Scéimeanna Teanga Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Feidhmiú na Chéad Scéime, Úsáid agus Caighdeán Seirbhísí Dátheangacha

Lisa Ní Fhlatharta

Le Lisa Ní Fhlatharta

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Topaic(í): 

1. Réamhrá agus Cúlra Taighde

Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ina dhlí ar an 14 Iúil 2003. Is é an chéad phíosa reachtaíochta é ina leagtar síos próiseas pleanála reachtúil lena chinntiú go gcuirfear seirbhísí poiblí ar fáil trí mheán na Gaeilge i ngach eagraíocht stáit agus i ngach comhlacht poiblí.  Is é príomhchuspóir an Achta cur le líon agus le soláthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge.  Ar iarratas ón Aire, faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, bíonn ar eagraíochtaí stáit agus ar chomhlachtaí poiblí Scéim Teanga a chur i dtoll a chéile agus í a fhaomhadh agus a dhaingniú leis an Aire Stáitsa Roinn Ealaíon,Oidhreachta agus Gaeltachta.  Leagtar amach sa Scéim Teanga na beartais agus na seirbhísí dátheangacha a bheartaíonn an eagraíocht/an comhlacht a chur i bhfeidhm agus a chur ar fáil laistigh de thréimhse na scéime teanga.  In Iúil 2005, dhaingnigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉ Gaillimh) an chéad scéim teanga (2005-2008) leis an Aire Éamon Ó Cuív a bhí sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag an am. Faomhadh dara scéim teanga OÉ Gaillimh (2012-2015) faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 leis an Roinn i mí Dheireadh Fómhair 2012.

Tá go leor taighde déanta ar reachtaíocht teanga, ar bheartas agus ar pholasaí teanga ag Grin (2003), Ó hIfearnáin (2006), agus Ó Catháin (2007); ar phleanáil teanga ag Ó Giollagáin (2012) agus ar cheisteanna a bhaineann leis an dátheangachas i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 ag Walsh (2013, 2011, 2010), (Walsh & McLeod 2007). Is beag taighde atá déanta, áfach, go dáta ar fheidhmiú na scéimeanna teanga ná ar éileamh, ar úsáid ná ar sholáthar na seirbhísí dátheangacha atá cruthaithe ag na scéimeanna de bharr na mbeartas agus na ngealltanas atá sonraithe iontu.

Tabharfaidh an páipéar seo léargas ar chúlra reachtúil agus ar ról stairiúil na Gaeilge in OÉ Gaillimh agus déanfar cur síos ar fheidhmiú na chéad scéime in OÉ Gaillimh chomh maith.  Déanfar scagadh ar fheasacht agus ar thuiscint rannpháirtithe an tsuirbhé i leith an Achta agus léireofar tuairimí agus taithí na mac léinn i leith na seirbhísí Gaeilge in OÉ Gaillimh.  Cuirfear moltaí i dtoll a chéile bunaithe ar na pointí thuasluaite.

 

2. Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tá OÉ Gaillimh suite ar imeall Ghaeltacht Chonamara agus tá dualgas reachtúil i leith na Gaeilge ar OÉ Gaillimh ó 1929 .  Ritheadh Acht Choláiste Phríomh-Scoile na Gaillimhe 1929 le feidhm a thabhairt do bheartas Rialtais deontas breise a íoc leis an gColáiste ar choinníoll go mbeadh sé mar shainchuspóir aici an Ollscolaíocht trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn.   Mar chuid den Acht seo freisin, bhí sé d’oibleagáid ar an Ollscoil daoine le hinniúlacht sa Ghaeilge a cheapadh: ‘duine do cheapa chun na hoifige nó an phuist sin a bheidh inniúil ar dhualgaisí an chéanna do chólíona tríd an nGaedhilg: ach duine a bheidh inniúil amhlaidh agus, fós, a bheidh oiriúnach ar gach slí eile...’ (Rialtas na hÉireann, 1929).

Leasaíodh Acht 1929 i mí Feabhra 2006 ar mholadh ó Údarás OÉ Gaillimh.  Cosnaíodh  an t-aitheantas reachtúil, áfach, a bhí ag an Ollscoil maidir le hoideachas a sholáthar trí mheán na Gaeilge agus tosaíocht straitéiseach a bheith tugtha don Ollscolaíocht trí mheán na Gaeilge i ngach plean straitéiseach:

3.—(1) Déanfaidh údarás ceannais an Choláiste a chinntiú go mbeidh oideachas a sholáthar trí mheán na Gaeilge i measc na bpríomhaidhmeanna le haghaidh oibriú agus fhorbairt an Choláiste ar phríomhaidhmeanna iad a bheidh leagtha amach i ngach plean forbartha straitéisí a ullmhófar tar éis thosach feidhme an ailt seo (Rialtas na hÉireann, 2006).

Luaitear an ról ar leith atá ag an nGaeilge i bPlean Straitéiseach reatha na hOllscoile 2009-2014 (OÉ, Gaillimh, 2009: 38), sonraítear i spriocanna agus in aidhmeanna an phlean ó thaobh na Gaeilge de go bhfreastalófar ar shainriachtanais phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí mheán na gclár céime agus iarchéime atá á soláthar aici. Bunaíodh le reacht in 2004, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge:

chun ceannaireacht acadúil chomhtháite a léiriú agus cur le forbairt ghinearálta phobal labhartha na Gaeilge agus chuige sin, freagracht a ghlacadh as forbairt inbhuanaithe agus as seachadadh clár, taighde agus seirbhísí eile trí Ghaeilge mar aon le campas eiseamláireach dátheangach a fhorbairt, a chuirfear na cuspóirí seo i gcrích (ibid: 38).  

Is in 2003 a ghlac an Ollscoil le creat beartais (OÉ Gaillimh, 2005: 15) d’fhonn campas eiseamláireach dátheangach a chruthú agus tá ról lárnach ag scéimeanna teanga OÉ Gaillimh i bhforbairt an champais eiseamláirigh dhátheangaigh.

 

3. Scéim Teanga OÉ Gaillimh 2005-2008

De bharr Acht 1929 thuasluaite, Acht na nOllscoileanna 1997 agus traidisiún láidir na Gaeilge in OÉ Gaeilge, bhí réimse leathan de sheirbhísí Gaeilge á dtairiscint sular aontaíodh an chéad scéim teanga:

Tá tosaíocht glactha ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh maidir le cur chun cinn na Gaeilge san Ollscoil agus lasmuigh di, idir go sóisialta agus go hacadúil,  faoi mar a léirítear sa  Phlean Straitéiseach do OÉ, Gaillimh 2003-2008 agus i bPlean Acadúil Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2003- 2008 (OÉ Gaillimh, 2005: 8).

Ina theannta sin, bunaíodh Seirbhís Aistriúcháin Ollscoile in 2001.  Díríonn an chuid is mó d’obair na seirbhíse ar:

(a) Dualgais OÉ Gaillimh faoi Scéim Teanga OÉ Gaillimh; (b) Dualgais reachtúla OÉ Gaillimh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003; (c) Dualgais reachtúla OÉ Gaillimh faoi Acht na nOllscoileanna 1997; (d) Aistriúcháin a thagann faoi réir pholasaí na hOllscoile maidir le campas eiseamláireach dátheangach a chruthú (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, 2013).

 

Toisc go bhfuil an Ollscoil tiomanta do chláir acadúla agus do sheirbhísí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, ní haon iontas go raibh OÉ Gaillimh ar cheann de na chéad eagraíochtaí stáit ar iarradh uirthi, ar iarratas ón Aire, scéim teanga a chur i dtoll a chéile.  Mar a luadh, aontaíodh an chéad scéim leis an Aire Stáit in 2005.  Is í príomhaidhm scéim teanga OÉ Gaillimh (2005-2008) cur le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge i réimsí acadúla agus riaracháin agus sna seirbhísí ginearálta.  Sa chéad scéim teanga gealladh go soláthrófaí seirbhís dhátheangach in dhá cheann déag de shainréimsí oibre agus spriocrannóga/oifigí de chuid OÉ Gaillimh a d’fhreastalódh ar chliaint agus ar chustaiméirí OÉ Gaillimh.  Ar na spriocrannóga sin tá: Oifig an Uachtaráin; An Malartán; Seirbhís Fáiltithe na hOllscoile; Oifig an Rúnaí; Oifig an Rúnaí um Ghnóthaí Acadúla; Oifig Seirbhísí do Mhic Léinn; An Oifig Acmhainní Daonna; An Oifig Iontrála; Oifig na bhFoirgneamh; Oifig an Sparánaí; An Oifig Preasa agus Faisnéise/Áras Fáilte agus Leabharlann Shéamais Uí Argadáin (OÉ Gaillimh, 2005: 21-2). Is tréimhse trí bliana a luaitear sa reachtaíocht le feidhmiú gach scéim teanga mar a shonraítear in airteagal 14 (3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003: ‘Fanfaidh scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta a ndaingníonn an tAire í nó go dtí go mbeidh scéim nua daingnithe ag an Aire de bhun alt 15,cibé acu is déanaí’ (Rialtas na hÉireann, 2003).

3.1 Feidhmiú na chéad scéime teanga in OÉ Gaillimh

De réir Alt 18 (1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, i ndiaidh d’eagraíocht stáit an scéim a dhaingniú leis an Aire, tá dualgas reachtúil ar an eagraíocht an scéim a chur i gcrích. Tá sé de dhualgas ar bheirt Fheidhmeannach Teanga[1] feidhmiú mar Aonad Iniúchta faoi stiúir Údarás na hOllscoile chun an scéim a chur i bhfeidhm.  Ina theannta sin, déanann an tAonad Iniúchta áisitheoireacht ar chur i bhfeidhm na Scéime Teanga.  Tá sé de dhualgas ar an Aonad seo meastóireacht a dhéanamh ar staid spriocrannóg na scéime maidir le soláthar seirbhísí dátheangacha agus cuireann siad tuairisc le chéile bunaithe ar an meastóireacht mar aon le moltaí d’fhonn beartais na scéime teanga a fheidhmiú.  Ar na dualgais eile a thagann faoi chúram an aonaid tá: gearáin maidir le seirbhísí Gaeilge na hOllscoile a fhiosrú, agus comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil do chomhaltaí foirne na hOllscoile maidir le feidhmiú na Scéime ar bhealach praiticiúil.  I dtaca leis sin, bíonn an tAonad Iniúchta páirteach ar bhonn leanúnach i bpróiseas faireacháin Oifig an Choimisinéara Teanga. ‘Tá Oifig an Choimisinéara Teanga bunaithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar oifig reachtúil neamhspleách a fheidhmíonn mar sheirbhís ombudsman agus mar áisíneacht ghéilliúlachta’ (An Coimisinéir Teanga, 2013).  Faoi alt 21 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé mar chuid d’fheidhmeanna an Choimisinéara Teanga faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta.  Le linn thréimhse feidhme na chéad scéime, bhí OÉ Gaillimh páirteach ar bhonn rialta i bpróiseas faireacháin Oifig an Choimisinéara Teanga. Sa tuairisc faireacháin is déanaí a chuir Bainisteoir Géilliúlachta, Oifig an Choimisinéara Teanga faoi bhráid OÉ Gaillimh in 2011 luaitear:

Ó tharla scéim teanga Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a bheith i bhfeidhm le hos cionn sé bliana, gan aon athbhreithniú déanta ar an dul chun cinn le trí bliana anuas, socraíodh an staid reatha a mheas.  Bunaithe ar an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil dúinn le linn an phróisis faireacháin, is é ár dtuairim go bhfuil Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag leanúint de ghealltanais na scéime a chur i bhfeidhm go sásúil (Ó Coisdealbha,  2011: 1).

Toisc nach raibh an dara scéim teanga daingnithe tráth a raibh na suirbhéanna á ndáileadh,   bunaíodh ceisteanna an tsuirbhé a bhain le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus le seirbhísí Gaeilge OÉ Gaillimh ar an gcéad scéim.

 

4. Modheolaíocht an Taighde  

Sa dara seimeastar in 2012 scaipeadh suirbhé dátheangach maidir le seirbhísí Gaeilge in OÉ Gaillimh agus ar dhearcadh na mac léinn ina leith ar 1,296 mac léinn.  Is mic léinn iad a bhí i mbun cúrsaí léinn éagsúla trí mheán na Gaeilge le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus le Roinn na Gaeilge, Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr, OÉ Gaillimh.  Ghlac idir mhic léinn lánaimseartha agus pháirtaimseartha páirt sa suirbhé, mic léinn a bhí i mbun staidéir trí mheán na Gaeilge ar chúrsaí dioplóma, céime agus iarchéime ar phríomhchampas na hOllscoile, chomh maith le hionaid sheachtracha na hOllscoile ar an gCeathrú Rua agus i gCarna i gConamara, agus i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall. 

Is cúig rannóg a bhí sa suirbhé agus 25 ceist san iomlán a bhí le freagairt ag na rannpháirtithe.  Dhírigh na ceisteanna ar shonraí pearsanta; cumas sa Ghaeilge agus dearcadh i leith na Gaeilge; eolas ginearálta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003; seirbhísí trí Ghaeilge in OÉ Gaillimh agus moltaí.  Is ceisteanna iata a bhí sa suirbhé seo ach tugadh deis do na rannpháirtithe dá roghnóidís ‘eile’ mar fhreagra ar cheist míniú a thabhairt ar an bhfreagra áirithe sin. Is ceist oscailte amháin a bhí sa suirbhé i rannóg E: Moltaí.  Cuireadh leagan Gaeilge agus Béarla den suirbhé ar fáil laistigh d’aon chlúdach amháin agus bhí rogha ag an rannpháirtí é a chomhlánú ina rogha teanga.  Roghnaíodh an suirbhé mar mhodh taighde toisc go rabhthas den tuairim go bhféadfaí an t-uasmhéid eolais chainníochtúil a bhailiú ar an mbealach seo ó ghrúpa mac léinn agus go mbeadh deis ag na rannpháirtithe uile moltaí a láithriú.  Dá bharr seo, bheadh léargas ní ba chruinne ag an taighdeoir ar an ábhar, mar a shonraíonn Denscombe (2010: 12) ‘surveys are used to best effect when the researcher wants factual information relating to groups of people: what they do, what they think, who they are’. Is féidir úsáid a bhaint as suirbhé mar uirlis thaighde chomh maith d’fhonn tuairimí, dearcadh, tosaíochtaí agus mothúcháin na rannpháirtithe a scrúdú (ibid: 12).  Díreoidh an taighde seo ar na codanna áirithe seo den suirbhé - Roinn C: Eolas Ginearálta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, Roinn D: Seirbhísí trí Ghaeilge in OÉ Gaillimh agus Roinn E: Moltaí.  Ón 1,296 suirbhé a scaipeadh, is 604 (47%) suirbhé comhlánaithe agus bailí a fuarthas ar ais.

 

5. Torthaí an Taighde

Maidir le feidhmiú na scéime, déanfar cur síos ar úsáid na seirbhísí Gaeilge in OÉ Gaillimh agus ar dhearcadh na mac léinn ina leith i gcomhthéacs na dtéamaí seo a leanas: eolas na mac léinn ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus ar Scéim Teanga na hOllscoile, úsáid agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge in OÉ Gaillimh. Déanfar scagadh ar mholtaí na rannpháirtithe maidir leis na bealaí ina bhféadfadh an Ollscoil cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí Gaeilge. 

5.1  Eolas ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar Scéim Teanga OÉ Gaillimh

Léirigh 68% de rannpháirtithe an tsuirbhé gur chuala siad faoin Acht agus is 39% de na mic léinn a dhearbhaigh gur chuala siad faoin scéim teanga atá ag OÉ Gaillimh.  Níor mhiste a lua, áfach, go dtráchtar ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus ar Scéim Teanga OÉ Gaillimh i roinnt modúl éagsúil ar chláir léinn atá á reáchtáil ag leibhéal bunchéime agus iarchéime. Cé gur luaigh 68% gur chuala siad faoin Acht, is spéisiúil an tuiscint a bhí acu ar céard go díreach a bhí i gceist leis an Acht. Sainmhíníonn an Coimisinéir Teanga aidhm an Achta mar seo a leanas:

Tá sé mar aidhm ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 líon agus caighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil don phobal a mhéadú agus a fheabhsú, ar bhealach eagraithe, thar thréimhse ama. Tá sé i gceist ag an reachtaíocht áit agus spás a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre (An Coimisinéir Teanga, 2013).

Léiríonn an léaráid thíos (léaráid 5.2) an tuiscint a bhí ag na rannpháirtithe ar an Acht.  Luaigh 57% go raibh sé d’aidhm ag an Acht cur le soláthar agus le caighdeán seirbhísí poiblí i nGaeilge. Bhí 21% de na mic léinn den tuairim go raibh sé d’aidhm ag an Acht an Ghaeilge a chur chun cinn san Aontas Eorpach. Léirigh 14% de na rannpháirtithe gurbh í aidhm an Achta an Ghaeilge a chur cinn sa Ghaeltacht agus an tuiscint a bhí ag 8% de na mic léinn ar an Acht gur bhain sé leis an soláthar ar sheirbhísí Gaeilge a dhéanann comhlachtaí príobháideacha.  

 

 

Léaráid 5.2: Tuiscint ar Aidhm an Achta

Tá sé suntasach nár thuig ach 57% de rannpháirtithe an tsuirbhé aidhm an Achta, bheifí ag súil go mbeadh na rannpháirtithe ní b’fheasaí ar aidhm an Achta de bharr go bhfuil siad i mbun staidéir ar ábhair éagsúla trí Ghaeilge agus go bhfuil siad i mbun staidéir i saol na Gaeilge.  Tá sé níos suntasaí fós nár luaigh ach 39% de na rannpháirtithe go raibh a fhios acu go raibh scéim teanga ag OÉ Gaillimh.  Is léir ón bhfaisnéis thuas go gcaithfear dlús a chur faoin bpoiblíocht a dhéantar ar an Acht agus ar scéim teanga OÉ Gaillimh. Is gá a chur ina luí ar phobal na hOllscoile go bhfuil seirbhísí Gaeilge ar fáil agus go bhfuil sé de cheart acu na seirbhísí Gaeilge sin a fháil.

5.3  Úsáid Seirbhísí Gaeilge

Is spéisiúil go raibh líon na rannpháirtithe a mhaígh gur bhain siad úsáid as seirbhís Ghaeilge in OÉ Gaillimh ag 43%, figiúir atá níos airde ná an 39% a shonraigh gur chuala siad faoin scéim.  Is iad na fáthanna príomhúla a luaigh na rannpháirtithe nach bhfuil sé de nós acu úsáid a bhaint as na seirbhísí Gaeilge ná: nach bhfuil a fhios ag daoine cén áit, cén oifig/rannóg in OÉ Gaillimh ar féidir seirbhísí trí Ghaeilge a fháil inti agus nach dtugtar aon eolas nó aon leid don chustaiméir go bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil (léaráid 5.3).

 

 

Léaráid 5.3: An chúis nach roghnaítear seirbhísí Gaeilge 

Tráchtann Williams (2006) ar an éiginnteacht seo freisin i gcomhthéacs na Breataine Bige agus na seirbhísí dátheangacha a sholáthraíonn eagraíochtaí san earnáil phoiblí,  áitíonn sé go mbíonn mearbhall ar dhaoine faoi na seirbhísí agus nach dtuigeann daoine go bhfuil sé de cheart acu seirbhís a éileamh agus a fháil:

People are just unsure of how far their bilingual services can be implemented. And, secondly, they are frankly confused as to whether or not they have any language rights at all in relation to the promotion of Welsh. So, it’s a confusing picture (Williams, 2006: 4).

Thaobhódh na torthaí seo chomh maith leis an taighde a rinne Ailish Bhreathnach ar chreideamh teanga mhic léinn OÉ Gaillimh maidir leis an Scéim:

Níl mórán eolais ag na freagróirí faoi na háiteanna ar féidir Gaeilge a úsáid iontu san Ollscoil.... D’fhéadfaí nach bhfuil mórán poiblíochta déanta ar chumas Gaeilge na foirne san Ollscoil ná soláthar na seirbhísí trí mheán na Gaeilge san Ollscoil.  Maille leis sin, níl aon Tairiscint Ghníomhach in úsáid sna háiteanna a bhfuil seirbhís trí Ghaeilge ar fáil, rud a thabharfadh le fios go bhfuil duine in ann gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ann (Bhreathnach, 2010: 50).  

I gcomhthéacs na scéime, is ann don Tairiscint Ghníomhach nuair a chuirtear faoi deara don chustaiméir go bhfuil rogha aige/aici ceachtar den dá theanga oifigiúil a úsáid lena c(h)uid gnóthaí a dhéanamh.  Tá coincheap na tairisceana gníomhaí bunaithe ar pholasaí agus ar chur chuige atá in úsáid i gCeanada ó leasaíodh an Official Language Act/Loi sur les langues officielles in 1988 maidir le rialacháin an Achta a bhaineann le cumarsáid agus seirbhísí:

Every federal institution that is required under this Part to ensure that any member of the public can communicate with and obtain available services from an office or facility of that institution, or of another person or organization on behalf of that institution, in either official language shall ensure that appropriate measures are taken, including the provision of signs, notices and other information on services and the initiation of communication with the public, to make it known to members of the public that those services are available in either official language at the choice of any member of the public (Treasury Board, 2001: 28).

Is laige ollmhór í an easpa eolais agus an éiginnteacht maidir leis na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil i mbabhta na gcéad scéimeanna trí chéile.  Ní raibh coincheap ‘An Tairiscint Ghníomhach’ sna treoirlínte a d’eisigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (2004) maidir le dréachtú na chéad scéimeanna.  De bharr easpa fógraíochta agus poiblíochta maidir leis na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil agus mar gheall ar ‘cleachtas seanbhunaithe i measc go leor den phobal sin a úsáideann an Ghaeilge go rialta mar phríomhtheanga cumarsáide dul i muinín an Bhéarla chun gnóthaí oifigiúla a dhéanamh le hinstitiúidí stáit’ (Walsh, 2011: 88), ní bhíonn sé de nós ag daoine seirbhís Ghaeilge a éileamh. Léiríodh i moltaí an tsuirbhé ‘Ba mhaith liom seirbhísí trí Ghaeilge a úsáid ar champas ach go minic is deacair a rá cén ball foirne a bhfuil Gaeilge acu.  Ba mhaith liom córas a bheith ann’. Leis an Tairiscint Ghníomhach i bhfeidhm, tá eolas cruinn agus feiceálach á thabhairt do dhaoine maidir le hinfhaighteacht na seirbhísí Gaeilge, éascaíonn sé don chustaiméir é teanga a roghnú.  Bheifí ag súil le cur chuige na tairisceana gníomhaí i bhfeidhm go n-ardódh próifíl na teanga agus, dá réir go dtuigfeadh daoine go bhfuil seirbhísí ar fáil, go n-úsáidfidís an tseirbhís agus go n-ardódh an t-éileamh ar sheirbhísí Gaeilge mar a léirítear i dtimthriall Mhúnla Roithleáin Strubell:

I gcás na hÉireann, d’fhéadfaí teoiric Strubell a léamh mar seo: spreagann breis soláthar de sheirbhísí sa Ghaeilge breis daoine chun úsáid a bhaint as na seirbhísí sin (breis tomhalta), rud a spreagann breis tuisceana ar áisiúlacht bhreise na teanga agus ar an ngá atá léi, rud a spreagann breis inspreagtha chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid, rud a spreagann daoine i mbun foghlama agus níos mó daoine chun an Ghaeilge a úsáid go sóisialta, rud a spreagann, sa deireadh, breis soláthar de sheirbhísí poiblí sa Ghaeilge (Walsh, 2007: 92).

 

5.4  Aonad Iniúchta OÉ Gaillimh agus Caighdeán na Seirbhísí Gaeilge in OÉ Gaillimh

Mar chuid d’fheidhmiú na scéime, casann an tAonad Iniúchta le comhaltaí foirne na hOllscoile d’fhonn léargas agus forbhreathnú a fháil ar mheicníocht oibre na rannóg maidir le soláthar seirbhísí dátheangacha. Le linn d’Aonad Iniúchta na hOllscoile a bheith ag plé na scéime le foirne na spriocrannóg, bunaítear an plé maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge ar na critéir seo a leanas:

  • Éascaíocht:  is é sin go mbeadh sé éasca teacht ar sheirbhís trí mheán na Gaeilge agus go mbeadh sé follasach don phobal go bhfuil a leithéid de sheirbhís ar fáil.
  • Leanúnachas: is é sin go mbeadh an tseirbhís dhátheangach ar fáil an t-am ar fad.
  • Comhchaighdeán: is é sin go mbeadh caighdeán na seirbhíse i nGaeilge agus i mBéarla ar chomhchaighdeán (OÉ Gaillimh, 2006: 6).

Mura bhfuil na critéir riachtanacha seo á gcur i bhfeidhm maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge, shonraigh an Coimisinéir Teanga in 2006 ag Léacht Bhord na Gaeilge in OÉ Gaillimh:

gur deacair do dhaoine úsáid a bhaint as a rogha teanga mura bhfuil na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge ar chomhchéim nó ar chomhchaighdeán lena macasamhail i mBéarla agus mura bhfuil siad ar fáil chomh furasta céanna. Ach nuair a chuirtear a leithéid ar fáil go sásúil trí Ghaeilge, tá sé ríthábhachtach go mbainfí úsáid astu. Mura ndéantar sin, is cinnte nach féidir a bheith ag súil go dtabharfar an teanga seo isteach ón imeall go háit lárnach i gcóras rialaithe agus riaracháin an stáit (Ó Cuirreáin, 2006: 21).

I ndiaidh don Aonad Iniúchta meastóireacht a dhéanamh ar spriocrannóg, cuirtear tuairisc le chéile ina n-aithnítear príomhriachtanais agus dualgais na rannóg maidir le soláthar seirbhísí trí mheán na Gaeilge.  Tháinig sé chun cinn sna hagallaimh neamhfhoirmiúla a chuir an tAonad Iniúchta ar chomhaltaí foirne na spriocrannóg le linn thréimhse feidhme na chéad scéime, go raibh comhaltaí foirne na spriocrannóg den tuairim nach raibh éileamh ar na seirbhísí Gaeilge. (OÉ Gaillimh, 2006: 6).  Áitíonn Rigg, Ó Laoire agus Georgiou go bhfuil:

…tuairim i mbéal is i mbráid nach bhfuil éileamh coitinn ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge ach tá an scéal seo casta go leor.  Deir an Coimisinéir Teanga (2007) ina thuairisc nach bhfuil a fhios ag an bpobal go bhfuil seirbhís ar fáil dóibh.  Mar sin ní éilítear na seirbhísí san… (2010: 10).

Maidir le héileamh agus soláthar seirbhísí Gaeilge, is cuid lárnach den díospóireacht é freisin i láthair na huaire caighdeán na seirbhísí Gaeilge. Tráchtann Walsh (2011) ar dhinimic ‘an cúpla focal’ agus gur ‘líonmhaire go deo iad lucht an chumais theoranta ná cainteoirí líofa Gaeilge agus fágann an éagothromaíocht sin a rian ar na scéimeanna’ (Walsh, 2011: 109).  Léirigh rannpháirtí amháin i rannóg na moltaí sa suirbhé go mbíonn ar an gcustaiméir nó ar an mac léinn dul i ngleic leis na constaicí seo maidir le seirbhísí trí Ghaeilge ‘Má tá seirbhís Ghaeilge fógartha ba chóir dó bheith ar fáil...Ní úsáidtear seirbhísí i nGaeilge, dar liom, toisc nach gcreideann daoine go bhfuil siad ar fáil i gceart, i ndáiríre.’  Maille leis sin, luaigh an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin an fabht agus an bhearna cumais seo atá ann maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge ina thuarascáil bhliantúil 2012:

Tugadh faoi deara gurb é an easpa foirne le Gaeilge an deacracht is mó a bhí ag comhlachtaí poiblí le linn na bliana 2012 chomh fada agus a bhain sé le feidhmiú na ngealltanas a bhí tugtha ina scéimeanna teanga. Is fadhb í seo atá le sonrú ar bhonn níos minice de réir mar atá laghdú ag teacht ar an líon foirne atá fostaithe sa Státseirbhís. Fágann an easpa foirne le Gaeilge go bhfuil sé níos deacra ag saoránaigh teacht ar sheirbhís phearsanta trí Ghaeilge ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís a bhíonn ar fáil trí Bhéarla (An Coimisinéir Teanga, 2012).

Is ceist lárnach agus, go deimhin, conspóideach in amanna í inniúlacht Ghaeilge a bheith luaite le poist. I gcomhthéacs na scéimeanna teanga agus caighdeán agus soláthar seirbhísí Gaeilge a sholáthraítear á meas, tá sé maíte ag an gCoimisinéir Teanga go ‘léiríonn taithí idirnáisiúnta go bhfuil cláir traenála “on the job” thar a bheith costasach agus nach n-éiríonn leo go hiondúil’ (Gaelscéal, 2012).  De bharr go bhfuil cúlra reachtúil ag an nGaeilge in OÉ Gaillimh agus traidisiúin de shainchúrsaí, ranganna agus an Dioplóma sa Ghaeilge ag leibhéil éagsúla á dtairiscint do chomhaltaí foirne na hOllscoile, sonraíodh i gcéad scéim teanga OÉ Gaillimh:

Soláthraíonn an Ollscoil cuid mhór seirbhísí cheana féin trí Ghaeilge nó go dátheangach ach d’fhonn léargas níos mine a fháil air seo rinneadh suirbhé ar gach Roinn/Aonad/Oifig riaracháin agus acadúil san Ollscoil ag tús na bliana 2005. Nuair a rinneadh anailís ar thorthaí an tsuirbhé, chonacthas don Ollscoil go bhfuil ag éirí go maith léi cheana féin seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge sna príomhréimsí agus léiríodh freisin na réimsí  dá gcaitear pleanáil a dhéanamh chun an soláthar seirbhísí trí Ghaeilge a fheabhsú (OÉ Gaillimh, 2005: 14).

Is é an rud is tábhachtaí maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge go dtuigfeadh an custaiméir go bhfuil seirbhísí Gaeilge ar fáil agus go bhfuil rogha aige/aici.  Is pointe é seo a shonraítear go beacht sa lámhleabhar oiliúna a eisíodh i dtaca le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ‘Is cuid riachtanach d’ardchaighdeán seirbhíse do chustaiméirí é rogha teanga a thairiscint’ (NIDEOG, 2007: 29).

Maidir le caighdeán na seirbhísí Gaeilge in OÉ Gaillimh, luaigh 23% go raibh siad an-sásta leis an tseirbhís agus mhaígh 54% go raibh siad sásta leis an tseirbhís.  Níor shonraigh ach 2% go raibh siad míshásta leis an tseirbhís Ghaeilge.  Is teistiméireacht í sin ar an obair atá déanta go dáta ag an Ollscoil maidir le cúrsaí Gaeilge a sholáthar do bhaill foirne na hOllscoile ach aithnítear chomh maith, áfach, go gcaithfear an phleanáil chuí a dhéanamh ionas go mbeadh soláthar agus ardchaighdeán seirbhísí Gaeilge ar fáil sna hidirghníomhaíochtaí laethúla duine ar dhuine sna príomhoifigí agus sna rannóga is mó teagmhála le pobal Gaeilge na hOllscoile.  I dtaca leis sin, in OÉ Gaillimh, tá an Coiste Seasta um Cháilíocht Teanga ceaptha chun cúram a dhéanamh do phoist a bhfuil cáilíocht sa Ghaeilge luaite leo. Sonraítear i Reacht CCXCVI OÉ Gaillimh go bhfuil an coiste seo freagrach as:  

2.-(12)cinneadh agus doiciméadú a dhéanamh i leith gach poist a mbeidh inniúlacht ar a dhualgais a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge ina cáilíocht riachtanach le bheith ceaptha ann, ar an gcaighdeán sonrach inniúlachta sa Ghaeilge is gá le dualgais an phoist sin a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge, agus as nósanna imeachta a cheapadh le measúnú a dhéanamh ar an inniúlacht sin (OÉ, Gaillimh, 2007: 11).

 

6. Moltaí

I bhfianaise na dtorthaí ar Rannóg C, D agus E a léiríodh sa suirbhé seo mar aon leis na moltaí a sonraíodh i dtuairiscí an Aonaid Iniúchta, is léir go gcaithfear an Tairiscint Ghníomhach a chur i bhfeidhm ionas go ndéanfaí an freastal cuí ar phobal Gaeilge na hOllscoile.  Tháinig sé chun cinn i moltaí an tsuirbhé ‘Ba chóir go mbeidh níos mó fógraíochta déanta fá choinne na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge, go háirithe ar “Concourse” agus sna háiteanna eile ar fud an choláiste seachas Áras na Gaeilge amháin’.  Sonraíonn Ó Giollagáin gur tábhachtaí  i bhfad díriú go sonrach ar shainriachtanais na gcainteoirí Gaeilge in áit a bheith ag díriú go príomha ar rialacháin a bhaineann le comharthaíocht: ‘Tuigtear go forleathan gur cinniúnaí beartas ar son cainteoirí ná íomhá chorparáideach dhátheangach comhlachtaí leath-Stáit agus codanna eile den státchóras.’ (2012: 46).  Tá sé follasach ó na torthaí dá mbeadh an tairiscint ghníomhach i bhfeidhm agus an tseirbhís Ghaeilge a sholáthrófaí a bheith ar fáil go héasca, go leanúnach agus í a bheith ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís a sholáthrófaí trí mheán an Bhéarla, go mbeadh níos mó muiníne ag pobal na Gaeilge seirbhís Ghaeilge a éileamh agus a úsáid agus go mbrisfí ‘an seanchleachtas’ a luann Walsh (2007) maidir le nósmhaireacht an phobail Ghaeilge dul i muinín an Bhéarla agus iad ag déileáil leis an stát.   

I dtaca le moladh na tairisceana gníomhaí, ba chóir go mbeadh tosaíocht straitéiseach ag an nGaeilge i bpleananna straitéiseacha agus earcaíochta na spriocrannóg in OÉ Gaillimh. Chinnteodh an tosaíocht seo go ndéanfaí an phleanáil cheart, go gcuirfí na beartais chuí i bhfeidhm agus go mbeadh seirbhísí Gaeilge ar fáil ar bhonn leanúnach sna spriocrannóga de réir mar a thiocfadh folúntais chun cinn nó dá mbeadh dualgais oibre na foirne ag athrú. I bhfianaise thorthaí an tsuirbhé maidir le heolas agus tuiscint na rannpháirtithe ar an Acht agus ar Scéim OÉ Gaillimh, ba chóir tús a chur le feachtas poiblíochta maidir leis na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil faoin Acht agus faoin scéim in OÉ Gaillimh.  Bheadh sé inmholta ceardlanna eolais agus oiliúna  a reáchtáil do mhic léinn agus d’fhoireann na hOllscoile araon i dtaca le cur chuige na tairisceana gníomhaí, seirbhísí Gaeilge eile agus campas eiseamláireach dátheangach OÉ Gaillimh.  Chuideodh sé seo go mór le feiceálacht agus le láithreacht na Gaeilge a bhisiú ar an gcampas.  Is cur chuige é seo atá luaite go sonrach i scéim teanga Ollscoil Cardiff don fhoireann agus do na mic léinn ach go háirithe:

The Head of the University’s Welsh Language Services works closely with the Students Union to provide a session on language and cultural awareness within the orientation programme for new students to the University.  This will be offered to students at the beginning of each academic session(Cardiff University, 2004: 13).

Is léir gur easpa fógraíochta ar an scéim agus ar na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil is cúis leis an tuairimíocht nach bhfuil éileamh agus nach bhfuil fáil ar sheirbhísí Gaeilge in OÉ Gaillimh.  Tá an tairiscint ghníomhach riachtanach má tá muinín phobal na Gaeilge in OÉ Gaillimh le cothú sna seirbhísí Gaeilge a ghealltar dóibh faoi scéimeanna teanga na hOllscoile agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

6.1  Focal Scoir

Is tréimhse an-chinniúnach í seo d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus do chóras na scéimeanna teanga. Táthar fós ag fanacht ar thorthaí an athbhreithnithe a fógraíodh ar an Acht in 2011 agus ní fios go fóill an gcónascfar Oifig an Choimisinéara Teanga le hOifig an Ombudsman.  Sheol OÉ Gaillimh an dara scéim teanga go hoifigiúil ar an 16 Aibreán 2013.  Tá na moltaí a d’eascair ón suirbhé seo agus ó obair an Aonaid Iniúchta mar chuid lárnach de bheartais an dara scéim teanga. Táthar ag súil gur ag forbairt agus ag treisiú a bheidh an tairiscint, an soláthar, an úsáid agus an t-éileamh ar na seirbhísí Gaeilge in OÉ Gaillimh le linn an dara scéim teanga (2012-2015).

 

[1]Tá an taighdeoir ar dhuine de na Feidhmeannaigh Theanga thuasluaite.

Leabharliosta: 

Leabhair, Tuairiscí, Ailt

Bhreathnach, A. (2010) Blas ar an mbeagán?: Staidéar ar chreideamh teanga mhic léinn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2009-2010.  Tráchtas MA neamhfhoilsithe, OÉ Gaillimh.

Denscombe, M. (2010)  The Good Research Guide for Small-Scale Social Research Projects (4ú heagrán). Maidenhead: Open University Press.

Grin, F. (2003) Language Policy Evaluation and the European Charter for Regional or Minority Languages.  Hampshire: Palgrave Macmillan.  

Leonach, C., Ó Giollagáin,C., agus Ó Curnáin, B. (eagarthóirí.) (2012) An Chonair Chaoch: An Mionteangachas sa Dátheangachas.  Indreabhán: Leabhar Breac.

McGinley, B. (2012) Idé-eolaíochtaí agus Cleachtas Teanga na Mac Léinn i leith Seirbhísí Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Tráchtas MA neamhfhoilsithe, OÉ Gaillimh.   

NIDEOG i gcomhar le Foras na Gaeilge. (2007) Lámhleabhar Oiliúna do Chomhlachtaí Poiblí i dtaca le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Treoir Phraiticiúil chun cur le Scileanna agus Cumas na gComhlachtaí Poiblí. Baile Átha Cliath

Ó Catháin, L.S. (2007) ‘Language, Law and Governance: An Irish Perspective’ I: Williams, C.H., (eag). Language and Governance, Cardiff. University of Wales Press, 305.

Ó Coisdealbha, C. (2011)Tuairisc Faireacháin ar an séú bliain feidhme de Scéim Teanga Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tuairisc neamhfhoilsithe. An Spidéal. Oifig an Choimisinéara Teanga.  

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. (2012) Scéim Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2012-2015 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Gaillimh: OÉ Gaillimh.

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. (2009) Plean Straitéiseach do OÉ Gaillimh 2009-2014. Gaillimh: OÉ Gaillimh. 

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. (2008) Tuairisc ar Oifig an Uachtaráin maidir le soláthar seirbhísí dátheangacha. Tuairisc neamhfhoilsithe, OÉ Gaillimh.   

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. (2007) REACHT CCXCVI.  Gaillimh: OÉ Gaillimh.

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. (2006) Tuairisc ar Leabharlann Shéamuis Uí Argadáin maidir le soláthar seirbhísí dátheangacha. Tuairisc neamhfhoilsithe, OÉ Gaillimh.   

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. (2005)  Scéim Ollscoil na hÉireann, Gaillimh 2005-2008 faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Gaillimh: OÉ Gaillimh.

Ó hIfearnáin, T. (2006)  ‘Beartas Teanga’. Ó Cearúil, M., (eag).  An Aimsir Óg.  Baile Átha Cliath: Coiscéim, 1-28.

Rigg, C., Ó Laoire, M., & Georgiou, V. (2010) Léargas ar Phróisis an Bheartais: An tAcht Teanga Oifigiúil (2003). Tuarascáil Taighde. Trá Lí: Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí.

Walsh, J. (2013) Language Legislation and Language Ideology in Ireland: a case-study. Le foilsiú.

Walsh, J. (2013) ‘Pushing an open door? Aspects of language policy at an Irish university’.  Vihman, V.-A. and Praakli, K. (eagarthóirí.) Language and Identity in a European Context. Bern: Peter Lang.

Walsh, J., & McLeod, W. (2011) ‘The implementation of language legislation in Dublin and Glasgow’. Kirk, J.M. & Ó Baoill, D.P. (eagarthóirí.), Sustaining Minority Language Development: Northern Ireland, the Republic of Ireland, and Scotland. Belfast: Cló Ollscoil na Banríona, 156-75.

Walsh, J. (2011) ‘Fál ar an nGort tar éis na Foghla? Athneartú na Gaeilge agus Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003’. Bliainiris, 10, 88-130.

Walsh, J. & McLeod, W. (2008) ‘An overcoat wrapped around an invisible man? Language legislation and language revitalisation in Ireland and Scotland’. Language Policy, 7 (1), 21-46.

 

Foinsí Leictreonacha

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, 2013.  An tSeirbhís Aistriúcháin.  Ar fáil ar líne ag: http://www.acadamh.ie/seirbhisi_ar_line/seirbhis_aistriuchain.html(léite: 19 Márta 2013).

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, 2004. Treoirlínte faoi Alt 12 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Ar fáil ar líne ag:   http://www.ahg.gov.ie/ie/AnGhaeilge/AchtnadTeangachaOifigiula2003/TreoirlintefaoiAlt12dAchtnadTeangachaOifigiula2003/Guidelines.pdf (léite: 12 Márta 2013).

Cardiff University, 2004. Welsh Language Scheme. Cardiff: Cardiff University.  Ar fáil ar líne ag: http://www.cardiff.ac.uk/welshlanguageservice/(léite: 20 Aibreán 2013).

Ó Broin, C. (2012) ‘Beag Costas leis an Acht Teanga de réir na saineolaithe’. Gaelscéal, 18 Eanáir, 7. Ar fáil ar líne ag: http://edition.pagesuite-professional.co.uk/launch.aspx?eid=68006a34-081f-4b27-870c-d3f510c0e20d&skip=true (léite: 19 Márta 2013).