptation of overtheorizing the form or, worse, crystallizing it into a genre.  It being informal, sceptical, diverse, disjunctive, paradoxical, contradictory, heretical, open, free, and formless, the essay truly is the postmodern “matrix of all generic possibilities.” (Rascaroli, 2008:39).

Tugann Eades agus Papazian (2016) dúshlán faoin ngnáthrangú a dhéantar ar an scannán aiste a thugann le fios gur modh faisnéise féin-athfhillteach, suibiachtúil é a bhíonn go minic treascrach.  Féachann siad ar an:

'essayistic' as a mode that can emerge from or form part of films that are otherwise categorized as various genres of fiction or non-fiction film, and propose new ways of looking at essay film in terms of dialogue/metadiscourse; experiment/experience; and utopia/impossibility (Eades & Papazian, 2016: 5).

Diúltaíonn Eades agus Papazian (2016) rangú cúng a dhéanamh ar an scannán aiste.  Má bhreathnaítear ar an scannán aiste ar bhealach oscailte mar seo is léir go dtugann cur chuige an scannáin aiste deis don scannánóir rogha fhairsing teicnicí inste scéil a úsáid in éineacht. 

An Scannán: An tIarratas Coimisiúnaithe

Cuireadh an smaoineamh faoi bhráid Rannóg Coimisiúnaithe TG4 den chéad uair i samhradh na bliana 2013.  Bhí dúshláin go leor le sárú i dtaca le maoiniú a aimsiú don scannán áirithe seo.  Ní bhreathnaítear ar fhilíocht na Gaeilge mar ábhar a d’fhéadadh lucht féachana suntasach a mhealladh.  B’shin an imní ba mhó a bhí ar TG4, bealach a aimsiú chun an fhilíocht, na híomhánna agus ábhar an scannáin a fhuint agus a nascadh le chéile.  Is mar seo a leanas a rinneadh cur síos ar an gcoincheap san iarratas coimisiúnaithe a leagadh os comhair TG4 agus arís a cuireadh faoi bhráid Údarás Craolacháin na hÉireann níos déanaí:

Is é grá an Éireannaigh don áit dhúchais fócas an scannáin, mar a léirítear i bhfilíocht agus i seanchas áitiúil é.  Glactar leis nach tíreolaíocht amháin atá sa tírdhreach, ach rúnscríbhinn don litríocht is don fhilíocht.  In Éirinn, ní féidir an tírdhreach agus na scéalta a scarúint ó chéile.  Aithnítear go bhfuil ag an tír maoinchiste dochreidte áilleachta idir nádúrtha, fhileata, agus spioradálta ar ró-fhuirist neamhaird a dhéanamh air i ngnáthaimh ár saoil laethúil.  Déanfar scannánú ar Fís na Fuiseoige thar achar bliana, le ceann de na chéad heileacaptar cianrialaithe go huathoibreach in Éirinn agus taiscéalaíocht thaibhsiúil fhísiúil, fhileata, a bheidh ann ar an mór-ilghnéitheacht atá ag roinnt le dúichí logánta in Éirinn agus iad á bhfeiscint mar a bheadh i súile éin, agus á bhfoilsiú ag léargas diamhair, fileata mórfhilí Gaeilge a bhfuil tábhacht áite mar bhunábhar dánta acu (Ó Coileáin, 2013: 2).

Míníodh go ríomhfadh an scannán an stair chroineolaíoch, ó iniúchadh ar fhréamhacha págánacha a bhaineann leis an dáimh le dúthaigh agus traidisiún an dinnseanchais, go dtí an t-iompú ar an gCríostaíocht, as sin go tonnbhriseadh na sochaí Gaelaí agus as sin go dtí an t-athrú ón nGaeilge go dtí an Béarla sa naoú haois déag.  Agus an t-íosphointe seo sroichte, dhíreodh an insint ar an athnuachan a tháinig arís ar an dáimh le dúthaigh, mar a fheictear i saothar filí Gaeilge na nua-aimsire agus na linne, ina measc Biddy Jenkinson, Nuala Ní Dhomhnaill, Jackie Mac Donncha, Cathal Ó Searcaigh, Paddy Bushe agus Gearóid Mac Lochlainn.

Luadh go bhféachfaí le hagallaimh a thaifead le saineolaithe ar an litríocht agus ar an gcultúr, leithéidí Louis de Paor , (file is saineolaí ar an litríocht araon), Declan Kiberd agus Máirín Ní Dhonnchadha.  Mar bhreis air sin dhéanfaí agallaimh le gnáthdhaoine as an dúthaigh, pearsana inspéise a bhfuil grá acu don tír agus eolas acu ar sheanchas a bhaineann le láithreacha ar leith:

Trí fhocail na bhfilí, na saineolaithe liteartha is staire, agus na bpearsana inspéise ó gach dúthaigh a thráchtann ar an dinnseanchas áitiúil, dhéanfaí iarracht an rud a cheanglaíonn an duine agus an dúthaigh ar shlí chomh huathúil sin in Éirinn a rianadh.  Comóradh dearfach de cé sinn féin is cad a chruthaíonn ár bhféiniúlacht a bheadh sa scannán Fís na Fuiseoige.  Seó físiúil a dhéanfaidh iniúchadh ar ár DNA cultúrtha, scannán a sheasfadh go fadaimseartha a bheadh ann (Ó Coileáin, 2013: 2).

Rinneadh iarracht a léiriú do lucht maoinithe an scannáin nach saothar acadúil a bheadh i gceist ach go léireofaí feabhas an choincheapa trí úsáid a bhaint as réimse tráchtairí agus as an iliomad láthair ar fud na tíre.  Thar aon ní eile bheadh béim ar na híomhánna agus an fhilíocht a shnaidhmeadh ina chéile.

Bronnadh maoiniú ar Fís na Fuiseoige i samhradh na bliana 2014 agus tosnaíodh ar leagan amach sceideal léiriúcháin an scannáin láithreach.  Tógadh cinneadh an scannánaíocht go léir nó an chuid ba mhó de a dhéanamh faoi sholas d’ardchaighdeán.  D’fhág sé sin go raibh laethanta ann a cuireadh an obair ar fad ar athló.

Ba é leagan amach aeistéitic an scannáin an chuid ba thábhachtaí den obair.

An Nóisean Aeistéitice

Ba é mian an léiritheora go soláthródh Fís na Fuiseoige braithstint agus tuiscint ar dhiamhaireacht an chultúir Ghaelaigh, agus tuiscint níos doimhne ar fhéiniúlacht nó ar fhéinaitheantas na muintire.  D’fhonn a leithéid a bhaint amach bhí tábhacht mhór ag roinnt le machnamh a dhéanamh faoi aeistéitic an tsaothair.  Is i ngeall ar seo a lonnaítear an fhilíocht i gcroí an scannáin.  Téitear go hiomlán i muinín na filíochta chun teachtaireacht an tsaothair a iompar.  Ligtear do na filí a gcuid focal, a dtuin chainte, agus a gcuid rithimí a úsáid chun dul i bhfeidhm ar chroí an lucht féachana.  Osclaíonn gach file fuinneog áirithe ar áit ar leith agus léiríonn na filí seo a n-ómós pearsanta féin don áit atá i gceist.

Ina réamhrá cáiliúil ar an gcnuasach ‘Eireaball Spideoige’, tarraingíonn Seán Ó Ríordáin cosúlacht idir an fhilíocht agus aigne linbh.  Insíonn sé scéal faoi athair agus leanbh atá i seomra le chéile nuair a théann capall thar bráid ar an tsráid lasmuigh.  Cuireann an t-athair ainm ar úinéir an chapaill.  Deir an Ríordánach go gcailleann an t-athair an capall mar go bhfanann sé lasmuigh de.  Ní thugann sé leis ón eachtra ach aon fhíric lom amháin: cé leis an capall.  I gcás an linbh, áfach:

Blaiseann sé fuaim an chapaill ar son na fuaime féin.  Agus éisteann leis an bhfuaim ag dul i laghad agus i laghad agus ag titim siar isteach sa tost.  Agus is ionadh leis an fhuaim agus is ionadh leis an tost.  Agus breithníonn sé cosa deiridh an chapaill agus déanann ionadh dá n-údarásacht agus dá seandacht.  Agus líontar an saol de chapall-alltacht agus de shodardhraíocht.  Sin bheith – bheith fé ghné eile.  Agus sin, dar liom, filíocht.  Maireann an leanbh fé ghné chapaill (Ó Ríordáin, 1986: 9).

In iarracht dul i gcion ar mhothúcháin an lucht féachana, bunaítear úsáid sciliúil as  eagarthóireacht fuaime agus as eagarthóireacht físe sa scannán Fís na Fuiseoige chun an taithí speisialta seo a luaigh an Ríordánach, an ghné eile seo a bhaineann leis an bhfilíocht dar leis, a bhaint amach.

Féachtar ar líne de chuid an Ríordánaigh mar spreagadh ar leith aeistéitice, an líne thiar i ndeireadh an dáin, ‘Adhlacadh mo Mháthar’ nuair a deir sé: ‘Ba mhaith liom breith ar eireaball spideoige’.  Coincheapa teibí iad ómós áite agus féinaitheantas.  Comhrac intleachta é breith ar eireaball spideoige.  Is dóichí ar fad gur claochlú de shaghas éigin atá i gceist ag an bhfile.  D’fhonn cat an dá eireaball a sheachaint, agus tionchar a imirt ar an lucht féachana, leagtar aeistéitic shimplí an scannáin ar an fhilíocht agus cumas na filíochta cruth eile a chur ar rudaí nó claochlú a bhaint amach.

Agus é ag cur síos ar a sheanmháthair sa dán, ‘Death of an Irish Woman’, úsáideann Michael Hartnett meafar a thugann éachtaint ar fhéinaitheantas a sheanmháthar:  ‘She was a child’s purse, full of useless things’ (Hartnett, 1975: 76).  Samhlaítear na nithe úd a bhaineann le féinaitheantas na mná a bheith thíos i sparán, coinnithe i dtaisce agus tábhachtach di féin; díreach ar nós na nithe a bheadh ag páiste agus a thabharfadh léargas ar phearsantacht an pháiste.   

Labhraíonn Louis de Paor sa scannán faoin choincheap dúchas – an t-eolas sin atá i bpáirt ag pobal áirithe, na traidisiúin atá ag daoine a chónaíonn in áit ar leith ag am ar leith.  Treisíonn na nithe seo féinaitheantas phobal ar bith.  Ceann de na dúshláin atá le sárú ag an scannán ná léargas a thabhairt ar an gcoincheap casta, teibí, féinaitheantas agus mar a mhúnlaítear é. 

Conclúid

Chuir léiritheoir Fís na Fuiseoige roimhe scannán d’ardchaighdeán a léiriú, saothar a bheadh ábhartha i bhfad na haimsire, scannán a thabharfadh léargas mothálach ar fhéinaitheantas an Éireannaigh.  Chuir sé roimhe aiste a chur inár láthair a mbeadh cos aici i ngort na tíreolaíochta, na staire, na filíochta agus na scéalaíochta.  Chuir sé roimhe an lucht féachana a chur ag siúl i móinéar mothúcháin an duine, sa pháirc úd ina gcoinnítear earraí agus airnéis luachmhara.  Is féidir tréithe den scannán aiste a thabhairt faoi deara ar an saothar seo ach ní hionann é seo le rá gur féidir é a chúngú taobh istigh de na srianta de sheánra ar leith.  Bhain lucht féachana ag féilte ar fud na hÉireann taitneamh as an scannán.  Tugadh aiseolas dearfach nuair a taispeánadh Fís na Fuiseoige ag féilte idirnáisiúnta thar lear:  San Francisco, Nua-Eabhrac, Chicago, Washington agus Londain.

Ní hí aidhm na healaíne sraith eachtraí a léiriú.  Ní bheadh sa mhéid sin ach eolas.  Is éard atá i gceist le healaín ná gach eachtra a nascadh le saol scéalaí, ionas gur féidir an eachtra a léiriú mar chuid de thaithí saoil daoine.  Saothar scéalaí é Ulysses, ní obair úrscéalaí.  Reacaireacht is ea é a bhaineann úsáid as sráideanna mar threoir chuig críonnacht agus saoithiúlacht phobal iomlán ar leith (Kiberd, 2009: 357).  Ar an gcaoi chéanna, leag an léiritheoir áirithe seo roimhe saíocht agus litríocht Ghael a léiriú trí thalamh na hÉireann a úsáid mar threoraí.  Téann Fís na Fuiseoige i muinín na bhfilí chun friotal a chur ar theanga na talún.  Is iad na filí finnéithe na staire, an dream a chaomhnaigh an dinnseanchas leis na cianta.  Trí thaithí saoil na bhfilí a nascadh le taobh tíre, tugtar léargas áirithe ar chríonnacht agus ar shaoithiúlacht phobal ar leith.

I litir a scríobh Samuel Beckett, ceithre bliana roimh a bhás, thagair sé do dhúthaigh a óige:

When I can’t sleep I play a round at Carrickmines but seldom get beyond the then short fifth.  I remember with affection the well nemesis of the topped hook.  From its shallows when short of balls as a boy I retrieved many a Warwick and even Spalding (Craig, et al, 2016: 650).

Ball de Chumann Gailf Charraig Mhaighin, lámh le Cuan Bhaile Átha Cliath, ab ea Beckett sna blianta a d’fhreastal sé ar Choláiste na Tríonóide.  Bhí radharc na súl go maith aige an tráth úd agus d’fheiceadh sé sléibhte na Breataine Bige i gcéin thar farraige soir.  Díol spéise gurb iad seo na radhairc a bhí in intinn agus i mbrionglóidí an scríbhneora i ndeireadh a shaoil, drámadóir mór na haoise seo caite a chruthaigh tír agus tírdhreach dá chuid féin ina chuid drámaí, dúthaigh thearc, lom, sceirdiúil i bhfad ó thraidisiún an dinnseanchais.  Tráchtann Declan Kiberd ar seo sa scannán, ag rá gur thuig Beckett nach raibh an comhthéacs deifnídeach aige.  De bhrí go raibh na codanna caillte, ní raibh ar a chumas cúlra na háite inar lonnaigh sé a chuid drámaí a thabhairt nó a mhíniú.

Athdhearbhaíonn Beckett an cás don dinnseanchas agus don ómós áite agus seo an aidhm a bhí ag Fís na Fuiseoige freisin, aidhm a bhain sé amach creidim, beag beann ar a rangú de réir cineáil. 

Leabharliosta: 

Leabhair

Boland, E., (2014) A Woman Without a Country. Manchain: Carcanet Press.

Craig, G., Martha Dow Fehsenfeld, Dan Gunn & Lois More Overbeck, (Eag.) (2016) The Letters of Samuel Beckett 1966 – 1989. Iml. 4.  Cambridge: Cambridge University Press.

Eades, C. agus Papazian, E., (Eag.) (2016) The Essay Film: Dialogue, Politics, Utopia. Nua-Eabhrac: Columbia University Press.

Hartnett, M., (1975) A Farewell to English. Oldcastle: The Gallery Press.

Kiberd, D., (2009) Ulysses and Us. Londain: Faber and Faber

McNiff, S., (1998) Trust the Process. Bostún: Shambhala Publications.

Nichols, B., (2001) Introduction to Documentary. Bloomington: Indiana University Press.

Ní Fhrighil, R., (Eag.) (2010) Filíocht Chomhaimseartha na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ní Shúilleabháin, S., (2000) Cnuasach Trá. Baile Átha Cliath: Coiscéim.

Ó Dúshláine, T., (Eag.) (2014) Anamlón Bliana. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta.

Ó Direáin, M., (2010) Máirtín Ó Direáin: Na Dánta. Indreabhán: An Clóchomhar.

Ó Ríordáin, S., (1986) Eireaball Spideoige. Baile Átha Cliath: Sáirséal - Ó Marcaigh.

Ó Ríordáin, S., (1981) Scáthán Véarsaí. Baile Átha Cliath: Sáirséal - Ó Marcaigh.

Ó Ríordáin, S., (1971) Línte Liombó. Baile Átha Cliath: Sáirséal agus Dill.

Ó Tuama, S. agus Kinsella, T., (2002) Poems of the Dispossessed. Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge.

Ó Tuama, S., (1995) Repossessions. Corcaigh: Cork University Press.

Polikoff, D.J., (2011) In the Image of Orpheus: Rilke, A Soul History. Illinois: Chiron Publications.

Truniger, F., (2013) Filmic Mapping. Beirlín: Jovis.

Ailt

Arthur, P., (2003) ‘Essay Questions: From Alain Resnais to Michael Moore,’ Film Comment,  39 (1): 58

Denvir, G., (2005) ‘From Inis Fraoigh to Innisfree... and Back Again? Sense of Place in Poetry in Irish since 1950.’ The Yearbook of English Studies, 35(1): 107.

Rascaroli, L., (2008) ‘The Essay Film: Problems, Definitions, Textual Commitments’, Framework: The Journal of Cinema and Media, 49 (2): 24-39.

Iarratas Coimisiúnaithe

Ó Coileáin, A., (2013), ’Iarratas ar Choimisiún’, Baile na hAbhann: TG4 (neamhfhoilsithe).