Léirmheas ar Introducing Translation Studies: Theories and Applications (An tríú heagrán)

Anna Lee
Tara Ní Mhóráin
Áine Uí Fhoghlua

Jeremy Munday

Routledge, Oxfordshire, 2012. 364 lch, €28.50

Léirmheas le Anna Lee, Tara Ní Mhóráin agus Áine Uí Fhoghlua

Topaic(í): 

Seo é an tríú heagrán den leabhar seo a bhaineann go sonrach le réimse an aistriúcháin.  Tá uasghrádú déanta ag Jeremy Munday air agus tá leagan amach agus dearadh an leabhair simplí.  Ina theannta sin, tá an leabhar furasta le léamh cé go bhfuil ábhar an leabhair réasúnta dlúth agus tá cuid mhór eolais le láimhseáil.  Cuimsítear an taighde is déanaí san eagrán nua seo chomh maith le caibidil iomlán nua agus tá leasuithe cothrom le dáta curtha i bhfeidhm ag Munday i dtaobh samplaí, táblaí, srl.  Pléitear an éagsúlacht smaointeoireachta a tháinig chun cinn sna teoiricí teangeolaíocha agus cultúrtha ó na 1980idí ar aghaidh, tráth ar tháinig borradh faoin bhfoilsitheoireacht sa réimse seo.  Gné a chuireann go mór leis an tuiscint ar na teoiricí éagsúla agus ar fhorbairt an disciplín ná an suíomh gréasáin idirghníomhach a ghabhann leis.  Is cuidiú mór é an suíomh seo d’aistritheoirí gairmiúla, agus go háirithe do mhic léinn aistriúcháin.  Ar an suíomh tugann Munday réamhrá ar gach caibidil, chomh maith le ceisteanna ilroghnacha agus ceisteanna taighde a bhaineann le gach caibidil, gnéithe atá an-úsáideach don léitheoir.  Cuirtear acmhainní ar fáil do léachtóirí freisin, ina measc sleamhnáin PowerPoint agus naisc úsáideacha.  Gealltar ábhar eisiach do chuairteoirí an tsuímh – b’fhéidir go bhfuil rian na margaíochta le sonrú anseo ach is cinnte gur áis úsáideach é.

Tá dhá chaibidil déag sa leabhar a chuimsíonn idir stair an aistriúcháin, na dúshláin atá i ndán don aistritheoir, cuid de na teoiricí is tábhachtaí sa réimse seo agus an t-aistriúchán comhaimseartha.  Ag tús gach caibidle, tugtar príomhchoincheapa na caibidle, rud a chabhraíonn go mór le haird an léitheora a dhíriú ar a réimse sainspéise féin.  Luaitear na príomhthéacsanna a dtagrófar dóibh ag tús na gcaibidlí, rud a shonraíonn léitheoireacht bhreise do léitheoirí an leabhair.

Ag tús an leabhair, mínítear bunphrionsabail agus stair an aistriúcháin agus tugtar le fios go bhfuil an leabhar seo dírithe ar an aistriúchán scríofa mar go mbeadh sé iomarcach aistriúchán ó bhéal a chur san áireamh freisin.  Cuirtear disciplín an aistriúcháin i gcomhthéacs mar réimse staidéir acadúil in ionad modh chun teanga a fhoghlaim.  Is cinnte go dtugann an leabhar seo ábhar machnaimh don léitheoir – caithfear smaoineamh ar gach uile rud a aistrítear agus cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige is éifeachtúla.  Cuirtear ceist an-tábhachtach sa dara caibidil maidir le haistriúchán litriúil i gcomparáid le saoraistriúchán.  Tá ceangal díreach aige seo le ceist na coibhéise, teoiric nua-aimseartha de chuid Eugene Nida (1964, 2004), a phléitear i gcaibidil 3.  Pléitear anseo coibhéis fhoirmiúil a dhíríonn ar an teachtaireacht agus moltar go mbeadh an teachtaireacht sa sprioctheanga chomh gairid is atá indéanta don bhunteanga.  Pléann Munday coibhéis dhinimiciúil Nida (1964, 2004) freisin;díríonn an cur chuige seo ar an teachtaireacht a fhaigheann an spriocléitheoir agus moltar mar chuid de gur chóir an teachtaireacht a fhócasú ar riachtanais teanga an spriocléitheora.  Cuirtear an léitheoir ar an eolas faoi cé chomh riachtanach is atá tuiscint an aistritheora ar na difríochtaí bunúsacha idir teangacha éagsúla i dtaobh ord na bhfocal, na gramadaí agus na comhréire.

Tá cíoradh réasúnta cuimsitheach déanta sna caibidlí tosaigh ar tháirgí agus ar nósanna imeachta an aistriúcháin.  Bheadh samhail Jean-Paul Vinay agus Jean Darbelnet (1958), atá lárnach don phlé i gcaibidil 4, an-úsáideach do dhuine i mbun tráchtaireachta ar spriocthéacs aistrithe.  Dar le Munday go bhfuil tionchar na samhla seo an-leathan.  Déantar idirdhealú idir aistriúchán díreach agus indíreach agus luaitear seacht nós imeachta laistigh den dá straitéis seo.  Is furasta na nósanna imeachta a thuiscint de bharr na samplaí a thugtar, samplaí atá intuigthe agus soiléir, m.sh. i gcás an athchóirithe, athraítear an comhthéacs cultúrtha – b’fhéidir gurb ionann cruicéad i Sasana agus an rothaíocht agus an Tour de France sa Fhrainc.  Cé go ndearna Vinay agus Darbelnet (1958) an taighde seo agus iad ag úsáid an Bhéarla agus na Fraincise, is fiú go mór an méid atá le foghlaim anseo. 

Déantar anailís ar na modhanna aistriúcháin i gcaibidil 5 agus pléitear ról na rannpháirtithe ar fad sa phróiseas aistriúcháin. Déanann Munday ionramháil ar theoiricí a bhí á bplé sa Ghearmáin ó thaobh cineálacha agus seánraí téacsanna agus déantar anailís chuimsitheach orthu sin. Léiríonn sé an bealach ar féidir le leaganacha aistrithe a bheith an-éagsúil lenachéile,ag brath ar an seánra lena mbaineann siad.  Déantar scagadh ar choincheap Katharina Reiss (1989, 2004) gur féidir an t-aistriúchán a rangú de réir fheidhm chumarsáideach an téacs agus ar theoiric an skopos a mhaíonn gur féidir buntéacs a aistriú ar shlite éagsúla ag brath ar an bhfeidhm atá le comhlíonadh ag an spriocthéacs.  I gcásan skopos is é an cliant a rialaíonn modh an aistriúcháin ­– go  ndéantar an téacs a chur in oiriúint don sprioc-chultúr agus go bhfantar dílis do theachtaireacht an údair sa bhuntéacs.  Níl aon neamhspleáchas ag an téacs dá réir sin ach an cuspóir sin a bhaint amach agus ní mór don aistritheoir aird a bheith aige ar an gcuspóir sin go sainiúil.  Léiríonn Munday nach dtagann seo le teoiric Christiane Nord (1997, 2005) ina iomláine; dar le Nord nach mór don aistritheoir dílseacht dhéthaobhach a léiriú – don bhuntéacs agus don spriocthéacs.

Pléann Munday an anailís dhioscúrsach nó teangeolaíocht fheidhmiúil shistéamach de réir shamhail Michael Halliday (1978, 1994), samhail ina gcíortar feidhm na teanga ag leibhéil éagsúla – dioscúrsa, seánra, sainréime, roghanna téarmaíochta agus gramadaí.  Pléitear teoiric Juliane House (1997) agus an tsamhail ordlathais idir an scríbhneoir agus an léitheoir, an cainteoir agus an t-éisteoir, an institiúid agus an custaiméir.  Léirítear an éagsúlacht idir aistriúchán follas, nach bhfuil dírithe ar an bhfaighteoir go sonrach ach atá bunaithe ar ócáid nó am faoi leith i gcomhthéacs staire nó litríochta, agus gur léir gur aistriúchán atá i gceist. 

Feictear teoiricí a chuireann an t-aistriúchán i gcomhthéacs soch-chultúrtha i gcaibidil 7.  Ní corpas teangeolaíochta ann féin atá sa saothar aistrithe, bíonn sé fite fuaite le cúrsaí sóisialta, cultúrtha agus staire na teanga.  Glacann litríocht aistrithe áit phríomhúil nó thánaisteach ag brath ar an ‘éabhlóid dhinimiciúil’.  Déanann Munday scagadh ar na trí chúinsefaoina gcuireann Itamar Even-Zohar(2004) an litríocht aistrithe ar leibhéal príomhúil agus tánaisteach i sochaí ilchórasach.  Molann sé an cur chuige modheolaíochta atá ag Gideon Toury (1995) agus leagann sé béim ar ríthábhacht a mhodhanna siúd don aistriúchán tuairisciúil.

Níl staidéar an aistriúcháin neamhspleách ar theanga, ar chultúr, ná ar na heolaíochtaí sóisialta. Sa chomhthéacs sin, níorbh fhéidir neamhaird a dhéanamh de ghluaiseacht an fheimineachais ag deireadh na fichiú haoise, agus an smaointeoireacht a chuir stádas na mban sa litríocht agus sa tsochaí i gcomparáid le stádas an aistriúcháin.  Luaitear sa chomhthéacs seo freisin staidéar Keith Harvey (2004) (caibidil 8) ar éagsúlacht na leaganacha cainte sa dioscúrsa homaighnéasach i dtéacsanna agus in aistriúcháin Bhéarla agus Fraincise.  Luann Munday teoiric Gayatri Spivak (2004) a mhaíonn go raibh ról lárnach ag an aistriúchán i bpróiseas an choilíneachais nuair a cuireadh féiniúlacht na gcoilínithe faoi chois le haistriúcháin lochtacha ar dhroch-chaighdeán.  Sa chomhthéacs céanna,luaitear saothar Michael Cronin (1996), ina ndéanann sé scagadh ar an méid a bhí ag titim amach leis an aistriúchán ag leibhéal cultúrtha in Éirinn.

Ag tógáil ar an téama seo, tagraíonn Munday don aistriúchán mar uirlis athscríofa agus ionramhála ar théacsanna.  Déantar cur síos ar an ról agus ar an tionchar atá ag dhá mhórchumhacht laistigh den chóras liteartha – comhlachtaí corparáideacha proifisiúnta agus lucht gairme, m.sh. léirmheastóirí, an lucht acadúil, aistritheoirí; agus an phátrúnacht lasmuigh den chóras sin a rialaíonn idé-eolaíocht agus stádas na litríochta. 

Chabhródh caibidil 9, a bhaineann le ról an aistritheora, go mór le mac léinn atá ag tabhairt faoi Léann an Aistriúcháin ag leibhéal bunchéime nó ag leibhéal máistreachta fiú.  Ní thugtar mórán airde ar chuid de na nósanna nána cleachtais a bhaineann le gairm an aistritheora lasmuigh de théacsleabhair acadúla ach pléitear eitic agus ról an aistritheoraanseo i mbealach praiticiúil a bheidh soiléir don léitheoir.  

Pléitear an cur chuige is fearr le húsáid nuair a bhíonn téacsanna liteartha le haistriú, mar chuid de chaibidil 10.  Tugtar cúlra na bpríomhsmaointí a bhaineann le haistriúchán ar an litríocht agus luaitear an cur chuige fealsúnach a d’úsáid an file, Séamus Heaney, nuair a d’aistrigh sé an dán Angla-Shacsanach Beowulf go Béarla an lae inniu.  Bhí an scagadh a rinneadh ar an aistriúchán an-suimiúil mar gur úsáid Heaney neart focal a úsáidtear i mBéarla na hÉireann chun scéal na heipice seo a insint.  Déantar tagairt d’fhocal Gaeilge nó dhó in áiteanna san aistriúchán a rinne Heaney agus is dócha go mbeidh spéis faoi leith ag mic léinn Éireannacha (agus mic léinn na Gaeilge) sa chuid seo den leabhar.  Feictear do na léirmheastóirí seo go bhfuil formhór na smaointe fealsúnacha a phléitear sa chaibidil chéanna teibí go leor ach tá seans go gcuideodh an t-eolas seo le mic léinn tráchtaireacht ar ardchaighdeán a scríobh ar an aistriúchán a dhéanfaidís féin.

Pléitear aistriúchán closamhairc i réimse na siamsaíochta go mion i gcaibidil 11 agus tá an-bhéim ar na forbairtí éagsúla a bhaineann leis an réimse sin.  Déantar scagadh ar na féidearthachtaí éagsúla a bhaineann le dubáil, athghuthú, fotheidealú dátheangach agus cur síos fuaime;baineannan chuid seo de réimse an aistriúcháin le haistritheoirí nuacháilithego príomha. Tugtarle fios go bhfuilneart taighde ar bun sa réimse seo agus go bhfuil gach seans ann go mbeidh deiseanna fostaíochta ann.  B’fhiú don aistritheoir faoi oiliúint nó an t-aistritheoir a bhfuil taithí aige na pointí eolais a bhaineann leis an réimse nua seo a léamh.  Sa chaibidil dheiridh,pléitear an dóigh a dtugtar faointráchtaireacht ar an aistriúchán; beidh an chaibidil seo an-úsáideach do mhic léinn i mbliain na céime – nó ag leibhéal máistreachta – agus tráchtas idir lámha acu.  

Is lámhleabhar cuimsitheach é an saothar seo a bheidh úsáideach mar bhunchloch eolais don aistritheoir faoi oiliúint agus don aistritheoir gairmiúil.  Clúdaítear stair an aistriúcháin mar aon le teoiricí agus próiseas an aistriúcháinanseo. Déantar cur síos ar ról an aistritheora agus tá caibidil faoi leith (caibidil 12) a chabhróidh le mic léinn ollscoile agus iad i mbun tráchtais.  Ní fheilfeadh sédo léitheoirí abheadhag lorg tuairisc ghinearálta ar an aistriúchán toisc go mbeadh buneolas ar dhisciplín an aistriúcháin ag teastáil ón léitheoirroimh ré.  Tá friotal teicniúil in úsáid, bíonn an t-uafás eolais le láimhseáil ag an léitheoir uaireanta,ach is féidir an t-eolas is cuí a aimsiú agus a úsáid go héasca mar go bhfuil leagan amach an leabhair soiléir. Ar an iomlán, an-saothar atá sa leabhar seo agus moltar é do mhic léinn aistriúcháin agus d’aistritheoirí gairmiúla araon.